Cúigear agus Seachtar

Mícheál Ó Coileáin

Tá dhá sbraith tosnaithe an tseachtain seo ar RTÉ agus ar TG4 atá ag cur go mór leis an dtaithneamh atá le baint as an dteilifís um an dtaca seo.

Ní aireoinn mé féin in leantóír den iar Thánaiste, Michael McDowell. Is cuimhin liom ‘An tAire MacDramhaíola’ a bhaisteadh air i gceannlíne i bpríomhscéal inar tugadh le fios gur aimsíodh caipéisí rúnda ón Roinn Dlí agus Cirt ar lathair dramhaíola ó thuaidh.

Ach in ainneoin mé féin agus an doicheall atá agam don bhfear, bhaineas taithneamh as a chur i láthair phaiseanta ar chás Mhichíl Uí Choileáin don ‘chomórtas’ atá á reachtáil ag RTÉ chun an Éireannach is fearr riamh a aimsiú.   Chun an fhírinne a ínsint nílim tógtha leis an gcoincheap ar chúl an chlár, Ireland’s Greatest,  go h-áirithe nuair a thug sé ‘Barr 10’ dúinn ina raibh leithéidí Steven Gately luaite.   (Ní h-é go bhfuil aon drochmheas agam ar Steven Gately, ar a dheis Dé go raibh sé, ach ní airím é ar an Bharr 10 de na hÉireannaigh is fearr riamh!).

Ach ní miste liom an choincheap de bhrí go bhfuil deis againn clár neamheaglach faoin bhFear Mór a fheiscint ar an dteilifís.   Chuir sé íontas orm go raibh McDowell, arbh iad IRA na linne seo a namhad mhallaithe, chomh tógtha leis an gCoileánach a raibh ar chúl cuid de na h-eachtraí ba bhrúidiúla i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Chathardha.   Chuir sé é i gcomparáid le Nelson Mandela agus George Washington, beirt sceimhlitheoir mór le rá eile.

Ní raibh an oiread san béime sa chlár ar an gCoileánach agus an Ghaeilge – bhí sé ina bhall shínsearach i gConradh na Gaeilge i Londain – ach ag an am chéanna, bhí an chlár seo fíor spéisiúil agus thug sé léargas mhaith dúinn ar an gCoileánach, a fhealsúnacht agus a ghníomhartha.

Caithfidh mé a rá gur bhain mé taithneamh, den chuid is mó, as cur i láthair McDowell.  Bhí sé paiseanta – cé gur chuaigh sé thar fóir ó am go chéile lena chuid ‘clichéanna’ ag moladh an Choileánach.   Is doigh liom gur thaitin an chur i láthair liom mar gheall go raibh sé paiseanta agus gur sheachain sé an rud a bhionn ag cur as do chláracha faisnéise, an dúil marfach sa ‘chomheá’ agus san ‘oibiachtúlacht’.  Níos cruinne a rá, taithníonn sé le cainéalacha teilifíse go mbeadh cuma ‘údarásach’ is ‘neamhchlaonta’ ar a gcuid cláracha faisneise, ionas nach gcuirfidh siad as do dhaoine agus, dá bhrí sin, nach gcuirfear an lucht féachana ó dhoras.    Ní thugtar an oiread san meas don phaisean.  Tuigimíd go léir an áit arbh as do McDowell, garmhac Eoin Mhic Néill, agus an dearcadh atá aige i leith Poblachtánachas, an phort a bhionn aige faoi ‘athshlánú na Poblachta’ ón dream, dar leis agus le go leor eile, a thug easonóir don Phoblacht agus don Thrídháthach le mí iompar.  Agus an tuiscint sin againn, táimíd go maith ábalta breith cóir a thabhairt ar fhiúntas (nó a mhalairt) an chláír seo.

Tomás Ó Cléirigh (An aisteoir a ghlac a pháirt i sraith TG4)

Tá paisean is ceardaíocht le mothú freisin sa sraith nua, 1916 Seachtar na Cásca, atá á chraoladh ar TG4.  Taispeanadh an chéad chlár, faoi Thomás O Cléirigh, aréir (Dé Chéadaoin) agus d’ínsíodh scéal ana spéisiúil faoin Chléireach, an chéad ainm atá luaite ar fhorogra na  Cásca, fear a chaith timpeall ar 18 mbliain deag sa phriosíún (dhá sheal, trí bhliain agus 15 bhliain).

Tá sé beagnach 100 bliain ón Eirí Amach agus is mór an íontas nár ínsíodh scéal na Sínitheoirí go dtí seo ar an dteilifís.  Tá meascán deas de ‘chloiginn ag caint’, ‘scannán cartlainne’ agus ‘dramaíocht’.    Níl morán griangrafanna againn den Chléireach de bhrí gur chaith sé furmhór na mblianta ina raibh sé sáite leis an IRB agus ag beartú an IRB ag iarraidh an phoibliocht a sheachaint.  Fear ar chúl téarmaí a bhí ann ag an am sin – cé gur ghlac sé páirt lárnach san Eirí Amach.   Táim ag súil go mór le scéalta na Sinitheoirí eile a fheiscint.

Bhí an léiriú ag Abú Media ar fheabhas, ceol álainn ar a chúl, scribhinn eolgaiseach fite fuaite le dea scéalaíocht ó Aindrias  O Cathasaigh.  D’aithníos cúpla aisteoir ón gclár – leithéidí Seán O Meallaigh i bpáirt Sheán Mhic Diarmada agus Lorcan Cranitch a rinne páirt Séamus O Conghaile.

Tugann an dhá chlár seo léargas dúinn ar cheannairí na staire, daoine a d’fhulaing go leor ach nár lig dá bhfulaingt nó a laigí cur isteach ar an obair éachtach a rinne siad.  B’fhiú do Rialtas na linne seo féachaint go géar ar na cláracha seo.

2 thuairim ar “Cúigear agus Seachtar

  1. Dubhaltach

    Cheap mé go raibh sé spéisiúi an chaoi ar mhol McDowell Mac Néill as an éirí amach a chur ar ceal, nó as an iarracht a dhein sé ina leith ar aon nós.

    Mhol Micilín a sheanathair as a phraiticiúlacht agus a stuaim gan dul ar aghaidh.

    Agus ansin aréir bhí staraí á cháineadh go láidir, ag déanamh ceap magaidh den fhear agus a ról san IRB, beagnach!
    Ní raibh ann ach fear sop le haghaidh Ó Cléirigh agus Mac Diarmada ag deireadh na dála, ach fear sop ar tháinig siabhrán mórgachta air!

    Ar chloisteáil an mhír sin domh aréir phléasc mé amach ag gáire ag smaoineamh faoi Mhichíl bocht suas an ród uaim ag breathnú air, agus a shiabhrán mórgachta féin..goa 🙂

    ó agus rud eile, cén fáth nár léigh sé na hainmneacha amach as Gaeilge sa chaoi a raibh sé scríofa ar an chonradh?!

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Agus mé ag féachaint ar an dhá chlár rith sé liom easpa talainne polaiteoirí ár linne.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s