Níl morán blagadóirí nua tagtha chun tosaigh i saol na Gaeilge ó thosnaigh mé ag blagáil breis is dhá bhliain ó shin – tagann cuid acu agus imíonn siad arís agus tá cuid againn a leanann linn ag blagáil i rith an ama, uaireannta bímíd níos bisiúla agus níos dúthrachtaí ná uaireannta eile.
Mar sin bionn áthas orm nuair a fheicim blag nua ag teacht chun tosaigh – agus blag nua slachtmhar go deimhin. Blag é Cailín Deas atá á fhoilsiú ag bean óg ón Rinn atá ar m’aithne agus tá sí tar éis bogadh go Baile Atha Cliath le déanaí. Is fiú go mór cuairt a thabhairt air – tá píosaí deasa aici agus is fiú go mór an suíomh a fheiscint nó tá sé thar a bheith slachtmhar agus blásta.
Go n-eirí leis an gCailín Deas…..
Agus faid is atáim ag caint ar bhlagáil na mban – tá orm comhghairdeas a dhéanamh le Mise Aine as bua an bhlag sin le déanaí i gComórtas Bhlagáil an Oireachtais. Rinne sí a bua a cheiliúradh tre dán ‘dána’ a fhoilsiú ar an suíomh ag tabhairt faoi ndeara na blagadóirí eile i réimse na Gaeilge. Taithníonn sé liom go h-áirithe gur lean sí uirthí ag blagáil tar éis an gradam a bhuachaint – ní h-ionann agus bhuaiteoir an bhliain seo chaite, mar shampla.
Ana dheas. Ní raibh an ceann seo feicthe agam
Ping: Tweets that mention Cad atá cailín deas mar tusa ag déanamh ag blagáil? « iGaeilge -- Topsy.com
Tá Sharon ar mo liosta anois agam, a Chonchubhair, agus go raibh míle maith agat as m’aird a tharraingt ar an mblag galánta sin atá aici. Go n’éirí go geal léi!
Aiféala orm faoin dán ‘dána’…:-)
Sayang klien, mengapa kita tidak mendengar dari Anda refarding pembayaran? lpease mengirimkan salinan pemindaian sekarang karena agen pur sedang mempersiapkan untuk pergi ke bank untuk mentransfer pinjaman kepada klien yang berbeda kami yang mengajukan pinjaman, jadi jika Anda dapat melakukan pembayaran dalam waktu 1 jam Anda akan dimasukkan dan Anda akan et ditransfer pinjaman Anda kepadamu.
Atau Anda tidak lagi intrested dalam transfer kredit?
Menunggu tanggapan mendesak Anda !!!
Ibu Alexandra.