Gaeltacht Bhéal Feirste i lár an aonaigh

I gcaitheamh na mblianta is minic dom ag caint ar Ghaeltacht Bhéal Feirste agus mé ag cur idir luibíní an focal ‘Gaeltacht’ de bhrí nach Gaeltacht ‘oifigiúil’ í an phobal seo.   Gan amhras, is é a léiríonn Ghaeltacht Bhéal Feirste gur beag an bhrí atá le stadas oifigiúil mar go bhfuil an Ghaeilge á labhairt ann mar theanga phobail go laethúil.   Mar sin cuirimís uainn na h-uascamóga.

Le déanaí bhí Laochra Loch Lao, foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta i mBéal a’ Mhuirthead i nGaeltacht Oifigiúil Mhaigh Eo.   Mar a rinne siad nuair a thug siad cuairt ar Mhúscraí don Chomórtas Peile i mBéal Atha’n Ghaorthaidh i 2007, chuaigh siad i bhfeidhm ar gach éinne de bhrí go raibh siad ag labhairt i nGaeilge an t-am ar fad.

Os rud é go raibh mé ag tuairisciú do Lá Nua ar an gcomórtas an bhliain sin – agus níl aon nuachtán a rinne tuairisciú chomh cuimsitheach ar an gComórtas Peile is a rinne Lá Nua – bhí mé ag taisteal ó pháirc go páirc leo.  Bhí mé thar a bheith bródúil as a bheith ina dteannta.   Léirigh siad fíor spiorad an chomórtais – ach níor cheart go mbeadh íontas orainn faoi sin – agus ba chodarsnacht é sin le foirne ó Ghaeltachtaí ‘oifigiúla’ a bhionn teanga níos galldaí agus níos gairbhe á chleachtadh acu.

Laochra Loch Lao - múrphictiúir in Iarthar Bhéal Feirste

Tá liosta fada de rudaí a léiríonn chomh Gaelach is atá Béal Feirste agus atá ina lochrainn don phobal Ghaelach ar fuaid na tíre.   Cultúrlann McAdam O Fiaich, Raidió Fáilte, na Bunscoileanna, Coláiste Feirste, An Droichead, Cumann Mhic Reachtain, Lá (RIP), Forbairt Feirste, Aisling Ghéar, Cumann Chluain Ard, Seacht….agus anois Laochra Loch Lao.

Má tá aon rud a léiríonn teip tubaisteach na bpolasaithe maidir le caomhnú na Gaeltachta ó dheas is é Gaeltacht Bhéal Feirste é.   Tá an spioraid ceart ann go fóill – cé go bhfuil an baol ann go loitfear é má bhfaigheann na maorláthaigh greim scrogaill air. An bhfuil sé ró dhéanach claochló iomlán a dhéanamh ó dheas?

achainí á dhéanamh faoi láthair ag An tUltach go mbeadh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl cois cuain uair éigean.  Tacaím go h-iomlán leis an moladh sin.  Creidim, go deimhin, go bhfuil sé rí thabhachtach go dtabharfadh ionadaithe ó gach Gaeltacht sa tír ar Ghaeltacht Bhéal Feirste go bhfeicfeadh siad an forbairt atá déanta ansan, gan an ‘deontas’ agus in ainneoin doicheall an Stáít, agus go dtabharfadh sin spreagadh dóibh agus iad ag filleadh abhaile chun tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge agus an Ghaelachais sa Ghaeltacht.

Dá bhfeicfimís an méid atá bainte amach le h-allas agus le dúthracht ag muintir Bhéal Feirste, nithe a dheintear talamh tirim díobh ó dheas, bheadh iontas orainn agus díomá.

6 thuairim ar “Gaeltacht Bhéal Feirste i lár an aonaigh

  1. seamus mac seain

    ” cé go bhfuil an baol ann go loitfear é má bhfaigheann na maorláthaigh greim scrogail air” Ar an droch uair A Choncubhair tá sé ag tarlú cheana féin. Chuala mé athrú inné go bhfuil Comhairle na Gaelscolaíochta a fuair breis agus £1,000,000 punt de airgead poiblí a fháil ó bunaíodh iad (agus 12 fostaithe acu in ainm Dé) tá siad i ndiaidh duine gan gaeilge agus gan eolas ar bith aicí ar earnáil na Gaelscolaíochta a fhostú le plean a dhréachtú don oideachas Iarbhunscoile Ghaeilge. Is tú fein a dúirt gur maorláthas mire atá i gcuid mhór de “Gluaiseacht na Gaeilge” agus is fíor duit ach tá eagla orm go bhfuil an MM i ndiaidh leathú ó thuaidh chomh maith. An bhfuil vaicsín ina choinne dar leat?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Is léir gur galar é an maorláthas mire atá nios dainséaraí ná fliú na muc! Duine gan Ghaeilge nó gan taithí ar earnáil na Gaelscolaíochta i mbun plean a dhréachtú don earnáil – cén fath nach féidir le foireann an Chomhairle seo a dhéanamh.

    Cuireann an scéal seo ‘Gaelscéal’ i gcuimhne dhom…..

    Freagra
  3. seamus mac seain

    ar a laghad a Chonchubhair tá a fhios againn cad a dhéanann Gaelscéal, bíodh sé le do thaitneamh nó nach mbíodh, ach tá “saol” na Gaeilge i mBéal Feirste anois déanta suas cuid mhór (dala an tsaoil ó dheas) de apparachiks ag plé cúrsaí i rith am oibre agus ag ithe bunóga uachtair. Is féidir éirí ramhar ar “Ghluaiseacht” na Gaeilge anois mura mbíonn tú cúramach- ba cheart go mbeadh rabhadh sláinte ag dul leis.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Bhíos féin ramhar sara cheangal mé le gluaiseacht na Gaeilge riamh….
    Cinnte tá an cheart agat faoi na h-apparatchiks agus a mbunóga uachtair. Nach bhfuil café renoir díreach treasna an bhóthair ó oifigí an Fhorais agus na Comhairle – is cinnte nach mbeadh a leithéid le feiscint i gcaifé na Cultúrlainne nó ní bheadh an uachtar ar na bunóga ansan uachtarach a dhothain dóibh! Is tá siad amuigh ag Ostán Stormont inniu ag caint faoi na bealaí nach bhfuil an Stát ag tacú leis an Ghaeilge…. tá go leor a fhéadfaí a rá faoi na h-apparatchiks.

    An pointe ginearálta a bhí á dhéanamh agam go bhfuil gá do dhaoine ó na pobail Gaeltachta ar fuaid na tíre Gaeltacht Bhéal Feirste a fheiscint chun go dtuigfimís go bhfuil bealaí ann chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh agus i lár an tsaoil.

    Beidh na h-eagrais is na bunóga i gcónaí linn, is cosúil. Níl aon seans go gcuirfear deireadh leo mar is den sliocht céanna iad na daoine atá ag déanamh na cinntí is na daoine atá ag ‘obair’ sna h-eagrais seo.

    Freagra
  5. Ruairí Ramhar

    B’fhéidir gur cheart duit fhéin togáil amach do na laochra seachas a bheith ag scríobh seafóide

    Freagra
  6. Seán Mór

    Bhímis ag gearán nuair a bhíodh dlúthcheangal idir an Ghaeilge agus an bochtanas agus an t-ocras, agus anois tá muid ag gearán de thairbhe go bhfuil dlúthcheangal idir í agus bonnóga agus uachtar!! Ní sásamh go cantal 🙂

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s