Fágaíg an Bealach….Rosc Catha Choláiste Íosagáin

Trathnóna Dé Satharn atá ann agus mé ag suí sa bhaile, an ghrian ag taithneamh, na paistí is mo bhean ar a suaimhneas.   Mé ag léamh alt lem’ athair ó shean chlár Chomórtas Peile na Gaeltachta, an bhliain 2003, an uair dheireannach a reachtáladh an chomórtas i mBaile Bhuirne.

Alt atá ann faoi mo ‘Alma Mater’, Coláiste Íosagáin, coláiste inar chaitheas roinnt blianta shonasmhar (cé nár mhothaíos gur amhlaidh a bhí ag an am!) sna 80aí.   Alt é lán le stair a bhí ar eolas agam – agus cuid eile ná raibh.   Seo chugaibh an Rosc Catha a bhí ag an Coláíste, nuair a bhíodh an fhoireann ag tabhairt chun páirce i gcluiche peile,  Ní raibh sé ann le mo linn – ní raibh againn ach cúpla fonn Bhéarla, fíric a ínsíonn a scéal féin.

Fágaíg an Bealach (fonn: Féach tá sinn-ne Clann na hÉireann)

Fágaíg an bealach ag Ridirí an uaithne, teacht chugaibh ar sodar go cíocrach chun bua.

Seo chugaibh na gaiscigh ó ghleann Bhaile Bhuirne, togha ‘gus rogha de choláistí na Mumhan

Gach aon fhrear ós na cúil go d’ís na tosaig, fónta foirfe chun diothú ar namhad

Colainn tréana, sprid gan traochadh, leafar a gcáil thar na sléibhte anonn.

Níl in Éirinn, ná an domhan iomlán, dream atá i ndán sinn a chloí

Mar gur Éireannaigh, is gur Gaeil sinn, inár n-ánam is ‘nár gcroí.

Níl  a fhios agam an fonn sin, ‘Fágaíg an bealach/Féach, tá sinn-ne Clann na hÉireann).  Luaim anseo ar eagla go bhfuil a fhios ag aon duine agaibh….

Pé scéal é is maith é mar Rosc Catha, ós na focail amháin…..

Beannacht Dé le h-anamacha na marbh….

7 dtuairim ar “Fágaíg an Bealach….Rosc Catha Choláiste Íosagáin

  1. Seán

    Nach é an trua é go bhfuil an coláiste imithe anois? Is mó lá a chaitheas ann siar ins na seascaidí agus bhí sé go diail.

    Ní raibh an t-amhrán sin ann le mo linnse ach chomh beag nuair a bhíodh Críost Rí i gcónaí sa bhealach orainn agus é deachair iad a shárú agus an iomaíocht go tréan eadrainn.

    Beannacht Dé leis an gColáiste agus na daoine breátha go léir a sheas inti idir beo agus marbh.

    Freagra
  2. seamus mac seain

    tá an fonn agus na focail agam a Choncubhair. Bhí sé ar bharr ár dteanga againn i mBéal feirste sna 50í den chéad seo thart go háirithe an píosa a théann. ” tá an sasannach ró chrapta is snámhaí bocht gan sracadh é. Bímis uasal uaibhreach láidir. na bíodh sinn mar iad a Dhé. Bímis bródúil as ár nGaeltacht bímis bródúil asainn féin pór na hÉireann, sliocht mhélésius, muintir gáiscíoch láidir tréan” etc. do bhárúil an dtiocfadh le Cór Cúil Aodha a cheoil do Lizzie Battenburg Windsor nuair a thágann sí ar chuairt ar ár dtírín bocht?

    Freagra
  3. Concubhar Ó Liatháín

    Tá amhrán níos fearr ann do Bhanríon Shasana:

    Seo cúpla líne uaidh….

    Go bhfeiceam an lá go mbeidh ár ar Shásanaigh
    úm ar a ndrom agus iad ag treabhadh is branair dhúinn
    Gan mise bheith ann go dteannfad an maide leo….
    táímse im chodladh is ná dúistear mé

    Agus ansan, mar chlabhsúr, Mo Ghile Mear!

    Freagra
  4. seamus mac seain

    nó “go dtagadais agus go gcacaidis ar lucht na bhéistí bán”
    b’fhéidir. grá mo chroí na Muimhnigh nó iad is fearr mallacht i nÉirinn.

    Freagra
  5. Seán

    “go dtagadais agus go gcacaidis ar lucht na bhéistí bán”

    lol

    Haigh, a leadanna, bhíodh scata brúion batíní i gCúige Mumhan roimhis aimsir an ghorta agus na “sean-bheisteanna” a thugadar mar ainm orthu féin. Bhíodar lonnaithe sna Déise agus Oirthir Chorcaí agus go bhfóire Dia ar an té a chac orthu nó a d’fhéach cam orthu, lá aonaigh, mar ní mhairidís.

    Freagra
  6. johnmodonoghue@yahoo.ie

    A Choncubhair, bhí an -mheas ag muintir Chairraí ar Coláiste Íosagán de thairbhé a chuid péile agus Gaeilge.Sa bhlian 1953 bhuaigh Coláiste Íosagán a chéad Curann Uí Mhuirí, Craobh Sínsear na Mumhan agus Shéamus,Seán agus Pádraigh Ó Murchú ó An Cam i gCiarraí ag imirt leo.Cad faoi Chorcaigh Dé Domhnaigh?

    Freagra
  7. Conn

    An cuimhin leat an craic nuair a bhuaigh an Coláiste Corn Uí Mhuirí don uair dheireannach i 1981? Thánamar anuas des na busanna i mBaile Mhic Íre agus mháirseálamar an míle deireannach, trasna na habhann, isteach go dtí an Coláiste. Ócáid iontach do leaid óg, ach ní raibh focal Gaeilge ann.

    Maidir leis an bhfonn, ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá mba é an “Muskerry Sportsman, the bould Thady Quill” a bhí ann. Luíonn sé leis an bhfriotal, agus go deimhin leis an dtéama chomh maith.

    Beannacht Dé le h-anamacha na marbh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s