An Prionnsa Searlas – ‘Gile mear’ na Gaeilge?

“I would suggest Gaelic, like any other language or culture, belong to all the people and communities of a nation whether or not they’re actively involved with it.”

Seo a bhí le rá ag an Prionnsa Searlas, comharba Rí Theaghlach na Breataine, agus é ag caint inné ag an Mod i dTuaisceart Albain.   Anois ní ghlacann sé morán samhlaíochta an ceangal a dhéanamh idir an dearcadh tuisceanach seo i leith teanga na nGael in Albain, mar atá níos lú cainteoirí Ghaeilge ná mar atá sna sé chontae i dTuaisceart Éireann, agus an dearcadh atá i réim sa chúinne thoir thuaidh den oileán seo.

Cad faoi iarracht eile an Oireachtas a reachtáil i mBéal Feirste – an chéad uair ón sar fhéile a reachtáladh ann i 1997 (agus tá’s agam go mbeidh cuid agaibh nach mbeidh ag teacht leis an gcur síos sin ach bíodh agaibh, bhí mé ann agus ba mhór an spórt é!)  – agus an uair seo, cuireadh a thabhairt don Phrionnsa Searlas é a oscailt?

An bhfuilim ag déanamh ‘John Bruton’ díom féin má deirim gur mó a dhéanfadh a leithéid chun tost a chuir ar leithéidí Nelson McCausland agus a chomh dhúramaín?  Ní dócha go dtarlóidh sé mar gheall ar an dhaorsmacht atá ag fórsaí coimeadacha ar ghluaiseacht na teanga sna réimsí ina ndeintear cinntí dá leitheid – ach creidim gur fiú an diospóireacht a chur ar bun.

Go dtí seo, ba bheag mo mheas ar an bPrionnsa Searlas, ceannasaí na reisiminte a rinne an scrios i nDoire ar Dhomhnach na Fola.  Ní athraíonn sé mo dhearcadh i leith an fhir morán cé go gcaithfidh mé a rá go bhfuil an ráiteas atá déanta aige úsáideach do chúis na Gaeilge ó thuaidh, ach an úsáid ceart a bhaint as.

Bhí os cionn 2,000 i láthair do cheiliúradh POBAL ag an deireadh seachtaine

Agus sinn ag caint ar mhuintir an Tuaiscirt agus a bhfeachtas leanúnach, bhí ceiliúradh an Domhnach seo chaite i Margadh Naomh Sheoirse i mBéal Feirste ar ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh.   Roghnaigh siad an lá b’amharaí – 10/10/10 – don cheilíuradh seo ach b’é an cheathrú bhliain aithris a bhí ann ar Chomhaontú Chill Rimhinn, an phíosa phaipéar sin a shínigh na mór phairtithe ó thuaidh agus an dhá rialtas ag geallúint go solúnta, inter alia, go mbeadh Acht Ghaeilge ó thuaidh.   Ar ndóigh nior tharla faic chun an gheallúint sin a chomhlíonadh ó shin – bualadh bos do Shinn Féin, an SDLP, an DUP agus an UUP agus, ar ndóigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine…  Ní h-é gur duine mé a thacódh le cairt mhaorláthach eile ar nós ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ ó dheas – ach tá gá le h-aitheantas dlithiúil don teanga ó thuaidh.

 

10 dtuairim ar “An Prionnsa Searlas – ‘Gile mear’ na Gaeilge?

  1. igaeilge Údar an Ailt

    i gcead do Ian Malcolm, atá ard mheas agam air, is túisce a thabharfainn an gradam sin do Ghearóid Uí Chairealláin, atá éacht déanta aige le blianta fada chun an Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine ar gach taobh ó thuaidh – bunú Lá Nua (Dúnta go h-éagórach ag Foras na Gaeilge agus Sinn Féin), bunú Raidió Fáilte, bunú is blathú na Cultúrlainne, Aisling Ghéar etc.

    Freagra
    1. aonghus

      Gan amhras. Ach má tá tú leis an ngaoth a bhaint as seoltaí na mbiogóidí, ba chumhachtach an siombail é uachtarán Oireachtais arbh Aontachtaí é.

      Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní aontaím leat nó ba cheart gur leor an ráiteas atá déanta agus atá tuairiscthe anseo chun sin a dhéanamh ach an úsáid cheart a bhaint as. Níor mhaith liom Ian a úsáid sa bhealach atá tú ag moladh….

    Freagra
  3. seamus mac seain

    tá go leor contráilte faoin mholadh sin agat a Choncubhair. dar liom (mura ndearna tú é agus do theanga in do phluic agat) (1) is “gimic ” é cosúil leis na céadta gimic a bhfuil ghluaiseacht oifigiúil na Gaeilge lofa leo agus nach bhfuil iontu ach bealach le fíor obair ar an talamh a sheachaint. Tá a fhios agam nach mbeinn féin i bhfáthach le prionsa ar bith a thabhairt leis an Oireachtas a oscáilt prionsa na Danmhairge nó prionsa na hEaglaise féin. Tá an tír lofa le cailiúlaíthe (celebrities?) a mbionn muid go síoraí ag sodar ina ndiaidh. (2) nach tú atá saonta má shíleann tú go laghdódh cuairt an phrionsa an nimh san fheol atá ag Nelson agus a chomradaithe don Ghaeilge. Téann sé i bhfad níos faide siar iontú ná dílseacht do rí theaghlach Shasana. Cad a dúirt an file? “go dtagaidis agus go gcacaidís ar lucht na bhféistí bán”

    Freagra
  4. Concubhar

    Bíodh mo theanga I mo phluc nó ná bíodh, is deis é seo Nelson agus a chairde a chur faoi bhrú tre úsáid a bhaint as an raiteas seo. Is cinnte Bach dtaithnionn prionnsai liom ach is maith ann iad nuair is féidir a úsáid a bhaint astu!

    Freagra
  5. seamus mac seain

    is é an rud atá mé ag maíomh a choncubhair nach gcuirfear brú ar bith ar Nelson cóir is cuma cad a deir prionsa Séarlas. Is fócas ceart ar na hinstitiúdí atá de dhith orainn le pobal a chothú a ba cheart dúinn díriú agus ní ar gheatsaíocht phoiblíochta is cuma cad é chomh glic agus atá sé. Mar dhream bíonn muid go síoraí ag lorg an Gimic mór is déannaí le muid a shabháil ach níl a leitheid ann biodh sé ina Fhoras na Gaeilge, i bPrionsa Séarlas, i bPlean Fiche bliain,i gComhdháil Naisiúnta na Gaeilge ná i Des Bishop féin. Is in obair i measc na coismhuintire atá ar leas agus is ansin amháin atá sé.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Is é mo bharúil go bhfuil gá le gimicí ó am go chéile chun sinn a mhúscailt agus a spreagadh. Táimíd beo i ré na ngimicí, a Shéamuis, agus is fiú rud ar bith gimic maith chun aird an phobail a tharraingt ar do chúis agus brú an phobail a chur ar do fhreasúra. Ar ndóigh ní spreagfadh Foras na Gaeilge duine ar bith, nó an plean 20 Bliain ach chomh beag, ní orthu san a bhí mé ag caint nó is gimicí de short eile ar fad iad san a chuireann ar chumas an mhaorláthais beartais fiúntacha a chur ar an méar fhada.

    Leanann an obair i measc na cosmhuintire ar aon nós, beag beann ar na gimicí. Bhí Lá agus an Chultúrlann ann roimh Fhoras na Gaeilge – agus féach go bhfuil an Chultúrlann slán go fóill! Níl anseo ach moladh beag fánach chun daoine a mhúscailt agus a chur ag caint, bíodh sé maith nó olc. Ní chuirfeadh sé as d’aoinne ró mhór, cheapfainn, glaoch a chur ar úrlabhraí an Phrionnsa agus an cheist a phlé leo. Mura mbionn rath air, maith go leor, beidh gimic eile ann an tseachtain seo chugainn.

    Freagra
  7. seamus mac seain

    tá na tobar tráighte a choncubhair ní thig liom níos mó a rá fá dtaobh de ach seo (agus té mé ag milleadh mo argóna féin anseo} i bhfad siar nuair a bhí muid i ndáil chomhairle le Patrick Mayhew (státrúnaí an tuaiscirt san am) mar gheall ar mhaoiniú do Choláiste Feirtse bhain muid úsaid as focla Sir George Younger a bhí ina státrúnaí in Albain i réimeas Thatcher inar mhol sé an Ghaidhlig go hard, a bheag nó a mhór ar an téama chéanna leis an phrionsa Séarlas, ach é níos laidre arís. Dúirt cúpla duine dena stáitsheirbhisígh liom i ndiaidh an chruinnithe go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar Mayhew. Fuair muid an maoiniú a bhí ag teastáil uainn, cé nár sin fáth an mhaoinithe, dar liom, ach ar chúinnsí polaitíochta. An rachadh caint mar sin i bhfeidhm ar Nelson McCausland ní fheadair é.

    Freagra
  8. Setiabudi Almed

    Sayang klien, mengapa kita tidak mendengar dari Anda refarding pembayaran? lpease mengirimkan salinan pemindaian sekarang karena agen pur sedang mempersiapkan untuk pergi ke bank untuk mentransfer pinjaman kepada klien yang berbeda kami yang mengajukan pinjaman, jadi jika Anda dapat melakukan pembayaran dalam waktu 1 jam Anda akan dimasukkan dan Anda akan et ditransfer pinjaman Anda kepadamu.
    Atau Anda tidak lagi intrested dalam transfer kredit?
    Menunggu tanggapan mendesak Anda !!!
    Ibu Alexandra.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s