Lá dorcha don tír agus don teanga

Agus an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadais is Ciste Seasmhachta an Aontais Eorpaí i mBaile Atha Cliath chun tús a chur leis an ‘bplé’ faoin ‘iasacht’ a bheidh ar fáil don tír seo, cuireadh plé Dála faoin droch chasadh seo i stair na tíre faoi chois chun cead a thabhairt le h-aghaidh ‘raitis i leith na Gaeilge’.  An straitéis 20 bliain úd, mallacht Dé air, a bhí faoi chaibidil sa Dáil.

Ba dheacair gan an searbhas agus an fhonóid i dtón an tuairisceora ó RTÉ a aithint agus é ag cur síos ar imeachtaí an lae inniu, Déardaoin dubh eile.   Cúl eile inár n-eangach féin scoráilte againn go cumasach.

Níl aon amhras go ndíreofar ar an nGaeilge sna laethannta is na seachtainí romhainn agus tá’s againn gur beag an ghá faobhar a chur ar phinn na dtrachtairí is na h-eagarthóirí a bhionn chomh fuar i leith na teanga.

Éinne go raibh sé de mhí adh orthu bheith ag faire ar an gcraoltóireacht beo níos luaithe inniu, is cinnte gur thug siad faoi ndeara chomh folamh is a raibh an Dáil agus na ‘ráitis’ seo á dhéanamh.   Bhí sé deacair dom éisteacht leo mar gheall ar mhoill idirlín – ag an am chéanna, nior chuala aon rud a mhúsclódh ó chodladh iar lóin mé [dá mbeinn im chodladh!].

Ba lá é an lá inniu a luaifear i leabhair staire amach anseo, an lá ar tháinig an IMF is an Ciste Seasmhachta anseo chun a rá linn cad a dhéadfaimis déanamh – nó nach bhféadfaimís déanamh – inár dtír féin.

Agus bhí ról bheag ag an nGaeilge ann.  Sea cuireadh tairne eile i gcónra na teanga agus ba i lámha an Rialtais, a shocraigh gan ligint don cheistiúchán faoi chur chuige eacnamaíochta an Rialtais ar mhaithe le sraith monalóganna faoin nGaeilge is an Straitéis 20 Bliain seo a cheadú.

Bheadh leas na teanga déanta ní b’fhearr dá mba rud é go raibh an caint sin curtha ar athló – nach bhfuil fiche bliain ann go dtí go mbeidh an diabhal straitéis foilsithe agus tá fuiollach ama ag na TDanna bheith ag caint faoin seal a chaith siad ag foghlaim Gaeilge sa Ghaeltacht is araile.

3 thuairim ar “Lá dorcha don tír agus don teanga

  1. Ping: Tweets that mention Lá dorcha don tír agus don teanga « iGaeilge -- Topsy.com

  2. ceithearnach

    Seo an cleas céanna a bhíonn ag SF sa Tionól ó thuaidh. Nuair is mian leo aird an phobail a tharraingt ón mhioscas agus an slítheántacht atá ar bun acu, tógann siad raic faoin Ghaeilg. Is cuma le duine ar bith acu go bhfuil an teanga ag fáil bháis sa Gheltacht. Tá mise den bharúil go mbeadh formhór acu sásta leis mar ní bheadh bac ar bith orthu bogadh i dtreo Boston nó Berlin!

    Freagra
  3. Seán Ó hAdhmaill

    Más rud é go raibh siad ag iarraidh poiblíocht don Straitéis ní raibh bealach níos éifeachtaí chun aird na meáin Béarla a tharraingt ar phlé faoin nGaeilge i dTeach Laighean ná plé ar an ngéarchéim a chur athló ar mhaithe leis an Straitéis. 🙂

    Maidir le hionsaithe ar an nGaeilge, níor chuala mé tada ar an raidió ar maidin faoin nGaeilge, seans go mbeidh cúpla gealt sa Sindo ag tabhairt amach ach bheadh níos mó de scéal ann muna mbeidís ag tabhairt amach faoin nGaeilge.

    Tuigim do phointe Conchubhar maidir le searbhas RTÉ ach i ndáiríre an mbeadh an t-uafás de dhifir i gceann seachtaine, coicíse, nó sé mhí dá gcuirfí ar athló é?

    Níl anseo ach tús leis an ngéarchéim dar liom agus táimid ag fanacht ar an Straitéis ó bhí 2008 (roimhe sin dóibh sin a bhí ag obair ar a leithead a thabhairt chun cinn le blianta eile).

    Tá sé in am deireadh a chur leis an mhoill agus an Straitéis a fhoilsiú mar ní bheidh an Rialtas seo thart i bhfad eile.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s