Tús an tséasúir sacair i Sasana….agus an Ghaeilge

Taca an ama seo le roinnt blianta táim tar éis foireann mo bhrionglóidí d’imreoirí sacair Phríomhshraith Shasana a chur le cheile chun páirt a ghlacadh i Sraith Fantasaíochta Sacair i bpáirt le cáirde anseo i Múscraí nó, roimh mo theacht ó dheas, ó thuaidh i mBéal Feirste.

Ní h-é go bhfuil aon suim ar leith agam i bPríomhshraith Shasana – is iarracht é bheith im chuid de phobal agus tugann thuas seal thíos seal na foirne ábhar comhrá dhom le go leor daoine.   Ag an am chéanna tuigim gur mó mo shuim i sacar Shasana ná sacar na hÉireann agus gur mó arís an suim atá ag pobal na hÉireann i sacar na gcomharsain agus ina gcultúr iomlán le cois ná mar atá againn inár gcultúr féin.

Nuair a thug Manchain Aontaithe cuairt ar Staid Aviva Bhóthar Lansdún an lá deireannach bhí níos mó tacadóirí ann don bhfoireann Shasanach ná mar a bhí d’ionadaithe Phríomhshraith Airtricity.

Nach é sin an slí leis an Ghaeilge agus an Bhéarla in Éirinn.  Cinnte is maith linn ár dteanga féin – ach tá sé deacair gan ár súil a bhaint ó theanga na gcomharsain (agus ár dteanga féin i bhfírinne).

Anois nílim ag maíomh gur rud maith é seo – ach is allagar é ar an stáíd ina bhfuilimíd.   Tugaim faoi ndeara freisin go bhfuil ceannaire an FAI, John Delaney, ‘An tUasal Sacair’ in Éirinn, ag fáil tuarastal sa bhreis ar €420,000 in aghaidh na bliana – ní fheadar an mó ‘ceannaire’ i ngluaiseacht na Gaeilge atá ar thuarastal atá chomh h-ard le leath nó trian de sin.   Nílim cinnte conas ar féidir leis an tUasal Delaney a mhaíomh go saothraíonn sé an tuarastal sin.

Mar sin an ag snámh in aghaidh easa atáimid agus sinn ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn?   An bhfuil aon mholadh fónta

Aon tuairim amháin ar “Tús an tséasúir sacair i Sasana….agus an Ghaeilge

  1. SÓC

    Tá leaghas ar fadhbanna na Gaeilge agus fadhbana sacair agus tá an freagra sin le fáil i meoin an phobail. Feach ar http://www.corkcityfc.net. Bhíodh a club á rith ag fear mór le smaointe mór. Thit sé sin as a chéile san ard chúirt nuair a théip glan air. Anois tá an club á rith ag an daoine gur grá leo é. B’fhéidir nách bhfuil nithe chomh mhaith is a bhí riamh ann ach ar a laghad tá smacht anois ag an bpobal ar an gclub. Dá mbeadh níos mó tacaíocht ó BÁC áfach…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s