Nuair a thitfidh an phingin…

Ní gá aistriúcháin chun an ‘cartún’ seo a thuiscint.  Buiochas le Fianna Fáil as ucht an méid atá déanta acu ar son dea íomhá na tíre a fhógairt ar fuaid an domhain!

Rith sé liom le cúpla lá anuas go raibh seift íontach toghchánaíochta aimsithe ag an bpáírtí don Olltoghchán.    Ag léamh dom an phacaiste a bheidh ar fáil, is cosúil, don Aire Dlí agus Cirt, Dermot Ahern, nuair a eireoidh sé as, tuairim is €320,000 sa chéad bhliain agus €125,000 sa bhliain ina dhiaidh sin, tá sé soiléir.

Tá sé ró dhaor sinn a chur ó dhoras!   Tá sé níos saoire sinn a fhagaint i gcumhacht.

Is léir [http://www.rte.ie/news/2010/1202/politics.html] nach bhfuil an teachtaireacht sin tuigthe ag an bpobal go fóill ach nuair a thitfidh an phingin, cá bhfios cad a tharlóid.

Feicim todhchaí ina mbeidh Fianna Fáil agus Fianna Fáíl Lite (AKA Sinn Féin) sa bhfreasúra le cheile go ceann tamaill.

13 de thuairimí ar “Nuair a thitfidh an phingin…

  1. Dubhfholtach

    Tuigim nach bhfuil tú báúil le Sinn Féin, ach is áiféis amach is amach é iad a chur i gcomparáid le Fianna Fáil, agus “Fianna Fáil lite” a bhaist orthu! Go hidé-eolaíocht ó thaobh polaitíochta agus dearcadh eacnamaíochta de táid ar an taobh eile den speictream ó Fhianna Fáil.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Bhí trath ann go bhféadfá a rá go raibh siad ar an dtaobh éagsúil – ach níl sin amhlaidh anois. Tá sé léirithe ag SF ó thuaidh go luífidh siad le h-aon seana mhadra. Ag an olltoghchán deireannach bhí SF ag briseadh na gcosa chun a bheith i gcumhacht le FF.

    Is é cumhacht an t-aon idéolaíocht atá ag SF, dar liom. Déanfaidh is déarfaidh siad rud ar bith chun cumhacht a bhaint amach. Ach nuair atá sé bainte amach acu, níl aon rud difriúil á dhéanamh acu seachas mar a dhéanfadh aon pháírtí den bhuainíocht, rud atá léirithe acu ó thuaidh.

    Is cur i gcéil agus ceap magaidh a bheith ag caint faoi SF bheith ar aon dtaobh den speictream pholatúil – seachas iad a bheith ag tabhairt aire dóibh féin agus dá mbaill.

    Rud eile ar tugadh faoi ndeara gur a gcáirde féin a cheapann siad ar bhoird is ar quangoes, fiú nuair nach mbeadh na daoine sin cálithe don chúram sin. Ní chúlóidh mé leath órlach ón ráiteas gur ionann Sinn Féin agus Fianna Fáíl Lite. Níl idir an pháírtí ach 50 bliain….

    Freagra
  3. Ping: Tweets that mention Nuair a thitfidh an phingin… « iGaeilge -- Topsy.com

  4. igaeilge Údar an Ailt

    Rud eile, a Dhubhaltaigh: cá mheasann tú go bhfuil SF ag fáil na vótaí seo le déanaí ach ar iasacht ó Fhianna Fáil. Sílim go bhfuil sé soiléir go bhfuil gaol athair mhór – gar mhac idir FF agus SF/FF Lite.

    Freagra
  5. Dubhfholtach

    Níl d’fhadhb le Sinn Féin, per se, ach leis an gcóras?
    Sin mo léamh de.
    Gan amhras táid ag iarraidh cumhacht éigin a bhaint amach, ní féidir polasaithe a chur i bhfeidhm gan chumhacht.

    “gaol athair mhór – gar mhac idir FF agus SF/FF Lite.”

    Tá gaol poblachtachais eatarthu, agus is dóigh go n-aithneodh roinnt d’iarlucht tacaíochta Fhianna Fáil é sin.

    Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuilid cosúil lena chéile ná baol air…

    Níl le déanamh agat ach breathnú ar gach aighneachtaí réamhbhuiséid a bhí acu go deo, mar shampla.

    Is dóigh go bhféadfaí “An Páirtí Sóisialach Lite” a bhaist orthu, ach ní luíonn sé le ciall iad a ionannú le Fianna Fáil.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Tá an ghráin agam do SF mar gheall ar an ‘Tadhg an Dhá Thaobhachas’ a bhionn ar bun acu agus fimíneacht an pháirtí i leith na Gaeilge, athaontú na tíre agus go leor eile. Dar liom is ailse é an pháírtí i gcorp pholatúil na tíre – agus níl sé leis féin.

    Tá SF chomh gar de FF sa chur chuige seo nach fiú aon idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Déanfaidh ‘lite’ an ghnó go foill. Ní chreidfinn focal a scríobhfadh an pháirtí in aighneacht ar bith mar go gcreideann SF gur féidir leo rud ar bith a scríobh mar nach mbeidh siad i gcumhacht riamh ó dheas. Agus má bhionn, íontas na n-íontas, déanfaidh siad dearúd ar an méid atá scríofa, ná bíodh dul amú ort faoi sin.

    Freagra
  7. Mícheál Rua

    “Tá an ghráin agam do SF”

    I gcead duit nach gciallaíonn sé sin go bhfuil tú rud beag ro-chlaonta agus dallaithe chun fíor léargas a thabhairt?

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    SIn an sort chac nach dtaithníonn liom. Tá mo thuairim agam agus tá sé ós comhair an tsaoil. Níl siad i bhfolach agus is féidir le leitheoirí an tsúimh agus lucht pléite a bhreith féin a dhéanamh cé acu an bhfuilim ‘ró chlaonta’ nó ‘dallaithe’ chun ‘fíor léargas’ a thabhairt. Má chreideann tú san oibiachtúlacht iriseoireachta, creidfidh tú i rud ar bith. Tá roinnt muic eitleach agam ar mhaith liom díol leat. Níl rialacha ‘Marquis of Queensbury’ i réim anseo – is áit é seo chun tuairim a nochtadh seachas é a choimead faoi cheilt.

    Freagra
  9. seamus mac seain

    má’s fíor dona pobalbhreitheanna is iad Sinn Féin agus Fianna Fáil an freasúra a bhéas sa Dáil i gceann cúpla mí. Beidh móramh réasúnta ag FG agus LO a choinneoidh i gcumhacht iad ar feadh ceithre bliana ar a laghad. Beidh ar SF agus FF oibriú le chéile má tá siad le maith ar bith a dhéanamh sa chéad toghchán in dhiaidh sin. Ní shílim go mbeidh deacracht ag ceachtar páirtí comhoibriú le chéile. Is fada ó bhí “prionsabal” igcéist ag páirtí ar bith i nÉirinn diomaite dena “Sóisialaigh” agus gan fiú iad sin níor tástáladh i gceart ariamh iad. Is í an cheist atá ann an féidir le ceachtar páirtí sa fhreasúra nua mian mhuintir na hÉireann ar athrú radacach sa chóras polaitiúl a shásamh agus briseadh leis an sean mhúnla a bhí ann go dtí seo. Caithfidh mé a rá nár léirigh SF móran radacais go dtí seo agus iad i gcumhacht sna sé chondae. Ba ghasta iad socrú isteach mar chuid den bhunaíocht ó thuaidh agus go bhfuil siad ar a sáimhín só leis. An féidir leo athrú agus iad sa fhreasra ó dhéas? is féidir é ach ghlacfadh sé glúin nua óg le sin a thabhairt i gcríoch ach an bhfuil an sprioladh ionntú le dúshlán na ceannaireachta seanchaite a thabhairt? ní fheadar é.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Fáiilte romhat ar ais go iGaeilge, a Shéamuis. Chrónaigh mé thú ón bhforam seo le tamall.. Ar aon nós comhghairdeas leis an leabhar. D’aontóínn leat sa mhéid a deir tú ach caithfidh mé a rá gur beag mo shuim in SF faoi láthair. Tá rudaí eile ag titim amach ó dheas agus tá an saol anseo ag eirí spéisiúil.
    Léigh seo: http://newswhip.ie/national-2/second-republic-we-represent-the-consensus-that-reform-is-needed

    An t-aon rud a dhéarfaidh mé faoi, agus tá baint agam leis, go bhfuil sé dírithe ar an stat ó dheas amháin. Níl mé ar shon an chriochdheighilt sin – agus beidh mé ag iarraidh an cur chuige sin a ruaigeadh. Is amhlaidh go bhfuil muintir an deiscirt beagáinín crapaithe faoi lathair. Tá sé in am na fuinneoga a oscailt agus an solas a ligint isteach.

    Freagra
  11. johnmodonoghue@yahoo.ie

    a Choncubhair tá díoma arm ar do dhearcadh i leith FF aghus comhnascadh le SF san fhreasúrtha.Már éirigh le FF deireadh a chur le na PD`S agus na Glasaigh ní bheidh aon fadhb orthú deireadh a chur le SF, rud atá de dhith orainn go léir.

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh ba mhaith liom go mbeadh deireadh le Sinn Féin, mar atá sí anois, agus go mbeadh SF nua ann, agus FF Nua. Ní miste liom an éagsúlacht cé nach gá go mbeadh SF Nua nó FF Nua mar rogha agam.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s