Omós dhearthair

Dónal  le Peadar  O Liatháin


Do chaitheas mo shaol go léir le Dónal

Ach anois is arís ar feadh mí do scaraimís

Briseadh oibre nar scáir sinn ró fhada

Bhí an samhradh caoin agus collegians tagatithe

Cé gur sine mise boss ab ea Dónal

Is ag dul in aois do boss ní ba mhó é

Dá mbeadh sé de mhí-ádh ort cabhair a ghealladh do,

Ní bheadh ionat fan lae ach daor gan aithnid.

Id sheasamh go ciúin le casúr id ghlaic agat

Is tú leata leis an bhfuacht muna bhfaighfeá fosca beag.

Ba mhór a ghrá do chrónán na mbeach.

Agus do na ndícheall oibre  ba bhinn a nglór

Mo bhrón nár tháinig sáithe roimh titim do

Ná mil ná cealg ná fiú lá breá,

Déanach sa tráthnóna Iúil agus Lúnasa

Dheinimís dash suas an Cúm agus Insí síos:

Droichead Uí Mhórdha agus an Poc ar Buile

Ruachtaí agus Sleaghainí ag teacht le chéile,

Raidhse  breac má bhí an cuileog agat.

Táimse brónach id dhiaidh a Dhónail

Mar nár cheapas riamh go mbeifeá róm-sa

Chonac d’anáil deireannach ag croitheadh do bheola

Faoiseamh duit mar d’fhulaingís do dhóthain,

Gan gearán gan oscna sar ar dhún do shúile.

Bhí a lán le rá againn fós nár ínseadh

Bhí mí na Samhna ann, mí na marbh

Ag caint ar Nollaig is gan cuileann dearg

Fáinleoga imithe is na duilleoga ar fán

Tránóntaí dorcha is fuacht an tseaca

Ag séideadh chúinn ach ár smaointe ar fán.

Bhís siúlach scéalach, suairc is aerach

Filíocht  na shlaoda ag sceith uait síos

Greann ba mhéin leat is an gáire taobh leat

Mar na gaethe gréine ar Mhullach an Ois.

Do chuamar Domhnach go hInse Geimhleach

Naomh Abán is Ath Bolg a bhí sa chath.

Domhnach gréine go Droichead na Tuinne

Ach ceó as san siar go páirc na h-imeartha

Bhí an cluiche ar siúl ach ní fheicfeá leath de,

An slua ag béicigh go láidir anamúil

An bua ag Naomh Abán i ndeire na scríbe.

Shiúlamar suas an Muirneach Beag

Shiúlamar amach suas an Chnoc Buí

Lastiar dár dtig bhí Cnoc Chúil Aodha

Frach is aiteann garbh gan aon saghas cosáin ann

Ach tá cosán greanta réidh agat dom.

3 thuairim ar “Omós dhearthair

  1. Gaeroid O Caireallain

    macasamhail chonchuir,santaimse an la go mbeidh an teanga naisiunta in usaid go fairsing fud fad na heireann. niorbh mhiste liom eire aontaithe a afhad is go ndeanfadh sin morleas na muintire, rud a chreidim me fein Creidim,leis go bhfuil polasai den chineal seo ag na pairtithe polaitiula naisiunaiocha uilig go leir, ce gnach bhfuil siad abalta inse duinn an tsli chun na cuspoiri uaisle seo a bhaint amach. lomchlar na firinne,afach, nach bhfuil aontachtaithe na tire ag teacht leis an dearcadh seo,bheinse fein sasta ach cothrom na feine a bheith ag an da dhream mar chead cheim. Nuair a ghlac muid le comhaountu Aoine an cheasta, ghlac muid le comhreiteach, comreiteach a bhi riachtanasach i dtreo na siochana agus athghaelu na heireann. Faraoir gear, ni bheidh me fein ag rinnce ag na croisbhealai go foill beag.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s