‘Feighan ghrinn’ Fhine Gael

Frank Feighan TD: Is cosúil gurb é 1962 a áit breithe?

Nllim ag trachtaireacht chomh minic ar iGaeilge na laethannta seo ar chúiseanna éagsúla.  Ag an am chéanna chuir mé m’ainm le litir a foilsíodh sa nuachtán an lá theana ag moladh do cheannaire Fhine Gael athmhachnamh a dhéanamh ar cheapachán Frank Feighan TD ina úrlabhraí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.  Níl fiú an ‘cúpla focal’ ag Frank, ar theachta é ó Ros Comáin, agus ní dócha gur cabhair do an méid sin agus é in ainm is a bheith ina úrlabhraí ar ghnóthaí Ghaeilge agus Ghaeltachta.

Caithfidh mé a admháil go raibh mé idir dhá chomhairle glacadh leis an gcuireadh a fuair mé ó chomhordnóir an fheachtais seo, Muiris O Meara.   Bhí amhras orm go bhféadfadh an fheachtas seo, dá fheabhas é agus dá chirte é iompú inár gcoinnibh de bhrí go mbeadh namhaid na teanga ag tabhairt faisistigh teanga orainn agus ag cur inár leith go rabhmar ag brú an Ghaeilge ar dhuine bocht neamhurchóideach.

Ar ndóigh ní duine neamh urchóideach é Frank Feighan.  Ghlac sé leis an bpost mar urlabhraí Gaeltachta agus é ar eolas go maith aige ná raibh an Ghaeilge aige.  Bhí sé truamhéileach a bheith ag éisteacht leis ar an raidió agus é ag maíomh go mbeadh sé ag déanamh ranganna Ghaeilge agus, anuas ar sin, go mbeadh Dinny McGinley, an Ghaeilgeoir is fearr sa Dáil is dócha, ag comhlíonadh an chúraim Gaeltachta.

Mar sin de, glacann an tUasal Feighan leis go bhfuil gá aige leis an nGaeilge agus é ag maíomh go mbeidh sé ag tabhairt faoi ranganna Ghaeilge.  Maith é! Samhlaigh an raic a bheadh ann dá gceapfadh Fine Gael úrlabhraí airgeadais a dúirt go mbeadh air nó uirthí cúrsa a dhéanamh i gcúntasaíocht agus go mbeadh duine éigean eile ón pháirtí ag déanamh an chúraim fhaid is a bhí an cúrsa léinn sin ar siúl.

Bheadh trachtairí pholatúla na meán ar fad ag gairí faoi chomh amaideach is a bhí Fine Gael.   Bheifí ag caint ar an ‘bon mot’ úd a bhí ann faoi Alan Dukes nó John Bruton – dá mbeadh anraith ag titim mar bhaisteach, bheidís amuigh faoin chlagar le forc!

Aon rud ar dhein Bruton nó Dukes roimhe, is féidir le Enda Kenny é a sharú.   Tá raidhse Teachtaí Dála le Gaeilge aige ina phairtí phairliminteach – ach roghnaíonn sé duine den bhuion bheag nach bhfuil Ghaeilge aige chun a bheith ina úrlabhraí ar chúrsaí Ghaeilge is Ghaeltachta!

An é seo an fear is fearr chun a bheith ina Thaoiseach?   Sin an cheist a chuirim.

Tá conspóid ann mar gheall ar an litir a foilsíodh san Irish Times.  Luadh an scéal ar Morning Ireland agus ar Nuacht a hAon ar RTÉ.  Luadh an scéal ar ‘cad a deir sé sna paipéir’.  Tá plé bríomhar ann ar Politics.ie ar an cheist.    Ní raibh an oiread poiblíochta faoi cheisteana níos tabhachtaí – ar nós an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an tuarascáil Oireachtais a foilsíodh ina leith an tseachtain seo nó an sainn ina bhfuil Udarás na Gaeltachta de bhrí nach mbeidh aon airgead caiptil acu gan ró mhoill.   De réir dealraimh tá moltaí an Bhórd Snip á gcur i bhfeidhm, snip ar snip.

Tá 39 moladh i leith na Gaeilge i dtuarascáil Comhchoiste na Gaeltachta – agus níl ach cúpla moladh i dtuarascáil McCarthy agus is iad na moltaí sin, is cosúil, atá á chur i bhfeidhm.  Má fhagtar Udarás na Gaeltachta gan maoiniú caipteal – an t-aon léamh ar féidir baint ón gciorrú atá á dhéanamh ar acmhainí chaiptil an eagrais de réir na meastúcháin a foilsíodh le linn na seachtaine – beidh an chúram orthu fiontraíocht a spreagadh agus a dá láimh ceangailte ar chúl a ndrom.  Fiú an Aire féin, Pat Carey, tuigeann sé go gcosnaíonn sé níos lú post a bhunú sa Ghaeltacht ná mar a fhaigheann an IDA nó Fiontraíocht Eireann chun post a bhunú i gceantracha eile.

Is iad na polasaithe sin – nó na h-easpaí sin – ar cheart dúinn diriú orthu anois seachas bheith ag meilt an iomarca ama le geaitsí amaideacha (nó maslaí tomhaiste) Enda Kenny.   Feicim go bhfuil Guth na Gaeltachta ag réiteach chun glór a ardú uair amháin eile agus iad ag fógairt cruinnithe an tseachtain seo chugainn.   Go n-eirí leo  linn.

6 thuairim ar “‘Feighan ghrinn’ Fhine Gael

  1. Feirsteach

    “Samhlaigh an raic a bheadh ann dá gceapfadh Fine Gael urlabhraí airgeadais a dúirt go mbeadh air nó uirthi cúrsa a dhéanamh i gcuntasaíocht agus go mbeadh duine éigean eile ón pháirtí ag déanamh an chúraim fhaid is a bhí an cúrsa léinn sin ar siúl.”

    Nach seo a tharla nuair a fuair an tAire Airgeadais reatha ceacht/dianchúrsa eacnamaíochta ó David McWilliams le bliain nó dhó anuas?

    Ceapaim gur cheist measa agus cumais í atá go forleathan leis na páirtithe polaitiúla éagsúla. Go pearsanta ní chuirfinn duine gan cumas sa Ghaeilge sa ról sin, ní dhéanfadh sé aon mhaitheas do chreidiúint an pháirtí agus iad ag caint ar chúrsaí Gaeltachta maraon le hurlabhraí ar bith gan tuiscint acu ar a choimre.

    Freagra
  2. seamus mac seain

    an amhlaidh a Choncubhair gur léiriú í an “litir oscáilte” a shínigh tú féin agus daoine eile ar mhí éifeacht agus ar a laghad a bhaineann Gaeil na tíre seo le habhar an tsaoil. Nár chuma cad é an teanga a bheadh ag urlabhraí rialtais dá mba rud é go raibh sé nó si ag freagairt do mholtaí agus do phleanna lucht na h-athbheochana. Is dream frithghníomh sinn imo thuairim atá i gcónai ag freagairt do ghníomhartha daoine eile agus go h-áirithe do mholtaí rialtais. Tá muid i gcónaí ag iarraidh ar na Rialtas an teanga a athbheo faoi nár gcoinne nuair nach bhfuil sin indéanta. Is fúinn féin agus fúinn féin amháin atá sé an teanga a shabháil go háitiúl agus go Náisiúnta. Dá mbeimis féin mar dhream dírithe ar tuilleadh Gaelscoileanna a bhunú,ionaid chaidrimh do Ghaeil a bhunú tríd an tír, Gaeltachtaí nua uirbeacha a bhunú, na h-ealaíona Gaeilge a fhorbairt go háirithe ina bhfuil fágtha den fhíor Ghaeltacht, agus muid stopadh de a bheith ag iarraidh ” ar gcearta” ar an mhaorlathas ach sinn déanamh as dúinn féin. an amhlaidh nach mbeadh gá le litir oscáilte chuig dream ar bith. Tá go leor “comfort blankets” againn i Maorlathas státurraithe na Gaeilge gan sinn dul i muinín na litreaccha oscáilte

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go bhfuil mí-eifeacht i saol na Gaeilge agus go bhfuil an cheart agat sa mhéid a deir tú gur thug an litir oscailte léargas don saol ar an mhí éifeacht. Ag an am chéanna, creidim go gcaitear ‘stop’ a rá anois is arís agus b’shin uair. Ní bheidh aon toradh ar an litir seachas gur dúradh ‘stop’ ós árd.

    Ní doigh liom go dtagann sé salach ar an méid oibre eile atá le déanamh cur i gcoinne an sórt amaidí atá ar bun ag FG. Sa deireadh thiar táimid ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine ag labhairt Ghaeilge – agus anois deir Frank Feighan go bhfuil sé chun í a fhoghlaim. Tá mé cineál bréan den Bhéarla a bheith á bhrú orm nuair nach bhfuil gá leis. Bhí agus tá fuiollach daoine eile ag Enda le roghnú agus Gaeilge acu.

    Freagra
    1. aonghus

      Tá an chuma ar Fhine Gael le blianta beaga anuas go gcreideann siad gur mó vótaí atá le gnóthaí as olc a chuir ar Ghaeilgeoirí (agus ola dá réir ar chroíthe atá dubh in aghaidh na Gaeilge) ná mar atá le muid a mhealladh.

      Is fíor do Shéamuis nach dtig leis an Rialtas an Ghaeilge a athbheochan. Tig leo, áfach, dris cosáin a leagan sa mbealach ar ghníomhartha fónta. Bac a chuir ar aitheantas Gaelscoile, abair. Nó an tumoideachas a chosc. Nó seirbhísí i nGaeilge a shéanadh ar phobal na Gaeltachta.

      Ní mór mar sin súil ghéar a chóiméad ar an gcéad dream eile a bhéas i bhfeighil na ranna cuí. [Mar a deir Calliomachas, tá Roinn Oideachais ar gcuid féin de dhíth orainn!]

      Dá bhféadfadh muid an tamhan táisc seo a úsáid chun aird a tharraingt ar an Straitéis fiche Bliain, bheadh ciall leis!

      Freagra
  4. seamus mac seain

    roinn oideachais dar gcuid féin a Aonghuis sin abhar litir oscáilte gan dabht. Tá mise ag iarraidh a chur i niúl go bhfuil rudaí ann atá i bhfad Eireann nios tabhachtaí ná Gaeilge ( nó easpa Gaeilge) Frank Feighan. De bharr gníomh díreach daoine éagsúla a fuair muid na Gaelscoileanna,Ráidío na Gaeltachta agus TG4 srl agus de bharr gur shíl na páirtíthe polaitiúla go gcaillfeadh siad corr vóta de bharr gan iad a bheith ann. Cuir i gcás go dtiocfadh 50 duine in achan cheantar Gaelscoile a fháil le 100 vóta a gheallúint nó a shéanadh ar pháirtí ach iad barantas a thabhairt go dtacódh siad le bunú Gaelcóras Oideachas don tír ar fad anois sin litir oscáilte gurbh fiú a fhoilsiú.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s