An Ghaeilge i leamhsháinn pholatúil

Tá cúpla alt suimiúil i mBeo na míosa seo, iris atá ag déanamh dul chun cinn nach beag le déanaí, agus baineann siad le cur chuige Fhine Gael i leith na Gaeilge.   Bíodh is nach bhfuil aon bá agam le polasaithe Fhine Gael i réimse na teangan, chuir sé íontas áirithe orm go raibh na h-altanna chomh binibeach ina gcuid ionsuithe ar an bpáirtí.

Ina alt,  píosa atá stuama agus loighiciúil, deir Breandán Delap:

Níl aon amhras ach gur tubaiste thar na bearta do sheasamh na Gaeilge in Éirinn a bheadh ann dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm.

Ní áibhéil atá sa mhéid sin, gan aon amhras, ní scríobhnóir é Delap tugtha don ghearrthóg tablóideach.

Sin an chéad sonc d’Fhine Gael, mar sin féin, ó Bheo na míosa.

An dara sonc, is é Donncha O hÉalaithe sa chúinne dearg a thugann é agus is buille íseal go leor é, ionsaí gangaideach ar an chead beart ó Frank Feighan, urlabhraí Gaeltachta gan Ghaeilge Fhine Gael, pobal Oilean Chliara i Maigh Eo a chur ag labhairt Gaeilge mar ghnath theanga phobail arís.

’Sé an rud is scanrúla domsa faoi seo, go bhfuil urlabhraí Gaeltachta an pháirtí a bheas i gceannas na tíre th’éis an chéad olltoghcháin eile, ag moladh a leithéid de thionscnamh teanga: airgead, acmhainní agus fuinneamh a chaitheamh amú ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochaint in áit cosúil le Cliara nuair atá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh an méidín beag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar, iompaithe ar an mBéarla faoi 2030. Más é tionscnamh Chliara an cur chuige is fearr atá le moladh ag Fine Gael i láthair na huaire, le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht, is bocht an scéal é. Léiríonn sé thar aon rud eile go bhfuil easpa tuisceana ar an urlabhraí nua ar chúrsaí Gaeltachta. Más mian le Enda Kenny go gcuirfidh daoine le spéis sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht muinín ina pháirtí, b’fhearr dhó cúram na Gaeltachta/Gaeilge a bhaint de Frank Feighan.

Nílim cinnte an feidir an Ghaeilge a shlánú ar Oileán Chliara mar a cheapann Frank Feighan – agus creidim go bhfuil beagáinín den pholataíocht sa bheartas.  Ag an am chéanna, is iad na h-iarrachtaí a dheintear ar bhonn áitiúil an teanga a bheathú agus a chothú na beartais is tabhachtaí agus níl aon chúis nach dtabharfai faoi ar oileán ar nós Cliara, chomh maith le h-áiteanna eile.

Is é an dearcadh a dhiultaím go h-iomlán ‘Teoiric Titanic’ Uí hÉallaithe.  Is é sin go gcreideann sé, is cosúil, go bhfuil an Ghaeilge ag dul faoi, mar a chuaigh an Titanic faoi, agus nach bhfuil le déanamh anois ach aire a thabhairt do na daoine atá ar bhórd na báid tarrthála (ie an phíosa bheag den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar).

Níor chuala mé aon rud go fóill a thugann muinín dom go dtabharfar feidhm don Raiteas iomráiteach i leith na Gaeilge a deineadh i mbéal na Nollag 2006.  Fiú dá gcreidfinn gur chreid an Rialtas ina raiteas, bhí go leor débhríochas sa Raiteas a thabharfadh le fios duit ná raibh sé i gceist aon chéim shuntasach chun tosaigh a ghlacadh.     Chuir an ‘Ráiteas’ ar an méarfhada an uair go mbeadh straitéis ann agus chuir an proiseas chun straitéis a chumadh ar athló an uair go mbeadh beart le déanamh.

Anois tá an aeráid pholatúil athruithe go mór agus níl an diospóireacht teorannta anois do cheisteanna faoi ‘theorainn na Gaeltachta’.  Tá beatha is bás na Gaeltachta mar cheantar intí féin i gceist.   Agus is cuidiú mhór don dream atá le fada an lá ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeltacht an fhealsúnacht go bhfuil an Ghaeltacht ar an dé deiridh.

Má cheapann Donncha O hÉallaithe gur ar leas na Gaeltachta atá sé sceannairt a dhéanamh anois mar gheall go bhfagfar an chuid den Ghaeltacht ina mhaireann sé mar atá, tá dul amú air.  Uair amháin go dtosnaíonn an scian ag gearradh, ní stopfaidh sé.

Is amhlaidh NACH mbeidh breis acmhainní ann don Ghaeltacht, fiú mura fhagtar ann ach cúpla pobal scaipithe i gCiarraí, i gConamara, i dTír Chonaill.   Go deimhin beidh níos lú arís nó maífear nach bhfuil gá níos mó le hUdarás na Gaeltachta mar nach bhfuil fagtha sa Ghaeltacht ach dornán teaghlach.

Ní bheidh breis acmhainní ann mar nach bhfuil siad ann.   Is é an rud is gá a dhéanamh anois cás dearfach a dhéanamh ar son na teanga, conas is féidir lei ar leas na tíre, conas is féidir an Ghaeilge a úsáid, mar shampla Gaelscoileanna, chun ard chaighdeáin a bhaint amach i riar na tíre.     Tar éis gur bhuail stróc an tír i 2008, mar thoradh ar na blianta rachmais agus an amplacht a ghabh leis, tá gá le teacht ar ‘spiorad na tíre’ aris.  Creidim gurb é sin an scéal atá le h-ínsint againn faoin teanga.

Chun go dtabharfar cluas dúinn ar seo, tá orainn féachaint ar nithe ar nós ‘Acht na dTeangacha Oifigiúla’ agus ‘Maorláthas na Gaeilge’ agus tús áite a thabhairt do dhá bheartas – an Ghaeilge a bheith fite fuaite sa chóras oideachais níos fearr agus an Ghaeilge mar chuid riachtanach dár saol tar éis an seal ar scoil.

Nuair a leagtar an bhéim ar fad ar ‘an nGaeltacht’, ar ‘dheontaisí’ agus ‘oifigiúlachas’ – agus deintear dearúd i gcónaí go bhfuil na céadta míle duine sa tír seo atá báúil don teanga, ar mhaith leo í a fhoghlaim ach an ‘dara seans’ a fháil agus ar mhaith leo í a labhairt.

An rud atá romhainn na deiseanna sin a thabhairt doibh.   Maidir le teorainneacha na Gaeltachta, ní chreidim iontu.  Mar a dúirt mé i bhfad ó shin – agus is port é seo anois ar shuíomh Gaelscéal – Gaeltacht gan teorainn atá uaim.

An dtarlóidh sé seo ?   Ní dócha é.  Tá an iomarca suimeanna leasmhara ag iarraidh a slis den phíóg a chosaint go tréan agus fhaid is atá an troid ag dul ar aghaidh eadrainn féin, ní thabharfar cluas do dheascéal na Gaeilge.

2 thuairim ar “An Ghaeilge i leamhsháinn pholatúil

  1. seamus mac seain

    Ní bhíodh Máirtín Ó Cadhain i gcónaí ceart a Choncubhair ach dúirt sé aon uair amháin ” nach mairfeadh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach nach mairfeadh an Ghaeltacht gan cuma a bheith ar an Ghaeilge go raibh sí ag dul a theacht arais sa chuid eile den tír”. Ní shílim go bhfuil an fhealsúnacht sin ag teacht salach ar dhearcadh Dhonncha Uí hÉalaithe. Tá an ceart aige dar liom nuair a deir sé go bhfuil an Ghaeltacht ag teastáil le go mairfeadh an teanga agus gur cheart gach fuinneamh agus achmhaoín Rialtais a chur taobh de sin ach san am céanna don chuid againn nach den Ghaeltacht thráidisiúnta sinn ní thig linn ach ar saol agus ar gceantracha féin a thiontú ina Ghaeltacht má’s féidir linn é. Má tá aon rud agam i gcoinne theachtaireacht Dhonncha is é an rud é go mbíonn cuma air go bhfuil sé ag cothú dearcadh “sinn agus iad” ar feadh a mbaineann sé leis an chuid againn nach bhfuil inar gcónaí sa Ghaeltacht agus creidim nach mbíonn neart go cur le chéile. Gluaisimis le chéile mar sin go ndéanfar “Gaeltacht athuair de Éirinn gan roinn”

    Freagra
  2. Natália Danzmann

    Dia dhuit ón Bhrasaíl. (Dia dhaoibh go léir atá á léamh anseo). Tá Gaeilge saghas briste agam fós, ach tá orm talamh slán a dhéanamh gur iontach suimiúil an bhlag seo. Maith thú!!!

    Is cosúil nach féidir liom tuairisc a thabhairt ar an nGaeilge in Éireann mar ní raibh mé ansin riamh, ach creidim nach mharaíonn teanga ar bith atá ag forbair gach lá. “Cumaimid focail ó am go ham”, mar a deir cara liomsa. Seans go bhfuil suim mhór i dteanga éigin, de chuid na cainteoirí, agus saoirse rogha acu. (Seans go bhfuil dul amú agam, chomh mhaith).

    Slán agus beannacht.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s