Diospóireachtaí pholatúla ar TG4…..

Seachtain gnóthach an tseachtain seo.  Ar an gCéadaoin, bhíos ós comhair Comhchoiste Oireachtais de bharr go bhfuil mé ainmnithe le bheith im bhall de Bhórd TG4.   Más amhlaidh go dtoilíonn an Rialtas don cheapachán seo, ag an gcruinniú comhaireachta ar 27ú Iúil,   beidh mé im ionadaí an phobail ar Bhórd TG4.   Faoi láthair tá duine deag ar an mbórd atá faoi chathaoirleacht Peter Quinn.  An tAire a ainmnigh na h-ionadaithe seo agus ní raibh orthu dul tríd an phroiseas a ghabh mise tríd.  De réir an méid a dúradh ag an gcruinniú in iochtarlann Thí Laighin, bhí breis is dhá scór istigh ar an bhfolúntas seo.

Bhí orm cur i láthair a dhéanamh don Chomhchoiste ar a bhfuil leithéidí Liz McManus (Lucht Oibre), Leo Varadkar (in áít Simon Coveney) agus Joe O’Toole chomh maith le Maria Corrigan (FF).    Ar na pointí a chuir siad spéis ann an moladh agam go mbeadh diospóireacht ceannaireachta ann idir ceannairí na mór phairtithe ar fad roimh an Olltoghchán a bheidh linn luath nó mall.      Bhí siad báúil don tuairim, gan amhras – níl aon pholataiteoir ann a dhiultódh deis poiblíochta – agus bhí a leagan féin acu den tuairim (tá an Lucht Oibre ag lorg go mbeadh diospóireacht ceannaireachta ann agus Eamon Gilmore s’acu féin ann gualainn ar ghualainn le ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael.  Brian Cowen agus Enda Kenny, is dóichí.

Agus mé ag léamh príomh scéal Gaelscéal na seachtaine seo, Urlabhraí Gaeltachta gan Ghaeilge ceaptha ag Enda Kenny, rith sé liom go raibh an cur chuige mí cheart in úsáid againn chun daoine a mhealladh ar bórd.   In áít a bheith ag lascadh an Teachta bocht Feighan as a easpa Ghaeilge agus ag sciúrseáil Enda Kenny as a rogha neamh Ghaelach, ba cheart dúinn bheith seiftiúil.

Mar shampla, beidh mise ag moladh do Bhórd TG4 go mba cheart go mbeadh diospóireachtaí idir na h-urlabhraithe ar fad sna príomh réimsí rialtais roimh an chéad olltoghchán eile.   Cinnte ba cheart go mbeadh diospóireacht ann idir urlabhraí Ghaeltachta Fhine Gael agus an Aire Gaeltachta.  Bheadh na páirtithe eile ann chomh maith agus sa chaoi sin beidh spreagadh ann do gach ceannaire úrlabhraithe a roghnú atá cumas acu sa Ghaeilge.

Faoi mar atá sé, is beag spreagadh atá ann do cheannairí urlabhraithe le Gaeilge a roghnú i bpost ar bith, post na Gaeltachta san áireamh.   Ach tá staisiún teilifíse ann ar cheart é a úsáid chun an teanga a spreagadh i measc an phobail agus slí amháin chun é sin a dhéanamh í a spreagadh i measc ár gceannairí.

Ní h-é go reiteoidh sé seo gach fadhb de léim.  Ach is moladh é chun an Ghaeilge a chur chun cinn ag baint úsáide as na h-uirlísí atá againn ar bhealach straitéiseach.   An oibreoidh sé?  An dtosnóidh na polaiteoirí ag labhairt níos mó ná an ‘cúpla focal’?  Nílim ábalta freagra cinnte ‘sea’ nó ‘ní hea’ a thabhairt ar an gceist sin – ach creidim go bhfuilim ag brú ar dhoras oscailte.

13 de thuairimí ar “Diospóireachtaí pholatúla ar TG4…..

  1. aonghus

    Is fiú an iarracht a dhéanamh pé scéal é. Agus más féidir rud éigin a mhealladh as an urlabhraí ar ábhar nuachta é do na meáin Bhéarla, is amhlaidh is fearr.

    Fiú mura bhfuil ann ach sciorradh focail ar féidir youtubáil…

    Freagra
  2. Feirsteach

    Moladh spéisiúil a Chonchubhair.
    Bheinn ag moladh go mbeadh an clár ag bogadh thart (mar a dhéanamh Question Time sa Bhreatain chun aird a tharraingt sa phobal rud a tharraingeodh níos mó aird ó pholaiteoirí chomh maith.

    Freagra
  3. Maggiet

    Up ya boya. Only a wet day in the job and already throwing ur weight around. Nár laga Dia thú

    Freagra
  4. Seán Mór

    Ní raibh an t-alt féin in Gaelscéal anuas go trom ar an cheapachán seo, cé go gcreidfeá sin ón cheannlíne a bhí acu. Ach mar iriseoir tú féin, a Choncubhair, tuigfidh tú go maith go dtaitníonn cinnlínte conspóideacha le heagarthóirí agus leis an phobal fiú! Luaigh siad mar shampla gur chuala siad go raibh sé ag tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim, ghuigh siad gach rath air, ach d’fhiafraigh siad an mbeadh sé in ann freastal ar mhuintir na Gaeltachta gan an teanga a bheith aige.

    Mar dhuine mé féin a d’fhoghlaim an Ghaeilge, an oiread agus a thiocfadh liom, is é díograis an duine, agus na cinnithe a dhéanann sé/sí, is tábhachtaí agamsa.

    Is maith liom an moladh atá agat maidir le hardán a chur ar fáil do na polaiteoirí ar TG4 le díospóireacht agus plé a dhéanamh…

    Freagra
  5. seamus mac seain

    sílim go mba bhuntáiste é tú a bheith ar bhord TG4 mura a mbeadh ann ach tú an chuid eile de na comhaltaí a bhíogadh as an tsuan ina bhfuil siad ach ní mé an gcaillfimis an guth neamhspleách atá agat ar an tsuíomh seo agus tú ann?, agus dar fia tá guth neamhspleách de dhíth ar shaol leamh na Gaeilge sa tír seo i láthair na huaire. Tá saol na Gaeilge lán de “serial Servers”(fritholaíthe sráithe?) a bhogann ó choiste go coiste ar á seal. Bhí Peter Quinn (fear deas gan amhras) mar shampla, ina chathaoirleach ar níos mó eagraíochtaí na bhí de bhricfeastaí agam agus seo arís é ar TG4. Deir tú go bhfuil tú “ainmníthe” cé a d’ainmnigh? agus cad mar a rinne?. agus cad chuige go mbeadh agatsa le croisceistiú a fhulaingt nuair a cheaptar na “serials” ar á gcompórd? I dtaca le Frank Feighan de is dearg mhásla agus comhartha dhá mhéar ag Enda Kenny do mhuintir na Gaeltachta agus do Ghaeilgeoirí na tíre seo é Aire Gaeltachta gan Gaeilge a cheapadh agus tá sé ró “chríonna” agat a Choncubhair a rá gur cheart dúinn a bheith glic agus séiftiúl mar gheall air. Tá sé contráilte agus níor mhiste é a rá. An raibh Aire Gaeltachta ariamh ann gan Gaeilge roimhe seo an bhfuil a fhios ag duine ar bith?

    Freagra
  6. seamus mac seain

    grma Aonghus ba cheart cuimhne a bheith agam ar sin ach cruthaíonn sé gur ionann Tadhg agus taidhgín ar feadh a mbaineann sé le Fine Gael agus Fianna Fáil de. Cruthaíonn se fosta dar liom chomh beag de thabhacht agus atá sinn mar dhream go bhfuil páirtithe polaitiúla sásta muid a mháslú ar an dóigh sin agus gan gíog as na heagrais atá in ainm a bheith ag labhairt ar ár son. Seans ar bith go bhfuil na deontais ag cur gobán ina mbéal?

    Freagra
  7. Concubhar Ó Liatháín

    Níl a fhios agam an músclóidh mé duine ar bith -b’fhéidir go bhfuil siad ina lán mhúscailt romham. Ach toghadh mé tar éis proiseas phoiblí a raibh oscailte do chach. Mar sin táim sásta nach gcuirfear isteach ar mo neamhspleachas. Go deimhin creidim go dtreiseofar é. Bhí comórtas poiblí ann – fograí sna nuachtáín etc. Chuir mé isteach air mar a dhein breis is dhá scór eile. Cuireadh faoi agallamh mé. Fuaireas glaoc le h-aghaidh an dara agalllamh agus anois caithfidh an Rialtas mo cheapachán a dhearbhú. Gach duine eile ar bhórd TG4 is ceapachán Aire é nó í.

    Freagra
  8. seamus mac seain

    tá an saol bun ós cionn a Choncubhair ceapadh na daoine eile ar nod an Aire ach bíonn agatsa le dían scrúdú a dhéanamh. an iontas ar bith é go bhfuil an tír ina praiseach?

    Freagra
  9. johnmodonoghue@yahoo.ie

    comhghairdeas a Choncubhair. Tá obair na gcapall le déanamh le cúrsaí Ghaeilge agus an Straitéis ar tí a fhoilsiú.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s