Pobal, obair neamh ghnéasúil agus ‘tairge’

Faigheann na h-eagrais bunmhaoinithe Ghaeilge droch phreas – tá ceisteanna á chur ag Páidí Ó Lionaird ina cholún i nGaelscéal inniu faoin ‘tairge’ atá mar thoradh ar shaothar na n-eagras seo – ach deineann cuid acu ar a laghad obair nach mbeadh aon duine eile sásta a dhéanamh. Obair neamh ghnéasúiil a bhionn ar bun acu – agus ní minic ar féidir a rá go bhfuil ‘tairge’ a fhéadfá díol mar a dhíolfá bó nó leabhar nó clár teilifíse.   Tá, bionn agus beidh ‘tairge’ ann – ach fillfidh mé ar an gceist sin ar ball beag.

Ar na h-eagrais is fearr a théann ag troid sna trínsí ar son na teanga, tá Pobal, scatheagras abhcóideachta na Gaeilge ó thuaidh, atá de shíor ag déanamh taighde, ag éisiúint tuairiscí, ag tabhairt dúshlán do na h-údaráis, ag stocaireacht go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta ar son cearta teanga.

Ní aontaím le gach rud a dheineann an eagras – ach is cinnte go bhfuil obair fónta déanta ag Pobal chun brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga agus go h-áírithe Cáirt na hEorpa i leith Teangacha Mionlaigh agus Reigiúnda.   Tá an Ghaeilge aitheanta faoin Chuid 3 den Cháirt seo ag Rialtas na Breataine.  Ciallaíonn sé sin go bhfuil coimitmint tugtha ag Rialtas na Breataine i gcairt idirnáisiúnta atá aitheanta go gcomhlíonfaidh an Rialtas sin geallúintí áirithe maidir le riar a dhéanamh ar phobal teanga na Gaeilge i dTuaisceart Éireann/na Sé Chontae.

Is cineál bia clár ‘a la carte’ atá i gceist sa Cháirt seo.  Faoi gach ceann teideal – oideachas, na meáin, na cúirteanna, riar phoiblí, na h-ealaíona etc – tá altanna éagsúla ina bhfuil réimse de gheallúintí tugtha agus tá rogha ag an Rialtas an geallúint is láidre a shíniú – nó geallúintí nios laige.

I gcás Rialtas na Breataine agus an Ghaeilge, rinne an Rialtas geallúintí a raibh á chomhlíonadh (ina n-ainneoin) ar aon nós den chuid is mó.  Bhí daoine eile ag togáil na Gaelscoileanna, bhí daoine eile ag foilsiú na nuachtáin is eile.    Na geallúintí a raibh ar Rialtas na Breataine féin comhlíonadh agus achmhainní a dhiriú orthu, ar éigean go bhfuil siad comhlíonta.

Ní mór smaoineamh narbh éigean do Rialtas na Breataine Cuid 3 den Chairt Eorpach a shiniú an oiread is narbh éigean don Rialtas céanna geallúint a thabhairt i gComhaontú Chill Rimhinn go mbeadh Acht Ghaeilge ó thuaidh.  Roghnaigh siad Cuid 3 den Chairt a shíniú i leith na Gaeilge agus roghnaigh siad freisin an geallúint a thabhairt i leith Acht Ghaeilge ag Cill Rimhinn.    Mar sin de ní raibh gunna le clár éadan Rialtas na Breataine agus iad ag siniú na gcaipéisí seo.

Deirim é seo le go mbeadh tuiscint soiléir ann ar an gcomhthéacs.   Níl ‘éigeantas’ ag baint leis an Ghaeilge chomh fada is a bhaineann sé Rialtas na Breataine.  Bhí a súile oscailte agus iad ag roghnú na geallúintí le deimhniú nó le diultú sa Chairt.

Tá an triú tuairisc éisithe ag an gCoiste Saineolaithe a dheineann cigireacht ar chur i bhfeidhm na geallúintí seo ag na rialtais éagsúla, Rialtas na Breataine sa chás seo, i leith na dteangacha reigiúnda agus mionlaigh éagsúla, an Ghaeilge sna sé chontae sa chás seo.   Tuairisc é seo a thugann dúshlán Rialtas na Breataine go téigeartha agus go ceannasach – ach an dtabharfar áird air.

Mar aguisín leis an dtuairisc sin agus chun tuairisc ‘caithfidh an dálta seo iarracht nios fearr a dhéanamh’ a bhéimniú in aigne na bpolaiteoirí agus maorláthaigh ag Stormont agus Westminster, tháinig bean darbh ainm Vesna Crnic-Grotic, leas chathaoirleach Coiste na Saineolaithe, ar chuairt an tseachtain seo go Béal Feirste chun a léargas ar chur chuige – nó easpa chur chuige – Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas na Sé Chontae ar an gceist seo.

2010.06.23 Vesna Crnic-Grotic Eisiúint 1

Seo an chaint a thug an Bean Uasal Crnic-Grotic ag Ostán Stormont.   Tá cúpla pointe ar cheart béim a leagadh orthu.

There is also an unfortunate attribute of Irish in Northern Ireland – some people connect the language to political turmoil and historical struggles. It is an unacceptable practice, similar in a way to that in the Basque Country in Spain and the Committee of Experts has always condemned it asking the authorities to promote tolerance and mutual understanding between all linguistic groups.

Agus seo an méid a deirtear faoi iarrachtaí an Aire Cultúr, Spórt agus Turasóireachta, cothromas a bhaint amach idir an Ghaeilge agus Albainis Uladh:

The Committee of Experts learned about inappropriate claims for parity of treatment between Irish and Ulster Scots. While both languages deserve assistance and support, it had to be appropriate to particular needs of each of them. However, according to the information made available to the committee, this claim for parity “in a number of instances led to the result that no measures were taken for either language, since it was not practically possible to apply the measures to Ulster Scots”. Even more, in this monitoring round, the opinion was even presented to the Committee of Experts that before any further steps were taken to promote Irish, the Ulster Scots language should be brought to the same position. This approach is, in the committee’s view, unacceptable.

Anois níl a fhios agam an raibh an Aire i láthair ag an gcaint seo – nó an raibh a ionadaí ann. Glacaim leis go raibh duine éigean ann ón Roinn Chultúr ann.   Ag an am chéanna, is mór idir bheith i láthair agus aird a thabhaird don méid a deirtear sa tuairisc seo.   Ní doigh liom go mbeidh Nelson McCausland ag athrú a phort go luath.  Beidh le feiceáil an mbeidh an cheist seo agus ceisteanan eile a eascraíonn ó na daorbhreitheanna seo ón Eoraip á chur ar an Aire, abair, ag Cathaoirleach an Choiste Cultúir, Barra Mac Giolla Dhubh ó SF, nó an é go bhfuil an páirti sin ag tabhairt cead iomlán a gcinn don DUP sa Roinn seo fhaid is go bhfaigheann an páirtí sin (SF) seilbh ar sparán chun a bheith ag ‘infheistiú’ leo ina rogha dtograí féin…..

Is obair cruaigh gan buiochas a bhionn ar siúl ag leithéidí POBAL.  Níl sé ‘gnéasúil’ mar atá ‘iriseoireacht’ nó ‘craoltóireacht’ nó ‘léiriú cláracha teilifíse’ – ach tá sé riachtanach.  An bhfuil tairge air?  Tá agus bionn agus beidh.   Is amhlaidh go ndeinimid talamh tirim de agus ansan ní thuigimid an obair a thug ar an saol an ‘tairge’ sin.  Ní aithnímid é mar thairge – cé go mbainimid úsáid as gach lá.      Ní bheadh TG4 ann, mar shampla, ach na daoine a chuaigh amach agus a rinne stocaireacht ar son TG4 – ina measc eagrais ar nós Conradh na Gaeilge – agus a lean le feachtas na mblianta fada chun an bó áirithe sin a chur thar abhainn agus an taoide, na meáin is eile,go minic ina gcoinnibh.    Sin tairge duit…..

7 dtuairim ar “Pobal, obair neamh ghnéasúil agus ‘tairge’

  1. johnmodonoghue@yahoo.ie

    A Choncubhair,Gabh mo leath scéal.Fuair mo dhearthair stróc agus mé ro-ghnóthach ag tabhairt aire dó chun bheith ag blagadóireacht.Aontaoim leat faoin obair fónta adhéanann na scátheagrais búnmhaoinithe ar son na Gaeilge, Polal san áireamh.Tugann d `alt léargas cruinn ar obair Pobal ar son na Gaeilge ó Thuiadh.Tá dainséar ann agus muid ag deileáil leis an ghearchéim ó dheas go bhfuil ré an “pysinic” tagtha i.e “somebody who knows the price of everything but the value of nothing”.

    Freagra
  2. Seán Mór

    Ó thaobh cearta agus seirbhísí teanga de, níl aon amhras ormsa ach gurb é Pobal an eagraíocht is gníomhaí agus is láidre agus is éifeachtaí sa tír. Tá rudaí áirithe faoi Pobal nach dtaitníonn liom: tá struchtúr agus meon críochdheighilteach ag baint leis an eagraíocht, mar shampla. Cé gur mhaith liom go mbeadh athrú iomlán ar an ghné sin d’obair Pobal, níor mhaith liom go gcaillfí a n-éifeacht, a ngairmiúlacht, ná a ndúthracht, i saol na Gaeilge.

    Freagra
  3. seamus mac seain

    a Sheáin mhóir a chara ach ní pobal per se atá éifeachtach ach Janet Muller agus tá sí leagtha ar Acht Teanga a bhaint amach ó thuaidh agus ní miste sin ach ní fheadair arbh fearr dí a chuid éifeachta a úsáid ar rud éigin eile a bhainfeadh tairbhe níos fearr as an mhianach dó chréidte atá inntí. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé buaireamh orm nuair a chluinim Ollscoileanna a bheith luaite le haon rud nó de ghnáthach ní bhíonn i gceist ach tuilleadh airgid a tharraing chucu féin fá choinne taighde agus dar liom go bhfuil níos mó taighde de dhith orainn mar bheadh poll sa chloigeann de dhíth ar dhuine. Tá rudaí de dhíth orainn ach go dtí go dtugann muid féin futhú ní tharlóidh a dháth. Ní thig le Rialtas ar bith saol Gaelach a chruthú faoinár gcoinne. Is muid féin (is gnáthach liom Sinn Féin a rá ach tuigeann tú cén fáth nach nabraim)) Mar shampla tá 4000 páistí ag fáil á gcuid oideachais fríd mheán an Gaeilge ach níl aonad ceart sáinriachtanais spéisialta don bun earnáil. Tá taighde agus tuilleadh taighde déanta ar an abhar ach níl an taonad ann go fóill agus páistí bochta á gcur amach as scoileanna cionnus nach féidir leis na bunscoileanna riar orthu Ní raibh sé san Oideachas Iarbhnscoile ach oiread go dtí gur ghlac dream éigin ag Coláiste Feirste orthu féin aonad a bhunú gan móran taighde a dhéanamh ar chor ar bith agus dul sa seans go bhfaighfeadh siad an tairgead faoína choinne, De réir cuma tá sé ag déanamh go fíor mhaith. Is é an buaireamh ata orm faoí Acht Teanga srl go gcriochnóidh muid le Maorlathas eile ó thuaidh cosúil le Foras na Gaeilge nó Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nó Comhairle na Gaelscolaíochta agus ansin cá mbéimís
    Ná habair é déan é.

    Freagra
  4. Seán Mór

    Níl focal ar bith ráite agat ansin a Shéamais nach n-aontóinn féin leis…. agus níl a fhios agam féin i ndáiríre cén mhaith atá ann a bheith ag lorg cearta teanga nach mbainfidh formhór na gcainteoirí Gaeilge úsáid astu sa deireadh… ach san am céanna, bhí mé ag iarraidh aitheantas a thabhairt d’éifeacht Pobal mar eagraíocht, nó mar dhuine aonair, cibé acu is cruinne.

    Freagra
  5. seamus mac seain

    is trua a Sheáin mhóir go gcaitheann muid mar Gaeil cuid mhór ama ag iarraidh ár gcearta ar an Rialtas nuair is fúinn fein atá sé an chuid is tabhachtaí dár saol a dhéanamh Gaelach. Mar atá a fhios agat a Sheáin agus mar atá déanta agat féin is féidir an teanga a thabhairt isteach inár dteaghlach,is féidir oideachas lán Gaelach a chur ar fáil dár bpáistí,is féidir linn ainm amháin Gaelach a bheith orainn má’s maith linn é is feidir linn cuideachta agus comhluadar a chruthú dúinn féin mar phobal agus go fírinneach ni féidir le hÚdarás ar bith sin a chur ar fáil dúinn dá dheámhéiniúl iad. Ní thig gan smaoineamh gur seoirt plúid shó (comfort blanket?) atá sa chaint uilig ar chearta. Má ghníomhaíonn muid dúinn féin tiocfaidh ar gcearta ach ní hionann carta a bheith againn agus ár saol a bheith a dháth níos Gaelaí. anois tá mé ag dul arais chuig an chluiche idir an Phoirtingéil agus an Spáinn agus nach ormsa a bheadh an ríméid da mbeadh an trachtaireacht i nGaeilge (a la Concubhair) agus níos tabhachtaí ná foirmeacha Rialtais a bheith i nGaeilge ach is cinnte nach dtiocfaidh sé gan sinn gníomhú ar a shon muid fein agus ní de bharr achainí ar an Rialtas thuaidh na theas.

    Freagra
  6. Gearóid O Muilleoir

    Agus tú ag trácht ar Chorn an Dhomhain a Shéamuis, an rud nach raibh ar fáil i nGaeilge cá bhfios domh ná cairt bhalla. Leis an tráchtaireacht teilifíse i mBéarla agus an póstaer balla i mBéarla, cén seans ag páistí (agus a dtuismitheoirí) comhrá a dhéanamh le hainmeacha ceart Gaeilge na dtíortha? Bheadh a leithéid ag Lá Nua sílim – agus bheinn sásta airgead a chaitheamh ar cheann, mar a bhí orm a dhéanamh leis an cheann Béarla atá againn a fháil.

    Freagra
  7. seamus mac seain

    anois chuir tú do mhéar air a Ghearóid is ioma rud praicticiúl a thiocfadh linn a dhéanamh ach muid tabhairt faoi agus ní glacfaidh sé reachtaíocht Rialtais lena dhéanamh. Tá saol na Gaeilge ar maos na laethe seo le heagraíochtaí éagsúla ag reachtáil seiminéir agus comhdhálacha agus ag foilsiú tuairiscí nuair nach bhfuil de díth ach duine eigin an cheist a chur,Cád a dhéanfaidh muid anois lenár saol a dhéanamh níos gaelaí. Cairt chorn an domhain? déanamis é agus gearrfaidh muid amach an chéad chómhdháil eile le díol as. DAS a Ghearóid is deas ainm fíor duine a fheiceáil ar bhlag Gaeilge nó tá an mean seo lan de dhaoine gan aithne

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s