Ait liom i ndiaidh na sceannairte…

Ba bheag ná raibh ar eolas againn i dtaobh Buiséad na bliana seo de bhrí go raibh an oiread san sceitheanna eolais roimh ré chun sinn a ullmhú don tua.

Fós féin, nuair a chloiseann tú an Aire Airgeadais ag maíomh go bhfuil rataí na n-iocaíochtaí leasa shoisialta i bhfad chun tosaigh ar an gcostas maireachtála agus, san anál chéanna, ní ghearrtar ach €10k suarach de thuarastal ollmhór na n-airí (tuairim is €190,000 in aghaidh na bliana) agus €14,000 de thuarastal an Taoisigh).

Is beag is fiú na giorruithe seo. Ar éigean go mbeidh na hAirí is an Taoiseach in oifig fada a dhothain chun tuarastal míosa a fháil nó beidh olltoghchán ann go luath. Ach chaill Brian O Luineacháin, an Aire Airgeadais is measa san Eoraip dar leis an Financial Times, an deis beart siombalach a dheanamh agus uas-thuarastal €100,000 a chur i bhfeidhm ar Airí Rialtais, Stat Seirbhísigh sínsireacha is ceannasaithe na n-eagras leath stáit.

In áit sin tá geallúint nach fiú é an phaipéar nó an phár idirlín ar a bhfuil sé scríofa go bhféachfar chuige go n-ísleofar tuarastal cheannasaithe an Bhoird Gháis, BSL agus RTÉ faoi bhun €250,000 in aghaidh na bliana in ‘am réasúnta’. Féach go mbainfear airgead dóibh san atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shoisialta nach mór laithreach, i mbéal na Nollag, ach de bharr deacrachtaí chonartha, ní tharlóidh sé do na boic mhóra go dtí Lá Pilib a Chléite.

Maidir le cúrsaí Ghaeilge agus Ghaeltachta, de réir mar a bhí tuartha, is sceannairt atá ann seachas i gné súntasach amháin:

Is é seo an buiséad atá curtha ar fáil do chúrsaí riaracháin na Roinne – is cosúil go bhfuil miniú i gceist. An é go bhfuil an ardú seo ann de bharr go bhfuil airgead sa bhreis á chur ar leataobh don chúram breise, cúrsaí chomhionannais, nó an bhfuil cúis eile leis.

Tá méadú 15% ar chostaisí riaracháin na Roinne - agus méadú 111% ar chostaisí chomhairleoirí

Is fiú súntas a thabhairt do na h-arduithe ar chúrsaí tuarastail, cúrsaí cothabhála agus chaiteachas ar chomhairleoirí is a leithéid. Is mór an méid go bhfuil aon ardú ar seo d’aon tsort – nuair a chuireann tú san áireamh go raibh bás na Roinne seo tuartha roimhe seo. Seo aiseirí a bheadh Lazarus in éad leis.

Maith go leor. Cad atá ag titim amach ar an dtalamh, i measc na n-aisínteachtaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn agus an Ghaeltacht a chaomhnú?

Tá laghdú 42% ar chaiteachas Gaeltachta agus ísliú aon trian ar mhaoiniú na Gaeilge

Maidir le TG4, tá laghdú de €500,000 san iomlán ar bhuiséad TG4. Síos ó €34.05m go dtí €33.55m. Beidh €6.2m ag teacht ón gciste ceadúnais.

Seo iad na laghdaithe a chuireann chun báis an Plean 20 Bliain don Ghaeilge, dar liom. Fiú má shéantar an mhaíomh sin, níl a fhios agam conas a bheifear ag súil le h-aon dul chun cinn ar an bplean seo agus laghdaithe á dhéanamh ar an maoiniú. Nuair a fhoilseofar an phlean i gceann seachtaine, ní bheidh ann ach geamaireacht.

Nílim a rá nár cheart ciorruithe a bheith ann. Ach is cosúil gur thit an tua san áít mícheart….

Mar a dúirt Ó Direáin ina dhán gadscaoileadh….

Gad ar ghad do scaoilis uait
Anuas má ghearrais díot é
Ait liom i ndiaidh na sceannairte
Más tú atá ann ach iarlais.

6 thuairim ar “Ait liom i ndiaidh na sceannairte…

  1. Ping: Tweets that mention Ait liom i ndiaidh na sceannairte… « iGaeilge -- Topsy.com

  2. Seosamh Beirgin

    A Mhic Uí Liatháin, a dhuine uasail, tá a fhios agam nach bhaineann sé seo leis an ábhar faoi chaibidil ach an ndéanfá tú gar dom? An bhfaighfá tú réidh leis an diabhal sneachta “leictreonach” sin atá á húsáid agat ar an suimh le roinnt laethanta anuas? Tá sé níos measa ná aon buiséad.

    Freagra
  3. Guth na Gaeltachta

    A chairde,

    Coimriú:
    Cé go bhféadfadh sé bheith i bhfad níos measa da nglacfaidh le moltaí an Bord Snip Nua (réiteach a fháil dén Roinn, curaimí fiontraíochta an Údaráis, na scéimeanna Gaeltachta uilig, COGG agus araile), tá sé deacair feiceail cén áít a bhfuil an tiomantas ag dul a theacht as do chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá breis dualgais beartaithe don Údarás faoin Straitéis ach tá laghdú mór ar a bhuiséad. Tá muid thar a bheith imníoch faoi thodhchaí churaimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta de bharr an ciorradh mór sa chiste caipitil do chruthú fostaíochta. Mar i gcéanna, ta laghdú sunntasach ar mhaoiniú na heagraíochtaí pobail. Fágann seo an cheist, cé atá ag dul a thiomaint an Straitéis?

    Príomhphointí:

    1. Caiteachas Gaeltachta agus Oileáin=laghdaithe 42%
    Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas iomlán Gaeltachta agus Oileáin ó EUR112M i 2007 go dtí EUR40M do 2011(féach thíos). Ba é an rud a bhí molta ag an Bord Snip Nua i 2009 nó an caiteachas a ísliú go dtí EUR36M agus tá muid beagnach ag an figiúir sin anois do 2011.

    2011 = EUR40milliúin
    2010 = EUR69milliúin
    2009 = EUR86milliúin
    2008 = EUR105 milliúin
    2007 = EUR112milliúin

    2. Curaimí Fiontraíochta Údarás na Gaeltachta
    Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas caipitil(ciste fiontraíochta/cruthú fostaíochta) an Údaráis thar an tréimhse céanna(féach thíos). Níl aon dabht ach go gciallaíonn seo go mbeidh tuilleadh ísliú ar líon na bpostanna a bhéas an Údarás ag cruthú sa Ghaeltacht i 2011 agus go dtabharfaidh sin armlón doibh siúd sa Státchóras atá ag iarraidh na curaimí fiontraíochta a bhaint dén Údarás agus a aistriú go Fiontair Éireann.

    2011 = EUR6 milliúin*
    2010 = EUR15milliúin**
    2009 = EUR19milliúin
    2008 = EUR22.5 milliúin
    2007 = EUR22.5milliúin
    * Tá an Roinn ag maíomh go bhfuil EUR4.2milliúin sa bhreis ar seo ag an Údarás i mbliana de bharr scaranna a dhíol siad anuraidh ach tá an dainséar laidir ann go mbeidh an chead Rialtas eile ag úsaid an EUR6Milliúin seo mar shlat tomhais do bhuiséad 2012. Tá an Roinn ag rá chomh maith go mbeidh thart ar EUR2M sa bhreis ar seo chomh maith mar gheall ar dhíolaocht socmhainní i 2011 ach níor cuireadh sin san aireamh aon bhliain i gcainfhaisnéisí eile agus mar sin, ní féidir bheith a thabhairt san aireamh anois le comparaid ceart a dhéanamh.
    ** Tá EUR3milliúin sa bhreis curtha ar fáil ag an Roinn i 2010 don Údarás le riaraistí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a ghlanadh, sin an fath go bhfuil an figiúir seo ag EUR18 milliúin sa chainfhaisnéis.

    3. Comharchumainn/Naíonraí/Óige na Gaeltachta
    Tá laghdú EUR600,000 san allúntas seo i mbliana i gciste reatha Údarás na Gaeltachta, rud a chiallaíonn go bhfuil laghdú de beagnach EUR1milliúin nó 20% ar seo le dha bhliain anuas. Léirigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Padraig Ó hAoláin míshuaimhneas laidir i leith na ciorruithe seo ach go háirithe ar 7 LÁ areir rud a thugann le fios go bhfuil brú ollmór ar acmhainní don réimse pobail seo cheana féin.

    4. Scéimeanna Gaeltachta
    Tá laghdú 9% nó EUR800,000 déanta ar an réimse seo ach níl aon briseadh síos tugtha ar na scéimeanna éagsúla go foill ach amháin i bpreasraitis an Aire go ndéir sé go bhfuil ciorraithe 5% ar na Mná Tí nó Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

    5. Eile
    *
    Beidh laghdú 2.6milliúin nó 36% ar Chiste na Gaeilge.
    *
    Beidh laghdú 16% ar Oifig an Chomisinéire Teanga.
    *
    Níl ach laghdú 1% ar bhuiséad TG4 ach go mbeidh sciar níos mo ag teacht ó RTÉ in áit ón chiste Stáit.
    *
    Níl aon sonraí tugtha faoi COGG.
    *
    Dúirt an tAire go bhfuil EUR1.5milliúin curtha i leataobh don Straitéis 20 Bliain ach ní fios cén áit a bhfuil sin san aireamh sa chainfhaisnéis.
    *
    Laghdú sunntasach ar an allúntas do na haerfoirt réigiúnda.

    le meas,

    Éamonn Mac Niallais
    Urlabhraí
    Guth na Gaeltachta
    087 6387468
    eolas@guthnag.com
    http://WWW.GUTHNAG.COM

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s