Na vuvusuelas abú!

Tá mé bodhar tar éis na deireadh seachtaine, trath go bhfaca mé cúpla cluiche ó Chorn an Domhain agus an cluiche sin, Corcaigh in aghaidh Ciarraí san athimirt i gCraobh na Múmhan i bPáirc Uí Chaoimh.  Tá mé bodhar tar éis dom go leor den vuvusuela, adharc cheolmhar(?) lucht leanta an tsacair san Aifric Theas.

Ar ndóigh, tá sé ag cur isteach ar mo leithéidse agus mé ag suí sa bhaile ós comhair na teilifíse, ag éisteacht leis an dtrachtaireacht (i mBéarla gan amhras) ar chluichí móra an Choirn sin agus Craobhacha na hÉireann sa pheil agus san iomáint.   Tá ceol na vuvusuelas sa chúlra ag cur isteach ar an dtrachtaireacht.

Gan amhras tá an ceol seo tar éis tús a chur le clamhsáin ar fuaid an domhain ó dhaoine atá ag iarraidh amharc ar na cluichí i gcompórd ós comhair na teilifíse.  Beag an suim atá acu i gcultúr na leantóirí.

Is cosúil go bhfuil an vuvusuela bunaithe ar an adharc a bhaintí úsáid as trath chun sinsir na dtreabhanna a thabhairt le cheile.   Taithníonn sé liom go bhfuil cultúr dúchasach na hAifrice le tabhairt faoi ndeara ag Corn an Domhain, comórtas atá smálaithe go mór ag blás an chorporáideachais.   Cuireadh imreoir ó Ghana – a bhuaigh ar an tSeirb – faoi agallamh i lár na pairce tar éis bua a fhoirne – ach ar a chúlra bhí pána gloine so ghluaiste ar a raibh suaitheantas na n-urraí greanta.

Má tá aon bhagairt do Chorn an Domhain, is é an corporáideachas céanna é.   Is é sin an fath, mar shampla, ar ligeadh don chalaois a rinne Thierry Henri ar fhoireann na 26 contae i bPáras gan pionós ceart agus go bhfuil leinte gorma na Frainnce seachas léinte glasa na hÉireann san Aifric Theas an mhí seo.    Níor theastaigh ó lucht FiFa ná beadh laochra na gcorporáidí – Henry is a cháirde – ag na craobh chluichí.     Mar sin shocraíodar an tarraingt…..

Tá tuairim agam freisin go bhféadfaí úsáid a bhaint as an vuvusuela – nó a chomhionann Éireannach, an feadóg stáin – chun agóid a dhéanamh sa tír seo in éadan an chorporáideachas céanna, corporáideachas atá ag cur cosc ar an nGaeilge a bheith ann mar rogha theanga thrachtaireachta ar an dteilifís.    Dá mbeadh feadóg stáin ag gach Gael ag na cluichí móra CLG agus go dtosnófaí ag seinnt ‘Oró sé do bheatha abhaile’ le linn na gcluichí – an ndéanfaí a dhothain chalainn chun an iachaill a chur ar na h-údaráis craoltóireachta agus polatúla gan a bheith ag ‘sá an Bhéarla siar ár scórnaigh’.   Ach ní dócha go dtarlóidh sin mar gheall ar chlaonadh na nGael a bheith ag sodar i ndiaidh na n-uasal….. táimíd ró mhúinte agus ró sásta lenár gcompórd.  Nílimíd sásta fulaingt ar son na rudaí a chreidimíd iontu.

Tá gá go mbeadh ár ‘vuvuzuela’ féin againn le go mbeimís ábalta a dhothain torainn a dhéanamh le go gcloisfear sinn.    Molaimse an feadóg stáin….ach beidh orm tosnú ar í a fhoghlaim…..

5 thuairim ar “Na vuvusuelas abú!

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Ní aontódh ceoltóirí leat mar gheall ar fhoghlaim an bhodhráin, a Áine! Mhol mé an fheadóg stáín mar go bhfuil siad saor, iniompraithe go h-éasca agus déanfaidh siad clampar….

    Freagra
  2. Seosamh Ó Beirgin

    Ceist: How do you know when the bodhrán player in a trad group is on the level?
    Freagra: When the drool is comming out of both sides of his mouth in equal amounts.

    Maith dhom an Béarla ach ní dóigh liom go n-oibríonn sé i nGaeilge.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s