Gerry agus Barbara…Streisand

Cá bhfuil polasaí Éire Aontaithe SF anois?

Trath dem shaol, bhínn im leirmheastóir teilifíse leis an Andersonstown News.  Bhain mé an taitneamh as an obair sin – agus bhain mé taitneamh ar leith as sceannairt a dhéanamh ar chláracha BBC Thuaisceart Éireann.   Go minic b’é an fath a bhí  leis an sceannairt go raibh na cláracha i bhfad ró aon taobhach agus iad ag íonsaí Sinn Féin agus poblachtóirí ar nós Gerry Adams.

Léargas ar chomh athruithe is atá an saol go raibh an clár is déanaí ón BBC, Adams, a craoladh ar BBC 1 oíche Dé Luain, leataobhach ar shon Gerry Adams.    Tá Gerry anois ina chuid den bhuainíocht agus is cosúil go bhfuil an BBC i mBéal Feirste ag féachaint air amhail is a fhéachann siad ar leithéidi George Best, Graeme McDowell agus laochra eile Thuaisceart Éireann, pearsaí móra ar árdán an domhain ina réimsí féin.

I mbeagán focal, buachaill na h-áíte seo a chruthaigh go maith.

Is dócha go raibh gá le clár ‘bog’ mar chomheá éigean ar na cláracha géara a rinneadh roimhe seo – ach i bhfirinne, sháraigh an clár seo caighdeáin an BBC féin ó thaobh ‘cothrom na féinne’ an oiread is a rinne na cláracha roimhe seo a bhíodh ró throm ar Adams is a chomrádaithe.

D’oscail an clár agus Gerry Adams i Nua Eabharc, ag freastal ar ocáid de chuid Bill Clinton, The Bill Clinton Global Initiative, agus chonaiceamar ár laoch ag caint agus ag cabaireacht le na maithe agus na mór uaisle, leithéidí Bill Clinton agus Tony Blair.

Ach cé cuireadh agallamh uirthí ag an ocáid seo chun a léargas a thabhairt ar Gerry – cé eile ach an trachtaire aitheanta úd, Barbara Streisand.   Anois bhí Barbara chomh tógtha le Gerry gur cheapas nár mhiste lei páiste Gerry a iompar – bíodh sin mar atá nior thuigeas ó thalamh an domhain conas ar seoladh criú an BBC ó Bhéal Feirste chun scannánú a dhéanamh ar Gerry Adams ag ocáid le ceannairí an domhain ann – agus nár fuair an BBC mar thoradh ar sin ach agallamh le h-amhránaí ar nós Barbara Streisand.  Is amhránaí brea í, gan amhras, agus is fiú a léargas a bheith ar an taifead ach ba bhocht an aischur é ar airgead an íocóra cheadúnais a caitheadh ar an dturas seo.

Bhí an oiread ceoil le clos sa chúlra gur cheapas gur físeán de chuid MTV a bhí ann seachas clár faisnéise – ceol rian le leithéidí ‘Green Day’ agus, ceapaim, Sinéad O’Connor.   Aon uair go mbionn tú ag iarraidh na h-amhráin éagsúla a aithint, tá an clár féin ag teip mar níl sé ag sealbhú d’aire.

Cuireadh daoine eile faoi agallamh freisin – bhí cúpla focal ann ó Tony Blair a dúirt gur ‘cara’ dá chuid abea Gerry agus Martin McGuinness.    Labhair David Trimble faoi a chaidreamh le Gerry Adams freisin agus bhí inchur ann ó Jonathan Powell is Nancy Soderburg.   Ach ba shúntasaí i bhfad na daoine na raibh ag caint ar an gclár….

Cá raibh Ian Paisley, an duine a shuigh gualainn ar ghualainn le Gerry sa phictiúr iomráiteach stairiúil den bheirt ag Stormont i mí Bealtaine 2007?   Cá raibh éinne ón DUP, atá ag roinnt cumhachta le páirtí Gerry, Sinn Féin?

Cá raibh éinne ón dtaobh ó dheas den teorainn – leithéidí Albert Reynolds, a bhí ina Thaoiseach nuair a fógraíodh an Sos Cogaidh i 1994, nó Bertie Ahern, fear na cumhachta i 2005 nuair a fhograíodh go raibh díchoimisiúnú déanta?

Cinnte cuireadh ceisteanna crua ar Gerry faoin pháirt a bhí aige – nó ná raibh aige – i bhfuadach Jean McConville agus in eachtraí eile – ach ní raibh ann ach cur na ceiste le deis a thabhairt do na liamhainntí a shéanadh go h-iomlán.

Is cinnte go ndéanfar cláracha níos measa faoi Gerry Adams – agus cláracha nios fearr.  Ach an léargas is soiléire a thug an clár seo faoi Gerry Adams go bhfuil sé anois sealbhaithe ag an mBuainíocht agus an ‘Réabhlóid’ treigthe.

Ní raibh aon chaint sa chlár faoin dearcadh atá aige i leith na Gaeilge – gach seans gur clár é seo a bheidh an BBC ag díol go h-idirnáisiúnta agus nár mhaith leo go mbeadh caint ann faoi rud nach dtuigfear las muigh den oileán seo (dar leis an BBC).

Léiríonn an scannán seo agus eachtraí eile – ar nos bunú an Chiste Infhéistíochta Teilifíse mar chomhlacht phríobháideach, fiú is go bhfuil sé in ainm is a bheith ag dáileadh airgead phoiblí – go bhfuil Sinn Féin agus Gerry Adams ag fáil greim daingean ar an gcumhacht agus á úsáid lena suíomh féin a dhaingniú thar rud ar bith eile.

Ceann de na torthaí ar na h-ionsuithe a deineadh ar Gerry Adams san am atá cáite gur MHÉADAIGH a thacaíocht ón bpobal.  Ní fheadar an é go bhfuil athrú poirt ar bun anois ag an BBC agus an craoltóir ag súil go laghdóidh an tacaíocht!

3 thuairim ar “Gerry agus Barbara…Streisand

  1. seamus mac seain

    spórt ar dóigh A Choncubhair. Dúirt fear liom an lá cheana go raibh sé istigh in oifig Martin Mcguinness i Stormont agus ar an deasc roimhe bhí griangráf framáilte de mháthair Mhartin agus Tony Blair i gcuideachta a chéile. Is léir go síleann Martin a mhór de dhúnmharfóir mhuintir Írac. Ba chuma ar bhealach ach gur ar a shon sin a fuair na mílte bás ó thuaidh. Dia idir sinn agus an anachain

    Freagra
  2. L. Ó Loinsigh

    Rinne Adams agus a chairde dearmad ar an ‘Réabhlóid’ agus ar Éire Nua i bhfad ó shin. Sure ní bheadh aon chuirí chun an tí bháin dá mbeadh siad go fóill ag gabháil don chraic sin; ní bheadh leithéidí BBC agus Ch.4 ag iarraidh clár a dhéanamh faoin fhear ar chúl na féasóige!

    Tá an saol i bhfad níos éasca má bhíonn tú ag cloí leis an status quo

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s