Cosa Shinn Féin nite ó dheas?

De réir torthaí phobalbhreith TV3 trathnóna is é Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is treise sa Stát.  Ní fheadar an bhfaca an pháirtí tacaíocht 35% riamh roimhe.  Tá Fine Gael sa dara áit ag 30% agus Fianna Fáil thiar ag 22%.    Mar sin tá Fine Gael morán mar a bhí agus Fianna Fáil freisin – ach cá bhfuil votaí an Lucht Oibre ag teacht uaidh?

Tá siad ag teacht ó Shinn Féin.   Níl ach 4% anois ag an bpáírtí sin agus léiríonn sin chomh imeallach is atá an pháirtí seo i saol na tíre.   Níl ag eirí le SF leas a bhaint as an ngaoth fuar atá ag seideadh don rialtas a bheag nó a mhór, in ainneoin gur ionann gaoth fuar don eite dheis agus gaoth na tacaíochta i seol an fhreasúra is binibí don Rialtas.

Tá ag teip ar SF an phobal a thabhairt leo trath gur cheart go mbeadh dóirse an pháírtí á bhriseadh síos.    Ní cosúil go bhfuil aon pholasaí inchreidte ag an pháirtí ar aon cheist cé go mbionn go leor fothroime á dhéanamh ag leithéidí an Seanadóir Piaras O Dochartaigh.

An bhfuil SF go deo smálaithe ag an gceangal atá acu leis an bpáírtí is faide ar an eite dheis ar an oileán, an DUP?   Nó an é nach bhfuil an mianach sa pháirtí aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim ina bhfuil an pháirtí – agus nuair atá i ngiorracht de 4% de gan aon tacaíocht a bheith agat, is géarchéim é sin gan aon amhras.

2 thuairim ar “Cosa Shinn Féin nite ó dheas?

  1. Seosamh Ó Beirgin

    Bhí an t-impreisiúin (más sin an focal ceart) riamh agam gur chuid de lucht tacaíochta Shinn Féin thú go dtí gur rinne siad feall, más fíor,ar Lá Nua.

    Mar sin, a Chonchubair, nuair is teacht ar tuiscint ar geáitsíocht na Shinners atá i gcéist caithfidh tú bheith áirithe i measc na “bhfoghlaimeoirí malla”.

    Ar aon nós, fáilte ar ais chuig an blagáil.

    Freagra
    1. seamus mac seain

      is é an deacracht is mó a bhíos ag ceannaire polaitiúil ar bith a Choncubhair ná fios a bheith aige cá h-uair is ceart dó imeacht. Chaill an t-uasal Adams a sheans cúpla bliain ó shin imeacht agus an ghrian ag lonnrú air. Is coasúil gur i lár na doininne a imeoidh sé anois. Is deacair an ghlóir a fhagáil in do dhiaidh. Is fíor don té a dúirt gur teip atá i ndán do gach polaiteoir is cuma cé hé é

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s