I mBéal Feirste cois cuain

Táim anseo i mBéal Feirste le cúpla lá, ag glacadh pairte i gclár teilifíse faoi mhalartú tí atá maoinithe ag an gCiste Craoltóireachta.  Faoi dheireadh táim ag baint leasa as an gciste sin a thug mé lámh cúnta do nuair a bhagair mo shean chara, Edwin Poots, an bás air le linn dom bheith im eagarthóír ar Lá Nua!  Táim anseo le mo theaghlach agus caithfidh mé a rá go bhfuilimíd ag baint an sult as an gcuairt go dtí seo.

Is é seo an chéad uair dom ar ais i mBéal Feirste ó bhí mé ag obair le Lá Nua breis is dhá bhliain go leith ó shin.  Tá go leor nithe nach bhfuil athruithe – féile agus fáilte phobal na Gaeilge, mar shampla, is tá roinnt atá athruithe – roinnt siopaí nua tógtha agus roinnt eile foirgintí folmha ar fuaid na cathrach. Bhíomar istigh i gCearnóg Victoria an oíche dheireannach.  Foirgneamh ollmhór atá ann – gan croí gan anam.   Chuamar chuig ‘Toy Story 3’ ann le na páistí agus bhaineamar an taitneamh as – sinn ag caitheamh na spéaclaí 3-D is uile.  Ní fheadar mar gheall ar na spéaclaí sin, cé acu an oibríónn siad nó nach n-oibríonn.  Mhothaigh mé go raibh an scannán as focas go dtí gur chuir mé orm an pheire!

Agus sinn ar ár slí go dtí ár loistín, atá ar an dtaobh eile den chathair ón dtig inar chonaíomar i gceantar Bhóthar Seoighe, ghlaomar isteach go Curley’s, an ollmhargadh sa Kennedy Centre a bhímís ag siopadóíreacht ann cúpla bliain ó shin.   Níl Curley’s ann níos mó – ina áít tá Sainsbury’s, ollmhargadh ollmhór Shasanach, agus an t-Ionad féin féistithe go deireadh.  An rud is mó a thugas faoi ndeara an chomharthaíocht dhá theangach ar fuaid an Ollmhargaidh, é snásta agus ildáite is gairmiúil.    Sin trí aidiacht nár luadh leis an dteanga san aimsir chaite – ní h-ionann an scéal níos mó, a bhuiochas de leithéidí Raidió Fáilte [atá beo ar chur chuige ghairmiúil ach, den chuid is mó, óglaigh amaitéaracha (is le h-ard mheas a thugaim amaitéirigh orthu ar eagla na mí thuisceana!)].

Ní feidir ach a bheith spreagtha ag an obair atá ar siúl anseo i ngort na Gaeilge.  Tá sé ar siúl i ngach cúinne den chathair – san iarthar, sa tuaisceart agus i ndeisceart na cathrach go h-áirithe.  Tá féile ag tosnú amarach [Déardaoin] sa Droichead i gceantar Ormeau, mar shampla, is bhí léacht suimiúil aréir sa Chultúrlann i mBóthar na bhFal.  An taiscéalaí ola is déantóir fuiscí [Heavy Fuel le Dire Straits á cheol agus mé ag scríobh seo!

Sa Chultúrlann chéanna tá go leor bogadh ag titim amach.   Tá Caifé Feirste ag feidhmiú ann anois agus ag déanamh go maith, le réimse maith bídh d’ard chaighdeán ar díol ann ar phraghasanna réasúnta.   Níos mó ná sin tá go leor grúpaí ag bogadh amach chun ligint d’obair togála tosnú ar na h-urláir thuas staighre an mhí seo chugainn.

Aithním go bhfuil ard obair ar siúl sa Droichead agus i gCumann Mhic Reachtain i dTuaisceart na Cathrach agus, go deimhin, i nDoire agus in Iúr Chinn Trá agus in áiteanna eile ar fuaid an tuaiscirt [An Charn mshampla] – ach is í an Chultúrlann cuisle beo na Gaeilge ó thuaidh.   Is í an chló ghorm don tír ar fad gan amhras agus gach noimead a chuirtear amú ag feitheamh ar airgead ón spéir chun a mhacasamhail a chur ar bun i ngach baile mór in Éirinn is noimead amú é nach bhfaighfear ar ais go brach.  Ní mór smaoineamh gur thosnaigh an Chultúrlann gan pingin agus le na focail ‘Eilifint Bhán’ ag macallú timpeall an  fhoirgnimh fholaimh ó mhaoinitheoir a thug bunaitheoirí na Cultúrlainne cuireadh do cuairt a thabhairt ar an áit le féachaint an dtabharfadh an eagras airgead phoiblí don bhfiontar.

Níl gá le foirgnimh nua, deartha ag ailtirí agus a leithéid.  Níl gá ach le seomra amháin mar thús.   Níl a fhios agam, mar shampla, cén fath nach bhfuil iarracht déanta caifé a chur sa siopa leabhar ag 6 Sraid Fhearchair na blianta ó shin chun go bhféadfadh Gaeil Bhaile Atha Cliath teacht isteach agus caifé a bheith acu is, b’fhéidir, leabhar a cheannach.   Nach é ‘footfall’ an príomh rud a bhionn á lorg ag lucht siopaí chun gnó a mhealladh – is cuimhin liom bheith i Waterstones le déanaí i mBaile Atha Cliath agus bhí caifé deas ann.  Ní raibh morán daoine istigh ann ach bhí sé luath ar maidin.   An rud a mhothaím go mbeidh ar shiopaí leabhair an seirbhis sa bhreis chun daoine a mhealladh chuthu le leabhair a cheannach – in áít a bheith á gceannach ar an idirlíon.

Is pleisiúr ar leith bheith ag brabhsáil sa Cheathrú Poilí, Siopa Leabhar na Cultúrlainne.  Is féidir leat leabhar a phiocadh suas agus suí sios leis agus bheith á léamh is tú ag ól chupán ó Chaifé Feirste.  Is minice ná a mhalairt gur cheannaigh mé leabhar sa tslí seo ná aon slí eile.  Tá sé deacair, gan amhras, eirí chomh tógtha faoi leabhair Ghaeilge agus go mbeadh dúil agat leabhar áirithe a cheannach mar ní bhionn an phoiblíocht nó an ‘hype’ mas maith leat.  Nuair a bhíodh Lá ann bhíodh forlíonadh ann gach seachtain le léirmheasanna, gearr scéalta is altanna próis is dánta ann.   Níl an seirbhís sin – agus ní raibh ann ach an iarracht is  lú i gcomparáid leis an dtuairisciú chuimsitheach a dheintear ar gach leabhar leath liteartha a fhoilsítear i  mBéarla.   Ní gá ach teoiric leath-bhacáílte a bheith agat chun cuireadh a fháil chun agallamh a dhéanamh ar sheó Pat Kenny nó Ryan Tubridy ar an Raidio.  Ní gá don teoiric bheith bacáílte ar chorr ar bith le bheith ar leithéidí Newstalk agus níl ansan ach an codán is lú de mheáin na hÉireann.

Tá gá le na siopaí go fóill – leithéidí An Cheathrú Poilí is an Siopa Leabhar – le cois na suíomhanna idirlín, Litríócht.com agus udar.ie   Ach tá gá le níos mó ná sin – tá gá le timpeallacht ina bhfuil tuairimí is caireictéirí na leabhair seo beo beathach inár saol.   Níl sin ar fáil in aon mheán Ghaeilge agus is mór an trua sin nó is iad údair is scriobhnóirí na Gaeilge, iad san a chumann rud éigean óna samhlaíocht nó óna stair – leithéidí Seeamus Mac Seáin atá ag scríobh a chuimhní cinn faoi lathair, lámhleabhar don ghníomhaí teanga an teideal ar cheart do bhaisteadh air (nó is é sin a bheas ann, a bheag nó a mhór!).

Táim tosnaithe ar racht anois agus is mithid dom stopadh.    Tá sé níos deacra alt ghairid a scríobh ná alt fhada.   Sin an rud a dúirt mé inné le Seamus Mac Seáin tar éis do a rá liom go raibh 80000 focal scríte aige laistigh de chúpla mí  – agus anois go raibh scagadh á dhéanamh ar sin.  Anois ba cheart dom mo chomhairle féin a ghlacadh.  Is amhlaidh gur thosnaigh me ag scríóbh de bharr an priocadh a fuair mé ó mo chairde [leantóírí?] sa Chultúrlann a rinne gearán liom, gur shíl siad mé bheith marbh de bharr an laghad a bhí scrite agam ar an mblag le tamall.   Agus lean mé ag scríobh go dtí seo de bharr go raibh mé chomh togtha faoin méid a chonaic mé le cúpla lá anuas.   Tá réabhlóid ar siúl i mBéal Feirste – is mithid an réabhlóid sin a thabhairt ar fuaid na tíre agus is é scríobh an bhlag seo ceann de na slite ar féidir liomsa bheith páirteach sa réabhlóid!

14 de thuairimí ar “I mBéal Feirste cois cuain

  1. Mise Áine

    @ ‘agus is é scríobh an bhlag seo ceann de na slite ar féidir liomsa bheith páirteach sa réabhlóid!

    Is ar scáth a chéile a mhairfimid, a chara!

    Bhain mé sult as do thuairisc, a Choncubhair, agus bhain mé sult as Béal Feirste, agus as an gCultúrlann, am ar bith a raibh mé ann. Tá na daoine sna bólaí sin iontach cairdiúil agus cuidiúil, feictear dom…:-)

    Freagra
  2. johnmodonoghue@yahoo.ie

    A Choncubhair, bhain mé sult freisean as do “theacht ar ais”
    B`fheidir go raibh baint ag an bua a bhí ag na Reibiliúnaigh an Domhnach seo chaite.Tá súil agam go mbuafaidh siad an diabhal “cannister” anois.Is scéal spreagúil é an scéal faoi dul chun cinn na Gaeilge i mBéal Féirste,”an chló ghorm don tír ar fad”.Is é seo an chur cuige atá de dhith seachas an Dreacht Straitéis agus pleananna éile na polaireoirí.

    Freagra
  3. Seosamh Ó Beirgin

    An féidir linn glacadh leis go bhfuil an blag seo a bheag nó a mhór marbh?

    Freagra
  4. Trap a pónaí

    Conchubhar ag scríobh do Ghaelscéal? Sin tiontú suas do na leabharthaí mar a dheirtear i mBéal Feirste Cois Cuain

    Freagra
  5. Seosamh Ó Beirgin

    Is dócha ó thaobh Gaelscéal de, b’fhearr leo é a bheith lastigh den puball ag múnadh amach ná lasmuigh den puball ag múnadh isteach, mar a dhéarfadh na seandaoine fadó.

    Freagra
  6. Concubhar Ó Liatháín

    Chomh fada is a bhaineann sé le Gaelscéal, chuir mé cúpla alt ar fáil don nuachtán chun trachtaireacht a dhéanamh ar cheist ábharach agus ina bhfuil suim ar leith agam. Níl airgead i gceist. De réir mar a thuigim ní íoctar táille ar son altanna in ‘Ardán’. B’fhéidir go gceapann sibh gur athrú poirt atá ann ach is léir nach bhfeiceann sibh ach an rud ar mhaith libh a fheiceáil.

    Ní gá aon rud a rá faoi tón bhúr dtrachtaireachtaí ach go bhfuil siad droch mhúinte.

    Freagra
  7. Seosamh Ó Beirgin

    A Chonchubhair, tá súil agam nach bhfuil tú ag cur cancránais inár leith!

    Freagra
  8. seamus mac seain

    is léir a Choncubhair gur chrothnaigh “lucht Balaclava” an idirlín thú ( iad sin gan ainm a bhios ag scaoileadh ó chúl chlaidhe) is fearride do Ghaelscéal tú a bheith ag scríobh dóibh. Nár dtriomaí dúch do phinn a choíche

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s