Samhlaím go mbeidh athchumadh á dhéanamh ar thírdhreach pholatúil na tíre seo sna blianta atá romhainn. Agus é sin ar aigne agam, ba mhaith liom tús a chur le machnamh ar chuma is ar chomhdhéanamh cúrsaí pholatúla taréis an Ollchrith (toghchán) san Earrach.
Mar thoradh ar an bplé a bhí againn le cúpla lá anuas ar thitim na pingine, agus mar fhreagra ar chomórtas Ronáin Mhic Aoidh Bhuí ar RnaG, ba mhaith liom páírtí nua a mholadh, páirtí na féin leasa, comhnascadh idir mháistrí na tréithe sin, Fianna Fáil agus Sinn Féin.
Leanfar leis an bplé seo sna laethannta romhainn
Seo chugainn….Fianna Féin.
Nó bfhéidir “Sinn fail!” gan an síne fada! Teip glán?
ASG!
So míníonn sin an fáth go bhfuil Máirtín Ó Millionaire chun seasamh dóibh arís do Chomhairle Bhéal Feirste.
Níl a fhios agam an bhfuil sin fíor, a Shéamuis. Bhí fonn orm do theachtaireacht a bhaint mar nár theastaigh uaim dul i mbaol clúmhillte ach creidim go bhfuil cúramaí go leor ar an bhfear atá tú ag caint air gan é bheith ag dul ar ais sa pholataíocht. Is cinnte go mbeadh sé fiúntach murar dhein sé ach cúpla leabhar eile a fhoilsiú, leithéidí Holy Cow Sin Ceann Mór nó Ceap Cuddles – ach neosfaidh an aimsir.
feicim go bhfuil na trachtairí “balaclava” beo i gcónaí ar do bhlag a Choncubhair agus iad ag scaoileadh as cúl claí. “an té atá gan uchtach ní foláir dó a bheith i bhfolach”
“ó Muilleoir to seek SF City Council nomination” (Andersonstown News, Monday 6th of December 2010)
Céard faoi “Sinne Fianna Fáil” nó “Sinne Féin Fianna Fáil”? nó b’fhéidir “Cé Sinne?”
Molaim Máirtín Ó Muilleoir as dul ar nais sa bhearna baoil mar seo cé nach bhfuil aon am agam do Shinn Féin. Tá gá le níos mó daoine cosúil le Máirtín sa saol phoiblí, cuma an aontaim leis nó nach n-aontaim leis ó thaobh a léargas pholatúil. Ní doigh liom gur fear é MÓM a chuireann am amú ag comhaireamh a chuid airgid – is cinnte gur chuir sé slí beatha ar fáil domsa agus do go leor eile i gcaitheamh na mblianta agus táim buioch as sin.
SFFFIMF an tainm a thabharfadh mise ar an phairtí nua, sean taithí ag SF ag rabáil bancanna agus taithi nua ag FFIMF ar bancanna ag robáil na cosmhuintire le tacú FFIMF.
Canaigí le chéile anois:
“Sinne S(FF)- Atá fé gheall ag IMF”
B’fhéidir go raibh taithí maith agat féin le Máirtín a Chonchubair ach ní mar sin a bhí sé dá fhostaithe go léir. Ní mheasaim go bhfuil caibidil ar chearta oibrithe le sonrú i Gnó gan Stró.
Bhí taithí maith agam ó thaobh an ghnó a rinne mé le Máirtín, a Shéamuis. Seans go bhfuil aithne agat ar dhaoine ná raibh an taithí céanna acu.
Maidir le gnó gan stró, táim cinnte go bhfuil Máirtín den
tuairim gur cheart aire mhaith a thabhairt dá oibrithe ar an mbonn gur fearr an seans go saothróidh siad go maith ar do shon agus go bhfanfaidh siad leat. Ceist measa atá ann seachas ceist cearta. Ar aon nós níl fonn orm dul níos faide ag diospóireacht dea thréithe (nó a mhalairt) aon duine anseo. Sílim go bhfuil go leor ráite ar an gceist.