TG4, an Staighre Beo, Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge

An tseachtain seo chaite fuaireas r-phost ó Cheannasaí TG4, Pól  O Gallchóir, agus é ag tuairisciú dom agus do bhaill eile Bhórd TG4 go mbeadh breis cluichí CLG á chraoladh ar an gcainéal an bhliain seo chugainn.

Go h-íontach, cheapas, tá an CLG tar éis geilleadh ar dheireadh do cheart éileamh na nGael agus beidh na cluichí móra, Cluichí Ceannais na Mumhan agus na gCúigí eile is araile, á chraoladh beo ar an staisiún.

Beag an bhaol.  Is cosúil gur éirigh le TG4 na cearta a bhí ag an staisiún le trí bliana anuas – cluichí beo ar an Domhnach ó Mheán Fómhair go Bealtaine (Club agus Sraith – Peil agus Iomáint) a choinneáil agus tá pacáiste nua faighte ag an staisiún freisin – aon chluiche dhéag tráthnóna Dé Céadaoin san Earrach ina mbeidh Cluichí faoi 21 agus araile.

Anois tá muintir TG4 ríméadach as seo mar gheall gur dul chun cinn atá ann agus molaim iad as na cluichí breise a aimsiú.   Ach shamhlóinn ó bheith ag léamh an r-phoist a tháinig chugam gur ag déanamh gar do TG4 atá an Chumann Lúthchleas Gael.   Ní h-ea in aon chorr.   A mhalairt glan atá i gceist. Tá proifíl ag Craobhacha na gClub agus an Craobhach Fé 21 CLG de bharr an craoltóireacht d’ard chaighdeán atá á dheanamh ag Nemeton ar son TG4 ar na cluichí seo.   Tá lucht féachana acu ná raibh roimhe seo.

Is cosúil gur staighre beo é TG4 ar son imeachtaí spoirt.  Thosnaigh sé ag craoladh an Sraith Cheilteach mar shampla agus ansan thug na staisiúin Bhéarla, leithéidí RTÉ agus Setanta is Sky, súntas don lucht féachana a bhí á aimsiú ag craoltóireacht na gcluichí seo.   D’imigh an Sraith Cheilteach ó TG4 agus anois is é Srath Magniers agus tá cearta ag TG4 ar roinnt chluichí.    Is staighre beo é ar an slí suas – agus ar an slí anuas.   Níl suim ag RTÉ níos mó i Wimbledon is sa Tour de France – agus mar sin tá siad ar TG4.   Tá buntaiste áirithe ag an staisiún mar gheall ar an lucht féachana ‘íseal’ a luaitear leis de bharr gur i nGaeilge atá an trachtaireacht – mar sin bionn an ráta a ghearrtar ar an staisiún ar son na gcearta ar na n-imeachtaí seo níos ísle.

Sna blianta a bhí caite thug staisiúin ar nós Sky agus Setanta suimeanna ollmhóra ar son na gcearta ar chraoladh Phríomhshraith Shasana.  Bhris an margadh sin Setanta sa Bhreatain nó níl an oiread san daoine ag dul go dtí na tithe tabhairne níos mó chun faire ar an gcluichí agus mar sin theip ar Setanta a dhothain sintiúis a mhealladh ó thabhairneoirí  – tuairim is €1000 sa mhí atá i gceist – chun díol as na cearta a bhí ceannaithe acu.

Is margadh casta é seo, margadh na gcearta craoltóireachta, agus ní thuigim go h-iomlán é.     Ag an am chéanna, creidim go bhféadfadh TG4 margadh ar leith a dhéanamh le na h-úinéirí na gcearta ar na cluichí móra CLG, na cluichí idirnáisiúnta sacair is rugbaí, na Cluichí Oilimpeacha is araile, chun na h-imeachtaí seo a chraoladh i nGaeilge.

Mar sin an tseachtain seo chaite, nuair a thuigeas go raibh céim chun tosaigh glactha ag TG4 ach nach raibh ‘AN’ chéim chun tosaigh glactha maidir le cluichí móra an CLG, thit mo chroí.   In ainneoin feabhas TG4 maidir le craoltóireacht ocáidí móra spoirt, tá sí fós in áit na leathphingine agus, dá bhrí sin, tá a pobal féachana ina thánaistigh i gcomparáid le pobal féachana an Bhéarla.

Ag an am céanna go raibh TG4 ag ceiliúradh na cearta breise a bhí gnóthaithe ag an staisiún, bhí na cearta ar na cluichí mionúir á chailliúint ag RTÉ agus iad ceannaithe ag TV3.   Anois tá daoine ann i ngluaiseacht na Gaeilge atá míshásta faoi seo…ach ar shlí, táim idir dhá stól ar an gceist.   Cinnte ní thaithníonn sé liom nuair a laghdaitear dualgas RTÉ i leith na Gaeilge agus táim ar shon go mbeadh trachtaireacht Ghaeilge ar fáil ar gach imeacht spoirt.

Dar liomsa ba mhasla tomhaiste don Ghaeilge é go raibh an trachtaireacht ar chluiche na mionúir i nGaeilge agus an trachtaireacht ar chluiche na sínsear i mBéarla.   Mhínigh Mícheál  O Muircheartaigh go raibh trachtaireacht ar an gcluiche mór, cluiche na sínsear, leath agus leath i nGaeilge agus i mBéarla nuair a thosnaigh RTÉ ag craoladh na Cluichí Ceannais i 1962.   Ba riail ag an CLG é go mbeadh trachtaireacht i nGaeilge. Is cosúil go bhfuil an riail sin ann fós – fiú mura bhfuil sé athruithe.  Ansan, dar le Mícheál, bhí “dea smaoineamh” ag boc éigean in RTÉ:  cén fath nach gcraolfaimíd Cluiche na Mionúir chomh maith agus é sin a dhéanamh i nGaeilge agus cluiche na sínsear a chraoladh i mBéarla.  Agus b’shin a thárla ó shin go dtí an bhliain seo.   Agus bhí gach duine sasta – seachas canncráin cosúíl liomsa.

Anois tá an ualach seo bainte ó RTÉ ag TV3 – agus deir TV3 go mbeidh siad ag déanamh a machnamh ar an dtrachtaireacht a dhéanamh i nGaeilge.  I bhfírinne b’fhearr liom go gcuirfeadh TV3 X Factor i láthair i nGaeilge….ach sin scéal eile.

Bhí Padraig Mac Fhearghusa ar an clár céanna ar Raidió na Gaeltachta, An Saol ó Dheas Dé hAoine, agus é ag gearán faoin ísliú céime a bhí faighte ag an nGaeilge maidir leis na gcluichí mionúir.   Ní fheadar an dtuigeann Pádraig gur ísliú céime é go mbeadh na cluichí mionúir á chraoladh i nGaeilge (sa teanga ‘mionúir’) agus na cluichí sinsearacha á chraoladh i mBearla.

Is cosúil go bhfuil an fheachtas a thosnaigh Conradh na Gaeilge tar éis don alt seo uaim a bheith i nGaelscéal ligthe i ndearúd nó níl tasc nó tuairisc ar leathnach na bhfeachtaisí faoin bhfeachtas chun tabhairt ar an Aire Cumarsáide dualgas a chur ar na craoltóirí leaganacha Ghaeilge den trachtaireacht ar na mór ocáidí spóirt ‘saor go h-aer’ a chur ar fáil.   Mór an trua go bhfuil seo ann – nó creidim gur feachtas é seo a fhéadfaí buachaint.  Is léir, áfach, gur ag dul siar atá an Chonradh ar an gceist seo agus, ochón, ar cheisteanna eile freisin.   Os rud é go bhfuilim féin im bhall den Chonradh anois, cá bhfios ach go gcuirfinn m’ainm féin sa reicneáil d’Uachtarántacht an eagrais an bhliain seo chugainn fiú mura raibh i gceist ach an eagras is mó i saol na Gaeilge a mhúscailt óna mharbhshuan.

Idir seo agus sin, an rud atáim chun déanamh, mar is ball den CLG mé freisin, fiosruithe a dhéanamh maidir le rún a mholadh ag Cruinniú Cinn Bliana mo chumann chun tabhairt ar an eagras sin bheith níos gníomhaí ar son na teanga ná mar atá.  Más maith le duine ar bith eile é seo a dhéanamh ina chumann CLG féin, lean ar aghaidh.  Is é an rud tabhachtach go gcuirfí ar shúil an CLG go bhfuil an eagras ag déanamh failli ar an dteanga agus go bhfuil sciar dá bhallraíocht nach n-aontaíonn leis an bhfaillí seo.

3 thuairim ar “TG4, an Staighre Beo, Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncubhair, dea smaoineamh agat maidir le Conradh na Gaeilge.Dá mbeadh an suim cheanna ag CLG I gcúrsaí Ghaeilge agus atá acu i gcúrsaí airgid beimíd ar muin na muice.

    Freagra
  2. An Dubhthach

    Níl gá ar bith craoladh ar RTÉ is ar TG4 chomh maith. Féachaim ar an teilifís (seirbhís digiteach) beagnach gach aon oiche sa Fhrainc agus is féidir liom roghnú idir Fraincis agus Béarla nuair a bhfuil scannán Mheiriceánach ar siúl.

    Cén fáth nach bhfuil an CLG agus RTÉ/TG4/TV3/… abalta seirbhís cosúil leí a thosú? B’fhéidir leis an tráchtaireacht a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar an staisiún céanna, agus le luach íseal!

    Gabh mo leithscéal as mo dhroch-Ghaeilge.

    Freagra
  3. minic

    Rinne an BBC (British Broadcasting Corpartion) sin cupla uair.

    Ní chosnaíonn sé mórán.

    B’fhéidir gurbh fhéidir le Concubhar sin a thabhairt chuig an bord mór?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s