Mar a fuair Kevin Myers amach faoi ‘Foinse’ san Indo….

Cliceáil ar an bpictiúir agus treorófar thú go dtí an fhíseán.....

Cé mhéid uair gur rith sé liom le tamall an cheist a chur faoin mbealach a fuair mo chomh-cholúnaí leis an Indo, Kevin Myers, amach go raibh Foinse anois á dháíleadh saor in aisce leis an nuachtán ina mbionn sé féin ag cur peann le pár chun íonsaithe rialta a dhéanamh ar an dteanga, lucht a labhartha agus eile?

Ní fheadar.  Ach tá’s agam rud amháin – gur beart fónta ar son na teanga, fiú mura dtaithníonn Foinse liom mar ‘nuachtán’ go h-iomlán, atá ar bun ag an Indo agus is fiú é sin a aithint.  Gach seans go mbeadh gradam ‘Gael na bliana’ buaite ag Sir Tony O’Reilly as an dtacaíocht seo a thabhairt don bhfoilseachán Ghaeilge seo.

Tá an Ghaeilge anois á dháíleadh ar breis is 100,000 teaghlach gach seachtain.   Tá altanna – fiú nach nuacht iad sa slí a thuigimse nó tusa é – ann ó réaltaí na teanga, daoine ar nós Dáíthí O Sé, Hector agus Evanne Ní Chuilinn.     Is maith ann é.    Is mór an trua nach bhfuil Gaelscéal ag aimsiú an sprioc atá aige sa tslí go n-aimsíonn Foinse an sprioc atá ag an bhfoilseachán sin….

Sieg Foinse!  Sieg Indo!  Sieg Myers?????

7 dtuairim ar “Mar a fuair Kevin Myers amach faoi ‘Foinse’ san Indo….

  1. Seán Mór

    Tá téagar ag teacht i rannóg ‘Tuairimí’ de chuid Gaelscéal le tamall anuas, buíochas mór le Dia. Bhí cúpla alt maith ann an tseachtain seo ó Eoghan Ó Néill faoi bhreithiúnas Saville, ó Chonall Ó Móráin faoin Ghaeilge san Ardteist, Seámas Ó Neachtain ar Ardán faoi chás Iosrael, Bernie Ní Flatharta faoi chumhacht na mban i gcúrsaí breithe, Páidí Ó Lionáird faoin scoilt in Fine Gael, agus fiú an t-eagarfhocal agus na litreacha. Níl mé ag rá gur shásaigh gach tuairim mé (mar shampla, creideann Páidí go bhfuil ‘smál’ ar dhuine má bhí baint aige le heagras poblachtánach riamh ina shaol, nó síleann Séamus gur á gcosaint féin amháin a bhí na saighdiúirí Iosraelacha a dhéanamh nuair a mharaigh siad daoine ar an bhád a bhí ar a bhealach chun tacú le muintir Gaza srl)….ach is maith ann an tuairimíocht seo uilig, agus tá an caighdeán agus an éagsúlacht ag dul chun cinn an t-am ar fad….

    Freagra
  2. seamus mac seain

    is le síor scigmhagadh a dhéanfhaidh muid naimhde na teangán a chloí. Tá físeán sin ar fheabhas.

    Freagra
  3. seamus mac seain

    i dtaca liomsa de íocaim iomlán luach an pháipéir sa siopa bainim Foinse amach as agus fágaim an tIndo i mo dhiaidh. Is ioma rud a dhéanfainn ar shon na cúise ach ní léamh an Indo ceann acu.

    Freagra
  4. seamus mac seain

    a Choncubhair dá mhéad a chuireann tú i gcoinne Gaelscéal is amhlaidh is mó a chuireann tú mé le seasamh ar a shon. Dála Sheáin Mhóir sílim go bhfuil sé go maith, idtaca le holc, mar a bhí gach páipéar Gaeilge a chuaigh roimhe agus tá go leor acu feicthe agam le mo linn. Is fuath liom a rá ach an amhlaidh go bhfuil snobaireacht aithrid ag baint leis an chaineadh? Níl an teagarthóir ar maos san “Iriseoireacht” ach cad é atá chomh draoíachtach faoin ghairm aithrid sin. Féach ar chuid de na “Iriseoirí” is mó le rá sa tír agus tcífidh tú cad is leimhe ann ó thaobh na h-iriseoireachta de, A bhuí le Dia ar shon “soláthraí abhair” Gaelscéal lena dtaobh.
    DAS Bhí mé as féidhm ar feadh tamaill agus buíochas le Dia bhí tú arais i mbun pinn nuair a tháinig mé chugaim féin. Cad a dhéanfainn le mo chuid frustrachais gan tú?.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Níor dúirt mé an uair seo go gcreidim go bhfuil Foinse ag aimsiú an sprioc atá ag an bhfoilseachán sin níós fearr ná mar atá á aimsiú ag Gaelscéal. Léiríonn an fuiollach cóipeanna a fhagtar sna siopaí gach seachtain fírinne an raitis sin, Níl aon fonn orm argóint a bheith agam mar gheall ar Gaelscéal – tá an méid atá ráite agus scríte agam faoin bhfoilseachán ós comhair an tsaoil.

    Freagra
  6. Ping: Anaithnid

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s