Conradh na Gaeilge i dTalamh an Íontais

Níl a fhios agam, ó am go chéile, cén phlainéad ar a mhaireann Conradh na Gaeilge?  Inniu fuaireas an r-phost seo ó Ard Oifig an Chonartha:

A chara,

Ritheadh rún ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 ag tréaslú le Comhairlí Contae & Baile áirithe as glacadh le córas a chinnteoidh gur ainmneacha as Gaeilge amháin a bheidh ar eastáit tithíochta nua a thógfar laistigh de limistéar an Údaráis Áitiúil. Déanann an córas seo úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail áitiúil.

Tá litreacha curtha ag Conradh na Gaeilge chuig Cathaoirligh Chomhairlí Contae ar fud na tíre, dar dáta 16 Samhain 2010, chun an córas céanna a chur i bhfeidhm ina gcontae féin.

Tá sé tábhachtach go bhfeictear do na Comhairlí Contae go bhfuil tacaíocht ó phobal an chontae do chóras dá leithéid. Mar sin, bheimis an-bhuíoch díbh as teagmháil a dhéanamh le hArd-Mhéara Chontae Chorcaí le cur ina luí gur chóir an rún seo a leanas a chur roimh an gComhairle Cathrach:

“Aontóidh forbróirí ainm gach eastát nua leis an Údarás Pleanála roimh thús an fhorbartha. Beidh na hainmneacha eastáit seo i nGaeilge amháin agus beidh siad fréamhaithe i stair agus tírdhreach an cheantair ina bhfuil siad lonnaithe. Cuirfear an rún seo san áireamh sa chéad phlean contae eile chomh maith.”

Sonraí Ard-Mhéara Chontae Chorcaí ná: An Chomhairleoir Jim Daly, 023-8858770,jim@jimdaly.ie

Má tá aon cheist agat faoi seo nó má tá eolas breise ag teastáil uait, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh liom.

Le gach dea-ghuí,

Anois, níl a fhios agam an ag magadh atá duine éigean.  Tá an Conradh ag iarraidh orm, ball dilis, litir a chuir chuig Méara Chorcaí is eile, ag iarraidh air rún a rith le go mbeadh ainmneacha i nGaeilge ar eastáit NUA tithíochta.   Cén uair a cheapann Conradh na Gaeilge go mbeidh eastáit nua á thogáil i gCorcaigh nó i gcontae ar bith eile as seo go ceann glúin nó trí?    Nár chuala an Chonradh go bhfuil an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta anseo, ag iarraidh orainn stop a chur leis an gcaiteachas is araile?

Ba bhrea liom feachtas litreacha chuig gach Cathaoirleach Bórd Chontae CLG a thosnú le tacaíocht a mhealladh don bhfeachtas go mbeadh trachtaireacht Ghaeilge ar chluichí móra CLG ar fad – ní na cluichí mionúir amháin – seachas an leagan is déanaí de Alice i dTalamh an Iontais nó Don Qixote agus na Muilte Gaoithe atá ar bun ag an gConradh na laethannta seo.

Ach ar son Dé, ní h-é seo an am don bhfeachtas seo.   Cuireann sé alltacht orm gur shuigh oifigigh an Chonartha timpeall an bhoird agus gur cheadaigh do litir chomh h-amaideach le seo a sheoladh timpeall na tíre.   Murach é seo ag tarraingt mí chlú ar an gConradh, níl a fhios agam céard eile atá i gceist.

Dála an scéil, tá mé ar shon ainmneacha Ghaeilge a bheith ar eastáit tithíochta.  Ach is ceist é seo a bhaineann le h-am chuí a roghnú don bhfeachtas agus ní h-é seo an am cheart don bhfeachtas seo.

 

10 dtuairim ar “Conradh na Gaeilge i dTalamh an Íontais

  1. Ping: Twitted by blaganna

  2. Ping: Tweets that mention Conradh na Gaeilge i dTalamh an Íontais « iGaeilge -- Topsy.com

  3. D

    “Ach is ceist é seo a bhaineann le h-am chuí a roghnú don bhfeachtas agus ní h-é seo an am cheart don bhfeachtas seo.”

    Muna cuirtear i bhfeidhm é anois beidh orainn fanacht ar feadh 5 bhliain eile. Seans go mbeidh a lán tithe a thógáil i dtrí nó ceithre bhliain. Is dócha go mbeidh roinnt ar aon nós agus i roinnt comhairlí beidh siad i nGaeilge amháin. Agus níl tú i bhfabhar é sin? 🙄

    Freagra
  4. Concubhar

    An rud is measa: an dubh a chur ina ghealnort féin. Má cheapann tú go dtógfar eastát nua in aon áit sa tír seo, agus 300,000 , gan lionadh, Tá dul amú ort. An é go bhfuil tú I FF? Táim ar shon ainmneacha Ghaeilge ar eastait uair éigean ach Tá an long sin Aeolus anois agus Beidh daoine ag gairi fuinn Má lorgaimid anois é. Tá clocha níos mó ar mo phaidrín.

    Freagra
  5. Concubhar

    Is ball dilis mé. Is é sin an fath go labhraim amach nuair a thuigimm go bhfuil an eagras ar mhíthreo. Ar arradh orm nó ar bhailu eile faoi seo? Nior deinadh. Is eagras daonlathach é Conradh na Gaeilge go fóill, nach é? Nó an polasai úna Duce úna voce at I réim?

    Freagra
  6. D

    Níl mé i bhFianna Fáil. Beidh, agus ceapaim, tá tithe nua a thógáil i roinnt áiteanna go háirithe i mBaile Átha Cliath. Níl aon ghost estates i mBaile Átha Cliath. Is céim é seo chun ár dtír a bheith níos gaelaí. Is é seo an t-am is féidir bfhéidir chun rudaí mar seo a shocrú.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Níl a fhios agam cé tú féin, a D. Ach má tá tithe nua á thogáíl i mBAC, maith go leor, bíodh na h-ainmneacha i nGaeilge ansan. Tá an socrú ann theana féin, nach bhfuil? Ach níl an scéal amhlaidh in aon áit eile sa tír agus tharraingeodh a leitheid d’fheachtas ag an am seo míchlú ar Chonradh na Gaeilge murach go raibh an eagras chomh imeallach is go raibh sé nach mór dofheicthe sa saol phoiblí.

    Freagra
  8. Darren J. Prior

    Tá an polasaí i bhfeidhm i gCathair na Gaillimhe, Sionainn, an Uaimh agus beidh sé ag teacht i bhfeidhm i gComairle Cathair Bhaile Átha Cliath agus Comhaire Contae Bhaile Átha Cliath Theas. Beidh feachtas i bhFine Gall san athbhliain. Tuigim ó mo am i nGael-Taca go raibh go leor (bfhéidir fórmhór d’acu) i gcontae Corcaigh (ní sa cathair) ainmnithe i nGaeilge. Tá an bun obair déanta ansin. Tá na cathreacha an-tábhachtach. Beidh mé ag dul i dteagmháil lena comhairleoirí i bhFine Gall san athbhliain mar beidh comhairleoir ag lorg amendment don bpolasaí ainmnithe chun iad a bheith i nGaeilge. Is obair é seo chun sochaí gaelach níos fearr a chruthú sa Ghalltacht. Ní ceist AN-mhór é is dócha ach tá sé níos fearr chun fhorbairtí cónaithe a bheith ainmnithe i nGaeilge amháin ná iad a bheith ainmnithe i mBéarla. Is trua é go nach bhfuil mórán craobheacha ag an Chonradh sa Deisceart chun fíor-feachtais a bheith ar siúl i ngach chontae go háitiúil. Cíbe rud más féidir an polasaí a bheith tagtha isteach i mBaile Átha Cliath is féidir leis an polasaí a bheith in ann teacht isteach in aon áit sa Deisceart. Déanainn obair áitiú ó gníomhairí áitiúla an difir agus tá tú i do chonaí i gCorcaigh agus táim cinnte go mbeadh daoine eile sa Chontae i bhfabhar an polasaí agus sásta teagmháil a dhéanamh leis na comhairleoirí faoi, má cuirtear an ceist orthu.

    http://www.slideshare.net/darrenjprior/i-bhfcas-corcaigh-in-focus-cork

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s