Coicís go dtí an dréacht is déanaí den Straitéis?

Tá na moltaí éagsúla atá déanta sa tuarascáil á mbreithniú faoi láthair agus táthar ag súil leis an gcuid seo den obair a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir. Nuair atá an obair sin déanta, beidh an dréacht dheiridh den straitéis á thabhairt ós comhair an Chomhchoiste Rialtais agus, ina dhiaidh sin, ós comhair an Rialtais féin. Tá beartaithe go mbeidh an chéad chruinniú eile den comhchoiste á thionól ar an 17ú Samhain 2010 ar mhaithe le dréacht dheiridh a aontú roimh an straitéis a chur faoi bhráid an Rialtais go foirmiúil agus, tar éis cead an Rialtais, í a fhoilsiú.

Is cosúil go mbeidh deatach bhán le feiscint ar cheist na straitéise roimh dheireadh na míosa seo, de réir an mhír seo ó oráid an Aire Pat Carey sa Seanad inné(Dé Máírt).  Is féidir an oráíd ar fad a léamh anseo.

7 dtuairim ar “Coicís go dtí an dréacht is déanaí den Straitéis?

  1. seamus mac seain

    níl a fhios agam an bhfuil móran againn beo go fóill ar chuimhin linn ” tuarascáil an Choimisiúin cum athbheochain na Gaeilge” a chuir an rialtas amach 1 1963. Tuarascáil ar dóigh déanta ag daoine a thuig an athbheochan. 300 moladh cinnte- an chuid is mó acu a bheadh ag baint le habhar an lá atá inniu féin ann -ach monuar níor chuireadh i bhfeidhm ariamh iad ach sa bheag. B’fhearr liom cúpla moladh cinnte a bheith ann a chuirfí i bhfeidhm ná 100 moladh a luífidh sa tarrachán ag cruinniú dusta. Ní shabhálfaidh stráiteis 20 bliain an Ghaeilge( ná plean náisiúnta ar bith eile ach oiread) ach sasóidh sé lucht Mhaorlathais na Gaeilge (cé mhéad comhdhálacha mar aon lón saor a bheas ann da bharr meas sibh?) Is féidir dul chun tosaigh a dhéanamh dar liom ach lucht na Gaeilge cur ar a son féin ina mbaile féin agus dearmad a dhéanamh ar na pleananna móra “náisiúnta” is ar an talamh inar dtithe inar sráideanna agus inar scoileanna atá ár leas agus má bhíonn muid láidir ar ndóthan seasfaidh an rialtas linn. Moladh amháin cinnte gurbh fhiú a chur i bhfeidhm dar liom ná na hachmhainí uilig atá á gcur amú ar mhaorlathas na gaeilge (Foras na Gaeilge- Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge srl) a dhíriú isteach ar an mhéad atá fágtha den Ghaeltacht agus má tá aon rud fágtha é a chaitheamh ar ar an talamh sa chuid eile den tír. Bhí dóchas éigin agam go raibh muid ar an bhealach cheart nuair a dúbhradh ar na mallaibh go bhfuiltear le “Cultúrlann” a dhéanamh de Thaibhearc na Gaillimhe. Ceann acu sin ina achan bhaile mór sa tír. is mó maitheasa a dhéanfadh sé sin ná fiche stráitéis fiche bliain. ach ní rialtas a dhéanfhaidh é ach an chosmhuintir an talamh. Cá fios nach dtabharfadh sé spreagadh de mhuintir na Gaeltachta féin ach ní staidéar féidireachta nó measánú eacnamaíochtaa atá de dhíth ach fócas agus an rud a dugaim ” plean A4″ ar i.e plean ar leathanach amháin.

    Freagra
  2. Concubhar

    An cheart agat gan amhras. Is seift an chaint is an mhoill ar fad faoin straiteis chun leasuithe riachtanacha a chur ar an méar fhada agus pobal na Gaeilge/ na Gaeltachta a choimead suaimhneach. Tá pobal na Gaeilge imithe I dtaithi ar an spleachas ró throm ar an Rialtas agus iad tar éis a ligint I ndearúd gur feidir linn, Gaeil, gniomhú agus beartú as ár stuaom féin ar son na Gaeilge agus ar ár son féin. In áit sin is cosuil le pearsai Beckett sa dráma ‘waiting for Godot’ lucht na Gaeilge.

    Freagra
  3. Concubhar

    An sampla is soiléire de sin; bhunaigh sibhse I
    mBéal Feirste an Chulturlann I sean fhoirgneamh Eaglaise GAN cabhair ó na húdaráis. Anois Tá na húdaráis ag caitheamh airgid leis agus é faoi bhlath. I mBAC, prying chathair na tíre, an pobal leis an líon is mó Gaeil agus tá siad i mbun feachtais chun larionad ‘bios fearr’ ná an Chultúrlann a bheith agus feachtas acu chun airgead a bhailu le go mbeidh sé acu roimh 2016. Nach iad atá sásta go bhfuil an togra luaite sa straiteis amhail is gur ionann sin agus jab déanta. Má tá Culturlann uathu, ní gá ach spás a aimsiu I bhfoirgneamh ar nós 6 Sraid Fhearchair nó oifigi na Comhfhala nó an Fhorais nó cibé is café a chur ann anois.

    Freagra
    1. aonghus

      I mBAC, prying chathair na tíre

      Sin cuir síos deas!

      Tá amhras orm féin faoina leithéid. Bhíodh Caife Breá thíos staighre sa Chomhdháil – ach is fada tréigthe anois é.

      Bíonn nithe ar siúl san ardchathair, cinnte, ach iad scaipthe amach. Thug Gearóid Ó Tuathail “acoustic reality” ar an rud atá de dhíth – is é sin áit go mbeadh an Ghaeilge le clos, agus gan aon mhachnamh de dhíth.

      Ceist agam oraibh, ós rud é nach bhfuil cur amach agam ar Bhéal Feirste: an bhfuil an Chultúrlann gar do Bhóthar Seoige; agus an é sin an rún?

      Freagra
  4. Concubhar Ó Liatháin

    Tá Bóthar Seoighe timpeall is míle go leith-dhá mhíle ón gCultúrlann. Siob taxi dubh. San áít a bhfuil an Chultúrlann, spreag sé pobal Ghaeilge timpeall air. Agus tá sin ag fás leis.

    Maidir le BAC, is amhlaidh go mbionn na leithscéalta ag carnú leo mar gheall ar mhí eifeacht na Gaeil sa chathair sin. Cinnte bhí caifé breá ag an gComhdháil – ach bhí Gaeil BAC ró ard nósach dul ann. Chuaigh mé féin ann lá amháín is bhí sé iomlán folamh. Bhí caifé deas ag Gael Linn – 3 D – agus arís ní bhfuair sé a dhothain tacaíóchta ó na Gaeil. B’fhéidir gur léiriú é sin gur togra ‘eilifint bhán’ atá sa Chultúrlann atá beartaithe don chathair – ach mar a fheictear domsa é, má tá Gaeil BAC ag iarraidh a leithéid i bhfirinne seachas ag iarraidh feirín eile ón Rialtas anuas ar an Acht Teanga is eile, beidh orthu gniomhú go grod seachas fánúint ar fheiríní. Cinnte, má bhionn an IMF i gcumhacht seachas FF nó FG nó fiú SF, ní bheidh culturlann i mBAC go brach.

    Freagra
    1. aonghus

      Aontaím leat. Rud eile: an dóigh leat go bhfuil/go raibh na Fiontair eile – Lá, Raidó Failte 7 rl lárnach i bhforbairt an Chultúrlann?

      Tá rud ar leith i mBÁC, sílim; sé sin nach mbíonn leo siúd atá ina fheidhmeannaigh in earnáil na teangain aon cuid dá saol sóisialta a chaitheamh tré Ghaeilge. Ní dóigh liom go dtéann siad chuig leithéidí an Chiorcail Díospóireachta (bheadh sé deacir sin a dhéanamh i ngan fhios domhsa), ná drámaí 7rl.

      Sin le rá, tá deighilt ann idir lucht na gluaiseachta agus “gnáth chainteoirí”, mo leithéidí féin.

      Freagra
  5. Ping: Tír an Amhrais « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s