Sinn Féin: ‘Dí-Ghaelú na hÉireann’

Ach amháin go bhfuil an páirtí chomh mí-eifeachtach faoi láthair agus ag sleamhnú sna pobalbhreitheanna, bheadh duine buartha faoin ‘fhís’ atá ag Sinn Féin don Éire Aontaithe atá siad in ainm is a bheith ag troid ar a son.

Seo a bhí le rá ag Pádraig Mac Lochlainn, duine de ghlúin óg an pháirtí,  agus é faoi agallamh ag BBC Raidió Uladh an oíche dheireannach.

‘My vision as a Republican of a United Ireland is not one where we all
speak Irish and do Irish dancing at the crossroads, the people who have a
British tradition, which is well over a million people on this island, have
a right to have an umbilical link to their tradition, to have that
relationship to the culture and community they emanated from, so we can
find a way of commonsense co-operation with people having their own
individual space.’

An mise an t-aon duine amháin a chreideann nach gá dúinn ár gcultúr dhúchasach a gheilleadh chun obair i bpáirt le h-Aondachtaithe?   Nach é ár gcultúr a gcultúr freisin?

9 dtuairim ar “Sinn Féin: ‘Dí-Ghaelú na hÉireann’

  1. Dubhaltach

    Feictear dom nach bhfuil sé ag géilleadh aon rud, ach ag taispeáint meon poblachtach agus ag rá nár mhaith leis Gaeilge a bhrú ar Aontachtaithe.
    Conas is féidir aontachtaithe a DhíGhaelú mura bhfuil siad Gaelach?

    Freagra
  2. Janet

    Níor shíl mé gurb é ‘an meon poblachtach’, gur rud sean-aimseartha atá i labhairt na teanga, ach ar an drochuair nuair a nascann Mac Loughlinn labhairt na teanga le nasc cainte De Valera ‘dancing at the crossroads’ tá sé ag cur chun cinn íomhá sean-aimseartha, agus bagáiste ar leith leis, go háirithe b’fhéidir i meon an aontachtaigh. Cén fáth nach mbeadh muid ag labhairt i nGaeilge teacht Éirinn aontaithe? Sin an teanga a roghnaíonn cuid againn ceanna féin. Tá pobal na Gaeilge óg, bríomhar agus éagsúil, ach an fírinne atá ann, is iad na haontachtaithe atá ag séanadh cirt do phobal na Gaeilge agus ní an bealach eile thart. Níor chóir cur leis an mhíotas go mbíonn cosc ar labhairt an Bhéarla de bhri go bhfuil roinnt againn ag cosaint agus caomhnú na Gaeilge. Is díGhaelú na nGael a bheadh i gceist mar sin.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Janet, chomh fada agus is eol dom, níor bhain DeValera úsáid riamh as an frása sin “dancing at the crossroads”, fiú san óráid sin a thugtar air sa Bhéarla, “DeValera’s ‘Dancing at the Crossroads’ Speech”.

      An t-aon duine poiblí a chuala mé ag baint úsáide as ná an iar-fheisire aontachtach John Taylor siar sna nóchadaí agus é ag tagairt don phobal aontachtach. “We are not Irish, we do not speak Gaelic, we do not dance at crossroads”, a dúirt sé.

      Freagra
  3. seamus mac seain

    agus anois beidh na mílte Aontachtach ag iarraidh clárú le “Poblacht Mhic Lochlainn” i ndiaidh dóibh an miseán raitis seo a léamh. féadfaidh Kevin Myers codladh go sámh anocht tá SF ar a thaobh. Seans ar bith gurbhé Mac Lochlann an chéad chomhalta eile Shinn Féineach ar Fhoras Na Gaeilge? Tá an meon ceart aige fá na choinne

    Freagra
  4. Gearóid Ó Cairealláin

    macasamhail chonchuir,santaimse an la go mbeidh an teanga naisiunta in usaid go fairsing fud fad na heireann. niorbh mhiste liom eire aontaithe a afhad is go ndeanfadh sin morleas na muintire, rud a chreidim me fein Creidim,leis go bhfuil polasai den chineal seo ag na pairtithe polaitiula naisiunaiocha uilig go leir, ce gnach bhfuil siad abalta inse duinn an tsli chun na cuspoiri uaisle seo a bhaint amach. lomchlar na firinne,afach, nach bhfuil aontachtaithe na tire ag teacht leis an dearcadh seo,bheinse fein sasta ach cothrom na feine a bheith ag an da dhream mar chead cheim. Nuair a ghlac muid le comhaountu Aoine an cheasta, ghlac muid le comhreiteach, comreiteach a bhi riachtanasach i dtreo na siochana agus athghaelu na heireann. Faraoir gear, ni bheidh me fein ag rinnce ag na croisbhealai go foill beag.

    Freagra
  5. Pod

    Sílim go raibh sé ag cur in éadan an seán dearcadh ó na hAontachtaí gurbh é an seán nós Éire de chuid de Valera a bhfuil muid ag iarraidh a bhaint amach. Níl.

    Tá taifead Sinn Féin maidir le cúrsaí Ghaeilge soiléir, go hairithe comrád Mac Lochlainn i dTír Chonaill, Pearse.

    Sílim gur cás EILE é seo de Concubhar ag dul d’ionsaí ar Shinn Féin ar mhaithe le ionsaí a dhéanamh.

    Freagra
  6. Concubhar Ó Liatháin

    Tá taifead SF soiléir ar an nGaeilge, maith go leor. Níl faic tarluithe le hAcht na Gaeilge. Cailleadh an Chiste Craoltoireachta ó thuaidh ar fhaire SF – ní fuarthas ar ais é go dtí gur chuir pobal na Gaeilge ó thuaidh brú ar SF. Dúnadh dhá nuachtán Ghaeilge agus SF ar bhórd an Fhorais – agus níl an fhoilseachán a tháinig ón bhForas ach ag foghlaim na ceirde go fóíll. Maidir le Pearse Doherty, an é sin an Sinn Féineach atá ag reachtáil cruinnithe chumainn SF i mBéarla sa Ghaeltacht go fóill?

    Freagra
  7. seamus mac seain

    fáilte agus fiche roimhe Ghearóid chuig saol na blagála agus ní “trachtaire Balaclava” é ach oiread ach a ainm dílis féin lena thuairimí. Go mba fada buan é.

    Is dócha go dtugann muid an iomarca airde ar na polaiteóirí sa tír seo,aird nach bhfuil tuillte acu. is sinn féin agus ní “SINN FÉIN” a chaithfidh an teanga a shabháil,agus na h-institiúidí a bhunú lena láidriú ach caithfear a ádmháil nach raibh muid millteanach éifeachtach ina cheann go dtí seo. Ar athraigh mórán ó scríobh Máirtín Ó Cadhain sna caogaidí den chéad seo thart. ” Ainneoin a bhfuil déanta ar fud an hÉireann, níl i mbaile mór amháin, sráid,céide,corrán ascaill,ná scéim tithe dá laghad atá Gaelach ná leath Ghaelach féin” Smaoinígh nár luaigh sé Pápéir Nuachta,raidíó,Teilfís (ní raibh sin ann ag an am) na damhsaí ná cultúrlanna ná na héagrais Ghaeilge nó thuig sé gur i gcomhluadar le do chomharsa béal dorais a mhaireann teanga. Ar bhealach tá sinne i nGluaiseacht na Gaeilge ag freastáil ar phobal nár éirigh linn a chruthú go fóill. Gan na Lonnaíochtaí Gaelacha sin atá luaite ag Ó Cadhain is dócha nach bhfuil i ndán don teanga ach bás fadalach píanmhar. Cá bhfuil na bríceadóirí inar measc? nó an ag damhsa ag an chroisbhealach atá siad? (rinncí seite gan dabht)

    Freagra
  8. Ping: Tweets that mention Sinn Féin: ‘Dí-Ghaelú na hÉireann’ « iGaeilge -- Topsy.com

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s