Cé a sheasfadh i dtoghchán?

Mairtín Ó Muilleoir ar chamchuairt a thoghcheantar nua le déanaí - b'fhearr do gan bacaint leis an fógra saor in aisce do Starbucks agus gnó a thabhairt do chaifé dúchasach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach!

Tá sé ina scéal nuachta ar Nuacht 24, ar an mBBC agus ar an Andersonstown News – agus ar na meáin eile is dócha – go bhfuil Máirtín O Muilleoir tar éis a ainm a chur chun tosaigh d’ainmniúchán Shinn Féin i gceantar Bhalmoral i ndeisceart Bhéal Feirste i dtoghchán Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste.     Bhí sé ina chomhairleoir theana féin – agus nach aerach an Chomhad Chomhairleora a bhí ag an Muilleorach – ach tá na blianta caite aige ag togáil ghnó Grúpa Mheáin Bhéal Feirste.    Is iomaí uair a chuaigh sé sa bhearna baoil lena chuid airgid féin – le Lá, le Daily Ireland agus anois leis an Irish Echo – agus táimse buioch as sin. Nuair a chuaigh sé sa bhearna baoil roimhe seo, ba é a bheatha agus beatha a chlann a raibh i gcontúirt nó bhíodh na dílseoirí ag iarraidh a leithéid a mharú an uair úd. Bhí a theach leathscoite i gceantar na bhFal níos cosúla le dún ná tigh clainne.

Is cinnte gur maith an rud é go bhfuil leithéidí Máirtín Ó Muilleoir sásta dul ar ais sa bhearna bhaol pholatúil – cé go bhfuil an dainséar ó na dílseoirí laghdaithe má tá sé imithe i dtreise ó na h-easaontóirí – tar éis do an oiread a bhaint amach is atá bainte amach aige i gcúrsaí gnó.

Tá na meáin – Eaglais ár linne – lán le daoine barrthabhachtacha atá ag iarraidh stiúr a chur ar an dtír. Chuala mé Fintan O’Toole, an Saoi gan locht, ag caint ar an raidió inné.  An rud a dúirt sé nuair a cuireadh an cheist air seasamh don Dáil, nár mhaith leis criochnú mar chúlbhínseoir agus go dtarlódh an rud ar thárla do George Lee do féin.

Ní theastaíonn ó leithéidí FOT, árdshagairt na meáin,  bheith ag freastal ar shocraidí agus ag deisiú cúl bhóithre is a léithéid. Go deimhin ba mhaith leo bheith sa Dáil ach nior mhaith leo a lámha a sailiú le cúrsaí toghcháin. Ba mhaith leo bheith tofa de réir Chóras an Liosta. De réir mar a mhéadódh ceatadán tacaíochta an pháírtí sa fíor toghchán, thoghfaí níos mó ó liosta an pháírtí sin agus, dár ndóigh, bheadh leithéidí FOT ar bharr an liosta.

Anois cuirim seo i gcomparáíd le cur chuige Uí Mhuilleoir. Tá sé ag cur a ainm sa chró dá pháírtí – agus fagfaidh mé mo dhearcadh i leith a pháirtí ag an doras an uair seo – chun seasamh i dtoghchán Comhairle Cathrach. Cheapfá, fán dtrath seo, go mbeadh a leithéid ag fánacht ar shuíochán Westminster Gerry A seachas bheith á chrá féin le na cosáín i mBalmoral agus leis an bhfadhb ollmhór maidir le madraí agus a bhfagann siad ina ndiaidh i bPáirc Ormeau.

Tá sé sin neamh choitianta. An bhfuil plean ann go mbeidh Máirtín ina ard mhéara ar Bhéal Feirste – nach deas an díoltas é sin ar leithéidí Sammy Wilson agus Rhonda Paisley – agus go mbeidh sé ina Bhall Tionóil ina dhiaidh sin agus, cá bhfios, ina Aire Cultúr?

Guím gach rath air ina chuid iarrachtaí ach sílim gur mór an trua é go bhfuil sé ag seasamh do pháirtí atá tar éis droch úsáid a bhaint as agus a thabhairt don Ghaeilge. Ní doigh liom go bhfeiceann MOM an scéal sa tslí ceanna a fheicimse é – nó dá bhfeicfeadh rithfeadh sé céad míle ó pháirtí a fhéadfadh droch úsáíd a bhaint as féin.

Agus sinn ag caint ar iarrthóirí do Shinn Féin atá gaol acu le nuachtán, an mbeidh Trevor O Clochartaigh ag seasamh in Iarthar na Gaillimhe do Shinn Féin san Olltoghchán atá le teacht?  Nó an bhfuil scoilt eile tarluithe sa pháirtí sin?

2 thuairim ar “Cé a sheasfadh i dtoghchán?

  1. Ping: Tweets that mention Cé a sheasfadh i dtoghchán? « iGaeilge -- Topsy.com

  2. Lúcas Ó Callanáin

    Caithim a rá ní féidir liom aontú leatsa a Choncubhar. Samhlaítear dom go n-oibríonn SF go dícheallach ar son na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud na tíre.

    Mar shampla, chuir Críona Ní Dhálaigh (Comhairleoir SF i mBÁC) an rún ar aghaidh i bhfabhar polasaí ainmnithe nua do Cathair Bhaile Átha Cliath – a bhí glactha í Mí na Nollag, 2009 – ag cinntiú go mbeadh ainmneacha Gaeilge ar eastáit tithíochta nua agus go mbainfidís le stair agus béaloideas áitiúil. Chomh maith leis sin, bhí Pearse Doherty (An TD úr nua) mar bhall den fo-coiste a thug moltaí don tuarascáil ar an straitéis fiche bliain don Ghaeilge. Tá go leor samplaí eile cosúil leis an tacaíocht a thugadh ón pháirtí do Rith 2010 agus an taifead Caitríona Ruane maidir leis an nGaeilge san Tionóil mar sin ní sílim go bhfuil sé cothrom le rá go bhfuil SF pairtí ‘atá tar éis droch úsáid a bhaint as agus a thabhairt don Ghaeilge’ ar chor ar bith.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s