€8m bainte de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta do 2011 – agus €8m eile le baint go fóill

Bionn sé deacair, uaireannta, bheith réasúnta nuair atá rudaí atá ag titim amach timpeall ort do phriocadh agus do ghriosadh chun feirge.   Ag léamh dom na sonraithe sa Phlean Náisiúnta Téarnaimh 2011-2014, tá achoimre i nGaeilge anseo, bhí sé deacair gan a thabhairt faoi ndeara gur ar an dream is boichte agus is leochaillí sa phobal a thit furmhór an ualach.  Rud amháin cinnte, is beag tuiscint a bheidh ag údair an Phleain seo ar an gcruatan – go dtí go mbeidh siad iad féin ar an dól.  Nara fada uainn an lá!

Deirtear linn go bhfuil an Rialtas ag déanamh na gcinntí crua seo ar mhaithe linn – agus go bhfuil siad sásta an éiric pholatúil a dhíol lá níos faide anonn.   Ná creid focal dá bplámás.

Fiú amháin má chailleann gach ball den Rialtas a shuíochán Dála, beidh ‘golden handshake’ ollmhór nó, mar a thugtar air ‘disappointment money’, á thabhairt dóibh.  Níl a fhios agam an féidir le daoine a votáil ar son Fianna Fáil bheith ag súil le litir beag donn sa phost le cúpla scilling ‘disappointment money’ ann dóibh!    Ar ndóigh níl a dhothain airgid ag an IMF fiú chun cúiteamh a dhéanamh ar an nduibheagán ina bhfuilimíd laindeáilte ag Bertie, Brian, Eamon agus a gcáirde go léir.

Sa phlean téarnaimh seo, tá ciorruithe beartaithe don Ghaeilge – laghdú de €6.2m a bheidh á chúiteamh, de réir dealraimh, ag RTÉ.  Dá gceapfainn go mbainfeadh RTÉ na tuarastail ollmhóra de na laithreoirí ‘móra’ atá acu chun an laghdú ar bhuiséad TG4 a chúiteamh, bhéinn leathshásta.  Ach ní tharlóidh sé, gearrfar TG4 ach beidh troid fada tréan ann faoin airgead a bheidh ag dul ó Chiste Cheadúnais RTÉ go TG4.

Gearrfar €2m de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta le cheile i 2011 – agus is é sin an bliain, is dócha, go mbeadh tús á chur le beartais na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm.  Sé sin mura raibh sa straitéis céanna ach seift chun sinn a chur ag caint faoi athbheochan na Gaeilge etc ar feadh scór bliain seachas rud ar bith dearfach a dhéanamh ar son na teanga.

Plean téarnaimh don tír – ní doigh liom é.  Mar a dúirt Jack O’Connor ó SIPTU ar an raidió – agus is mór an náire é nach bhfuil aon tuairisciú beo ar an mórimeacht seo ar RnaG nó TG4 nó suíomh idirlín Gaelscéal – is é seo an léarscáil chun na clochaoise.

Cinnte caithfear ciorruithe a dhéanamh – ach níl aon amhras ann go bhfuil an tua ag titim san áít micheart agus nach bhfuil sé ag titim ar chorr ar bith ar údair ár gcás ainnis.

6 thuairim ar “€8m bainte de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta do 2011 – agus €8m eile le baint go fóill

  1. Concubhar Ó Liatháín

    Deirtear liom go mbeidh clár speisialta ag Nuacht TG4 anocht, 45 noimead in áit leath uair a chloig.

    Freagra
  2. Ping: Tweets that mention €8m bainte de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta do 2011 – agus €8m eile le baint go fóill « iGaeilge -- Topsy.com

  3. Greavsie

    Typical leftie reaction. D’fhéadfainn do script a scríobh aréir. Cruatan, daoine bochta srl. Tá sé in am d’iriseoirí na Gaeilge giota cop on a léiriú faoin ngéarchéim airgeadais in áit rámhaillí frith-rialtais

    Freagra
  4. Concubhar Ó Liatháín

    Greavsie bocht, tá sé go léir mar gheall ar an Rialtas, dar leat. An Rialtas bocht, na h-airí bochta ar €200k+ sa bhliain móíde pinsean etc, an Taoiseach is daoire ar domhan agus seo an iomar aimiléise inar stiúraigh siad sinn. Iad san abea Maistrí an Gheilleagair ag an Olltoghchán dheireannach, iad san na daoine ar cheart iontaoibh a bheith againn astu – ach iad san i bhí i bhfeidhil an tí nuair a chuir a gcáirde ó Phobal Rasaí na Gaillimhe le tine é!
    Ní féidir go bhfuil géarchéim eacnamaíochta ann an féidir? Dá mbeadh fíor ghéarchéim ann, de bharr míchumas, mí éifeacht agus lofacht Brian agus Eamó is a gcáirde, nach mbeidís tar éis laghdú mór pá – síos go abair €100,000 a ghlacadh. Agus gan glacadh lena bpinsin go raibh siad in aois pinsin… Agus a ngluaisteáín féin a úsáid chun teacht agus imeacht ó Farmleigh is Teach Laighean. In áit sin tá dearcadh ‘let them eat cake’ acu mar a bhí ag Marie Antoinette. Bhuel tá’s cad againn cad ar tharla di! Lá an olltoghcháin, caillfidh Brian agus a cháirde a gcinn go polatúil.

    Cinnte tá giorruithe le déanamh ach is léir domsa gur chaill an tír seo an ceann – ie an Rialtas – le tamall fada. Mór an naire iad dá muintir agus don tír ar fad agus do na laochra a chuaigh rompu.

    Freagra
  5. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncubhair, aontaoim go huile is go hiomlán leat.Caithfear an phionós pholaitiúil a ghearradh ar FF san toghacháin i mí Fheabhra. Níl aon muinín agam faoin fhreasúra freisean ach caithfear deireadh a chur le FF, an caipitileachas chrony agus na hionadaithe neamhspleacha, muintir na “Reas” agus Lowry atá ag seinnt a phort féin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s