Saoirse choinsiasa=saoirse bhiogóidíochta?

An rud is annamh is íontach, alt spéisiúil i nGaelscéal inniu.   Alt é seo ó mo chomhbhlagadóir, Aonghus O hAlmhain, ina dtugann sé a léargas caomhach ar an tAcht um Stadas Comhionann agus ceisteanna eile morálta agus eitice ina bhfuil an choinsias lárnach.

Seo sliocht amháin ón alt a léiríonn a sheasamh, sílim:

Faoin mbille, atá achtaithe anois, is cion é do chláraitheoir diúltú páirt a ghlacadh i searmanas páirtnéireachta sibhialta.

Freisin, de bhrí go bhfuil an tAcht um Stádas Comhionann leasaithe – tá “stádas sibhialta” ann in áit “stádas pósta” – is féidir go mbeadh cion i gceist maidir le duine a dhiúltaíonn seirbhísí nó earraí a sholáthar, a bheadh á soláthar do phósadh nó lánúin phósta de ghnáth, do shearmanas páirtnéireachta sibhialta nó do lánúin i bpáirtnéireacht shibhialta.

Críostaí mise.  Creidim, mar sin féin, gur dhein Iosa C ríost idir dhealú idir riail Dé agus riail daonna.   Nach é a mhol don t-é a d’iarr air an rud a bhí dlite do Dhia a thabhairt do Dhia agus an rud a bhí dlite do Caesar ar Caesar?

Dá mba rud é go raibh lannúin aerach ag iarraidh a gcumann a chlarú, de réir mar atá ceadaithe faoin reachtaíocht nua,  ar cheart go mbeadh cead ag claraitheoir atá fostaithe ag an stát an searmanas a dhiultú doibh de bhrí nach bhfuil an claraitheoir sásta le moráltacht cuma homaghnéasach?   Ní chreidim é.   Is é dualgas an claraitheoir de réir an dlí agus de réir na Bunreachta cothrom na féinne a thabhairt do gach duine agus níl aon cead aige nó aici idirdhealú a dhéanamh idir dream amháin agus dream eile ar chúinsí morálta nó aon chúinse eile.

Is argóínt bréagach é seo a chur i gcomparáid le fadhbanna eitice a bheith ag locht leighis mar a dheineann an alt.   Is cinnte gur cheart go mbeadh cead ag dochtúir gan gin a mhilleadh mar gur ceist beatha nó bás é seo.   Is ceist crua eitice é seo de bhrí go bhféadfadh beatha an linbh – nó beatha na máthara – bheith i mbaol agus go gcaithfeadh an lia rogha a dhéanamh idir an bheirt  le cinntiú nach bhfaigheadh an bheirt bás.  Mura bhfuil an lia sásta nó ábalta an rogha a dhéanamh, ba cheart go mbeadh cead aige nó aici an rogha a thabhairt do lia eile.

Chuirfinnse an cheart seo ar chomhchéim leis an cheart atá ag daoine gan liostáil le h-arm tíre trath cogaidh ar an mbonn nach bhfuil siad sásta piléar a scaoileadh leis an namhaid.   Tá an cheart seo aitheanta sa dhlí idirnáisiúnta.

Ach is rud difiriúil é seirbhís nó earra a dhiultú do dhuine ar bhonn nach dtagann do mhoráltacht phríobháideach le moráltacht príobháideach an duine sin. Ní céim ró fhada idir sin agus biogóidíocht ar bhonn cine nó inscne nó cumas/míchumas nó teanga nó eitníocht nó eile.

7 dtuairim ar “Saoirse choinsiasa=saoirse bhiogóidíochta?

  1. seamus mac seain

    níor ghlac mé féin leis, a Aonghuis, gur ag cur biogóidíocht in do leith a bhí Concubhar ach ag leiriú chomh furast agus atá sé dul thar fóir sna cúrsaí seo ar feadh a mbaineann sé le colaíocht, le gnéas nó le h-inscne de. Ní h-ionann ar chor ar bith, dar liom, díospóireacht ar phósadh sibhíalta agus díospóireacht ar ghin mhilleadh ná ar toirchiú I.V. Is ioma bealach atá ann le sarú consíasa a sheachaint go ciúin agus go céillí ag an té gur mian leis é. Is féidir nach olc an rud é “fuascailt Éireannach ar fhadhb Éireannach” sna cúrsaí seo.

    Freagra
    1. aonghus

      “Is ioma bealach atá ann le sarú consíasa a sheachaint go ciúin agus go céillí ag an té gur mian leis é”

      Sin díreach an rud: de bharr an bhille seo, níl. Is cion atá ann gan seirbhís a chuir ar fáil. Úsáid halla eaglasta a dhiúltú, abair. Agus déanfar sampla de dhream éigin – sin atá tarlaithe i ndlínsí eile.

      http://www.cbn.com/CBNnews/357084.aspx

      Agus maidir le cláiritheoir a rinne iarracht lanúineacha aeracha a sheachaint, briseadh an bhean seo i Sasana: (Níl mé iomlán cinnte cén deireadh a bhí leis an scéal chasta seo)

      http://www.spiked-online.com/index.php/site/printable/5533/

      Freagra
  2. Seán

    Hmm … tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh … (Mt 28:18). Agus maidir le Caesar, b’éigean dúinn géilleadh don stát toisc go dtagann údarás an stáit ó Dhia! Ach ní thig leis an stát dul ina éadan go dearfach. Agus labhraíonn tú faoi chothrom na féinne, ach an ndéanfá an cothrom le duine inteacht má b’éigean dó géilleadh de réir dlí in éadan a coinsiasa? Agus ceist dheireanach, má tá údarás ag an stát ó dhuine, agus níl ó Dhia, agus má tá cearta againn le fiat an stáit, agus níl le Dia, mar sin níl tusa ná duine ar bith eile ábalta “dualgas” a chur ar dhuine géilleadh don stát, toisc go ndearna muid muidne féin de Chaesaríní nó de dhéithe. Ní coir é sin ach oiread leis an bhunú homaighnéasachais mar pháirtnéireacht is ionann agus pósadh! Agus, le do thoil, léigh do bhunreacht: “Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás agus gur chuici, ós í is críoch dheireanach dúinn, is dírithe ní amháin gníomhartha daoine ach gníomhartha Stát, Ar mbeith dúinne, muintir na hÉireann, ag admháil go huiríseal a mhéid atáimid faoi chomaoin ag Íosa Críost, ár dTiarna Dia …” Iontach soiléir!

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Creidim, a Sheáin, go bhfuil tú ag baint úsáide as an mBíobla ar mhaithe le pointe chúng neamh Chríostúil a chruthú. Cad é a dúirt Críost: Gráigh do chomharsan mar tú féin (níl an véarsa agam!)
    Má tá post ag duine nó seirbhís le tairiscint aige nó aici don phobal, cén fath go mbeadh cead ag an duine sin gan dualgais a phost a chomhlíonadh? Ghlac sé nó sí leis an bpost, shínigh siad conradh. Níl aon bhaint ag an cheist cé acu an bhfuil an lannúin, mar shampla, atá le ceangal le cheile ós comhair an dlí ina heitearaghnéasaigh nó ina homaghneasaigh. Níl an Stát ag iarraidh ar an gclaraitheoir dul isteach sa seomra leapan leis an lannúin – is é an deacracht ná go gcuireann samhlaíocht fiabhraithe an dream atá in éadan an dlí seo iad i seomra leapan an lannúin agus iad ag smaoineamh, le moráltacht, ar an gcollaíocht a thiteann amach ansin.
    Anuas ar an bpointe gur ghlac an duine le post agus gur shínigh sé nó sí conradh ag geallúint go gcomhlíonfadh siad dualgaisí an phoist, tá ar an duine atá i bpost phoiblí geilleadh don daonláthas agus do thoil an mhóraimh chomh fada agus nach n-iarrtar ar an duine sin beart mí réasúnta a dhéanamh. (ie dul isteach i seomra leapan an lannúin.) Ní gá don duine bheith ar shon an chleamhnais ach ní chiallaíonn sin nár cheart do séala an dlí a thabhairt don chaidreamh, de réir an dlí.
    Is omós shiombalach é an tiomnú don Tríonóid Naofa sa Bhunreacht agus fiu má tá brí leis, cén áít a deir sé sa Nua Thiomna nó sa Bhunreacht go bhfuil níos lú cearta ag homaghnéasaigh ná mar atá ag heiteaaraghnéasaigh. Ag iarraidh meoin na hEaglaise a cheangal leis an Bunreacht atá tú – ach níor stop sin an Eaglais céanna ag tabhairt cead a gcinn do shagairt bheith ag tabhairt droch íde ghnéasúil do pháistí!

    Freagra

Freagra