Giorruithe agus páirtí nua….

Anois go bhfuil an Rialtas tar éis a admháil go bhfuil siad, faoi dheireadh, ag lorg iasachta ón gCiste Idirnáisiúnta Airgeadais is ón gCiste Eorpach Seasmhachta, tá caint faoi na h-áiteanna a thitfidh an tua.

Ar na h-áiteanna a thitfidh an tua go luath, is cosúil, tá an íosráta phá.

Mr Lenihan welcomed comments yesterday from German Chancellor Angela Merkel and French President, Nicolas Sarkozy, on corporation tax and said ‘The rate is not on the agenda’.

He also said the minimum wage would have to be looked at.

‘It increased far beyond the rate of inflation’ over recent years, he said.

Is dócha go bhfuil sin ceart.  Ba cheart pionós a chur ar na glantóírí sna bainc agus sna oisbidéil is eile as ucht faillí na mboc mór, na bainisteoirí is na feidhmeannaigh mí fheidhmeacha.

Mo bharúil féin:  féach arís ar an uas-ráta phá – na tuarastail ollmhóra atá á n-íoc leis an dTaoiseach agus na Statseirbhísígh Sinsearacha, iad san a stiuraigh an státlong ar na gcarraigeacha, agus ísligh é sin.   De réir mar a thuigimse,  de réir gach dea chleachtas idirnáisiúnta, níor cheart go mbeadh an uasráta phá in aon chomhlacht níos mó ná deich oiread an íos ráta phá.  Ciallaíonn sin, dar liom, go mba cheart ná beadh aon polaiteoir nó aon stat seirbhíseach ag fáil níos mó ná €100,000 in aghaidh na bliana – sin deich n-oiread an €10,000 (€200*52) a fhaigheann ár bpinsinéirí.   Ní doigh liom go bhfuil aon locht ar €100,000 mar thuarastal.

Ar ndóigh chuirfí stop láithreach le pinsin aon iar aire atá go fóill ag obair, bíodh sé taobh amuigh nó taobh istigh den Dáil/Seanad/Oireachtas.  Is mó an tabhacht anois le deileail leis an eigeandáil seo ná bheith buartha faoi na ‘legitimate expectations’ a bhí ag na boic seo.

Mura ngearrann an tua ón mbarr anuas, ní bheidh aon ghlacadh le na giorruithe níos giorra don talamh.   Mura dtuigeann an Rialtas agus a gcuid leathbhadóirí sin anois, beidh daor orthu.

Agus rud eile dhe, na craoltóirí ‘seirbhise phoiblí’ atá le cúpla bliain ag seanmóireacht ó chúl na mícreafóin,  caithfidh siad san freisin fulaingt.   Arís níor ceart aon duine acu bheith ag saothrú níos mó ná €100,000.  Ní beag an méid sin – agus caithfear deireadh a chur laithreach leis an gcleachtas atá ag leithéidí Pat Kenny, Ryan Tubridy, Joe Duffy agus Marian Finucane, go bhfuil siad cláraithe ina gcomhlachtaí le gur féidir leo a dliteanas cánach a laghdú go sleamhain.  Mura mbionn siad sásta leis an socrú sin, ba cheart dóibh a seolta a ardú agus RTÉ a fhagaint is post a fháíl san earnáil phríobháideach….

Tá fonn orm pairtí pholatúil a thosnú agus é mar aidhm ag an phairtí sin an salachar sa saol pholatúil a ghlanadh. Is é sin an chéad tosaíocht d’ár bPoblacht Nua.   Ná bíodh dul amú orainn nó tá tús á chur le Poblacht Nua ar an lá inniu.  Beifear ag maíomh gurb é an IMF atá i bhfeidhil an tí – ach is féidir linn ceannas a choinneáil ach bheith stuama is fad radharcach.

An chead rud a chinnfeadh an pháirtí seo,  ní bheadh cead aige aon airgead a chaitheamh ar feachtais toghcháin.  Postaeir ar bith, fógraí nuachtáín ar bith, deontais ar bith.   Sin é an túsphointe.   Ní gá airgead a chaitheamh ar na nithe seo, a bhuiochas den idirlíon.   Má tá na h-argóintí maith go leor, gheobhaidh siad éisteacht.  Beidh an dul chun cinn ag brath ar dhuthracht na mball agus na ngníomhaí seachas ar fhlaithiúlacht na bhforbróirí.

Cé  bheadh páirteach ina leithéid?   Aon tuairimí agaibh?

8 dtuairim ar “Giorruithe agus páirtí nua….

  1. Concubhar

    I gcead do Anne agus a páirtí, níl sé soiléir go bhfuil aon fhís níos mó ná toghchán Anne Sweeney agus geilleagar Thír Chonaill. Tá mosh nua oibre á mholadh agam don phairti seo, Páirtí na Saoirse/the Freedom Party.

    Freagra
    1. aonghus

      B’fhiú athmhachnamh ar an ainm! Tá ainm mar é i seilbh cuid mhaith de pháirtithe fornáisúnacha na hEorpa (agus cén chiall atá arís le Libertas?)

      Sílim – agus níl fhios agam conas cur chuige – go dtí go mbristear an chliantachas sa pholaitíocht abhus, nach bhfuil rath i ndán d’aon pháirtí nua.

      Bhí an t-éileamh chéanna ar “mhodhanna nua” ag idir Glasaigh agus na PDanna, ach shlog an chliantachas iad araon.

      Sílim mar sin gur mithid an toghlach a athrú ar dtúis. B’fhéidir gurbh uirlis chuige sin an saghas páirtí agus modh oibre atá á mholadh agat.

      Freagra
  2. Concubhar Ó Liatháín

    Bionn 20 cúis i gcónaí gan rud a dhéanamh – an ainm etc. Ach ar shlí is cuma liom faoi sin – is é an chúis ar mhaith liom tabhairt faoi seo go gcreidim go gcaithfidh pairt a bheith ag gach duine i dtarrtháil na tíre seo. Ní rud é a dhéanfaidh an Rialtas ar ár son.
    Maidir le Saoirse – bhuel sin an ainm agus tá Libertas imithe nach bhfuil!
    Maidir le Beo.ie, i gcead do, is diospóireacht é sin faoi FF Nua.

    Freagra
  3. Concubhar Ó Liatháín

    Níl suim dá laghad agamsa i Fianna Fáil nua a bhunú. Dá mba rud é go mbunófaí a leithéid de pháirtí, creidim gur cheart IMFF a thabhairt air.

    Freagra
  4. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá ghéar-ghá le Phairtí nua chun saoránaogh na tíre a ghriosú chun a tír a thogaint o FF agus amach anseo o IMF/E.U.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s