Ar an mbórd….

Fuair mé litir ón Aire Chumarsáide le seachtain anuas ag cur in iúl dom go bhfuilim ceaptha im ionadaí phoiblí, mar thoradh ar chomórtas phoiblí, ar Bhórd TG4 agus is tréimhse cúig bliana atá i gceist leis an gceapachán seo.  Cúpla rud suimiúil faoin litir sin – sa chéad áit, cé gur roghnaigh mé ‘Gaeilge’ mar theanga chumarsáide nuair a thosnaigh mé ar an bproiseas i bhfad siar i mí Bealtaine, is i mBéarla a tháinig an litir sa deireadh thiar.

An dara rud: cé gur tugadh le fios sa bhfógra go raibh taille bliantúil de €14,000 ag dul leis an gceapachán seo san fhógra a foilsíodh sna nuachtáin náisiúnta, is  €12,600 an taille atá ar thairiscint de réir na litreach.  Ní ar mhaithe le h-airgead a chuireas isteach ar an gcomórtas seo ach le súil tionchar dearfach a imirt ar an staisiún agus a chinntiú go mbeadh guth an phobail le clos timpeall an bhoird.   Táim chun a bheith oscailte mar gheall ar chúrsaí airgid agus costaisí ar an suíomh seo.

Gan mé ceaptha ach le seachtain anuas, táim tar éis cúpla litir a fháil theana féin ó bhaill an phobail atá ag iarraidh go dtógfainn poinntí ar a son agus mé ag suí timpeall an bhoird.  Baineann litir amháin le ceapachán i bpost sinsearach ar Ros na Rún agus an cumas teanga atá ag an t-é atá ceaptha, mar shampla.    Fáiltím roimh aighneachtaí, litreacha is gearáin anseo agus is féidir teacht orm ag an seoladh riomhphoist, concubhar.oliathain@gmail.com. Is féidir teacht ar agallamh a chuireann sios ar mo chuid smaointe maidir leis an ról seo ar Ghlór Anoir [eagrán Dé Máirt, timpeall deich noimead caite sa chlár] agus tá teacht ar an gcur i láthair a rinne mé ós comhair Comhchoiste Chumarsáide an Oireachtais anseo.

Ar aghaidh leis an obair…

19 de thuairimí ar “Ar an mbórd….

  1. Ping: Tweets that mention Ar an mbórd…. « iGaeilge -- Topsy.com

  2. Ping: Twitted by GaeilgeMhaighEo

  3. Concubhar

    Is docha gur sarú ar an Acht é ach b’fhearr liom mo fhreagra féin a thabhairt air seachas é a fhagaint faoin Choimisineir Teanga(= cur amú € 1m in aghaidh na bliana).

    Freagra
    1. aonghus

      Sin atá le déanamh agat pé scéal é. Ní féidir leis an Coimisinéir gníomhú go dtí go dteipeann ar do ghearán sásamh a bhaint amach.

      Ach ar a laghad is féidir leat Airteagal agus Alt a lú. Is mór sin agus tú ina adharca leis na maorlathaigh!

      Freagra
  4. Concubhar

    An rud faoin bproiseas seo, gut isteach orm an chéad Lá ar chlaraios le public jobs.ie, ar mhaith liom comhfheagras I nGaeilge nó i mBéarla. Gaeilge a roghnaigh mé. Gach comhfhreagras a fusireas ó shin – taobh amuigh de leithscéal nuair a dheineas gearán roimhe – ba I mBéarla a raibh sé. Sin an Rialtas atá ag moladh an Gheileagair Ghlic’!

    Freagra
  5. Seosamh Ó Beirgin

    Comhghairdeas as do cheapachán. Tá sé tuillte agat. Mo bhrón as an gearradh siar 10% i do chuid phá, ach tá sé mórán mar an gcéanna leis na laghduithe pá sa seirbhís phoiblí go ginearálta.

    Bhí an agallamh ar Glór Anoir go maith. Ó rud é go bhfuil tú ag lorg tuairimí, cad faoi fótheidil Ghaeilge do chláir Ghaeilge.

    Freagra
  6. Concubhar

    Táim in amhras faoi fhotheidil Ghaeilge a bheith úsáideach. Chuirfeadh said le costas na gcláracha agus laghdófaí dá réir lion ba gcláracha a fhéadfadh TG4 craoladh. Ba dheas an rud rogha a bheith againn, sa ré dgiteach, idir fhotheidil Ghaeilge agus fotheidil Bhéarla. Ceal acmhani ni tharloidh sé.
    An rud a thabharfainn tosaiocht do, go ndéanfadh clár eagarthóirí Nuacht Tg4 córas a chur in áit go bhfollseofaí leagan gullies de scéalta mór an lae ar shuíomh tg4 le linn an lae céanna – nó an oíche chéanna ar a dhéanaí. Tá sé riachtanach do phobal Ghaeilge an domhain go mbeadh suiomh Nuachta ar an idirlion atá údarásach is pras.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Ní gá aon amhras a bheith ort faoi fhotheidil Ghaeilge a bheith úsáideach. Tá, go háirithe do dhaoine a bhfuil ag fulaingt le máchail éisteachta. Bainim mise agus neart daoine eile úsáid astu ar bun rialta ar cláracha RTÉ, BBC, C4 7srl. Ba chóir go mbeadh siad ar fáil ar cháracha cosúil le drámaí agus cláracha eile a bhfuil réamhthaifeadtha.

      Tá mé ag ceapadh gur chuid de dheachleachtas craoltóireachta iad anois agus ní rud as an gnáth iad, seachas b’fhéidir ar TG4.

      Freagra
  7. seamus mac seain

    ní bheinn ag súil lena mhalairt uait a Choncubhair, ach tá an trédhearcacht atá léirithe agat anseo mar bheadh séidean de aer úr fríd an tseirbhís phoiblí uilig. Cá fios nach rachaidh sé i bhfeidhm ar chuid de mhaithe móra na bunaíochta a bhíos ar á ndícheál ag iarraidh eolas a cheilt orainn seachas é a rannadh linn. Maith thú agus comhgairdeachas

    Freagra
  8. ownie

    Tá súil agam go gcleachtóidh tú Gaeilge níos fearr ag na cruinnithe boird (nó bóírd mar a dhéarfá féin) ná mar a chleachtaíonn tú anseo

    Freagra
  9. Úna G

    Coimisinéir Teanga = cur amú € 1m in aghaidh na bliana
    Cucumber Ó Liatháin = cur amú €12,600 in aghaidh na bliana

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Nach sibhse atá cróga, Úna agus Ownie, ag caitheamh maslaí timpeall agus sibh in bhúr bhfolach ar chúl na n-ainmneach cléite. Deirtear gurb é tír ghrá an áit folaithe dheireannach ag an mbreall – ach dar liom is é an grá bréagach don teanga atá ann (nó an fíor ghrá dá chompórd féin).

    Dála an scéil, a Úna, tá áthas orm go n-aontaíonn tú liom gur cur amú airgid é an Choimisinéir Teanga agus a ghiollaí. Níl aon rud agam ina n-aghaidh go pearsanta – is daoine maithe iad sa phost mícheart. Ach is cur amú acmhainí na postanna seo – nuair a deirim acmhainí séard a chiallaíonn sé sin airgead agus deamhéin ón bpobal mhór, tusa agus mise, atá ag íoc as an bhfaillí seo.

    Freagra
  11. Úna G

    Coimisinéir Teanga = cur amú € 1m in aghaidh na bliana
    Cucumber Ó Liatháin = cur amú spáis in aghaidh an lae

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s