An Ghaeilge sa chéad líne chátha

Anocht ar ‘The Frontline’, deirtear linn go mbeidh plé á dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar riachtanach don Ard Teist.   Agus é ag cur criche lena chlár raidió inniu, d’fhag Pat Kenny an cheist: “Why should you do an Irish exam for the Leaving Cert if you hate the subject?”

Tagann seo ag am go bhfuil an polaiteoir is déanaí a mhol an beartas seo, Enda Kenny, faoi bhrú áirithe óna chomhleacaí féin, Richard Bruton.  Ní bhaineann sin le h-ábhar – ach anois tá sé luaite, b’fhéidir go bhfillfidh mé air ar ball.  Cuireann sé i gcuimhne dhom dúnmharú Caesar ar an 15ú Márta 44 BC.  Ar ndóigh an iarraidh seo b’é Caesar (Enda Kenny) a úsáid an scian ar dtúis.  An mbeidh sé beo ag deireadh an lae amaraigh….?

Ar ndóigh  is feachtas leanúnach é seo ag an dream atá in éadan na Gaeilge a bheith éigeantach don Ard Teist agus tá an chuma air go bhfuil an ábhar á lua anois mar go bhfuil an Ard Teist ar siúl agus go bhfuil gá le scéal éigean a usáid chun an scrúdú seo a phlé ar chlár chúrsaí reatha ar nós ‘The Frontline’.

Creidim féin go raibh moladh an chliste ag Donncha O hEallaithe an mhí seo chaite nuair ar mhol sé gur cheart dúbailt poinntí a thabhairt i dtrí ábhar riachtanach – an Ghaeilge, an Bhéarla agus sa Mhatamaitic.  B’é an t-aon smaoineamh nua ar an ábhar seo le fada an lá.

Is féidir leat easpa loighice an dream atá ag iarraidh báta agus bóthar don Ghaeilge a fheiscint sa ráiteas seo ó cheannasaí HP Ireland:

HP Ireland’s Martin Murphy said the likes of Mandarin need to enjoy the same attention Irish has in the education system.

Cheapfá uaidh sin nár mhaith leis an tUasal Murphy go mbeadh an Mhandairis á mhuíneadh go h-éifeachtach.   Is é an fadhb is mó leis an Ghaeilge san Ard Teist nach bhfuil sí á mhúineadh go h-eifeachtach agus an chúis is mó le sin go bhfuil sí á múineadh de réir mar a bheadh teanga á múineadh san Aois Victoriach, gan an bhéim ar labhairt na teanga, le litríocht atá seanachaite agus leadránach den chuid is mó agus le béim ar ghramadach nuair is eol do chach go bhfuil seo leadránach.

Mar a scrígh mé féin in alt sa Sunday Independent le déanaí:

Teachers are also complaining about the ‘dumbing down’ of the Irish Leaving Cert syllabus. Henceforth there’ll only be a handful of poems and just a couple of books to study in the literature section for honours students.

If I could be as bold to make a suggestion, instead of studying Maidhc Dainin O Se‘s classic, A Thig ná tit orm, students of An Ghaeilge should be required to study An Crisis or Rasai na Gaillimhe or CU Burn instead for a few years. If nothing else, it would give them something to smile about — and given our current situation and the prospects our Leaving Certificate students face in the uncertain economic climate, that wouldn’t be a bad result.

Ní ‘dumbing down’ atá ag teastáil ón nGaeilge ach ‘smartening up’.   Ach dein iarracht é sin a rá le daoine ar nós Pat Kenny atá a gcuid smaointeoireacht siocaithe in aois nuair a raibh siad féin ag léamh ‘Peig’ is eile.

Seo thíos ráiteas a fuaireas ó Chonradh na Gaeilge atá ag coinneáil súil ghéar ar an ndiospóireacht seo – ní fheadar an mbeidh siad páirteach:

GAEILGE MAR PHRÍOMHÁBHAR ARDTEISTE

1. The Frontline, RTÉ 1 ag 10.30in ANOCHT

2. TXT Metro Herald

Mar eolas duit, beidh an Ghaeilge mar phríomhábhar Ardteiste á phlé ar an gclár The Frontline ar RTÉ 1 anocht ag 10.30in. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gclár agus do thuairim a chur in iúl trí teachtaireacht a fhágáil ar an mblag aghttp://www.rte.ie/ie/frontline/; trí teachtaireacht Twitter a fhágáil @RTEFrontline leis an gclib #Rtefl ag http://twitter.com/rtefrontline; trí teachtaireacht Facebook a fhágáil do The Frontline ag http://www.facebook.com/pages/The-Frontline/133248365817?v=wall; nó trí ríomhphost a sheoaldh chuig frontline@rte.ie.

Tá tuairimí á lorg ag Metro Herald ar an ábhar seo inniu freisin. Ar leathanach 5, faoin alt “HP boss questions time spent on Irish in schools” (alt ina iomláine thíos agus iniata leis an ríomhphost seo i bhfoirm PDF), iarrann siad ar dhaoine: Should Irish be compulsory in school? Seol MAIL mar aon le d’ainm agus do bharrúil chuig 53131 chun do thuairim a chur in iúl. Tá costas 30c ar gach clóscéilín móide an gnáthchostas téacs agus foilseofar na teachtaireachtaí ar leathanach na litreach & na dtuairimí amárach. Is féidir freisin ríomhphost a sheoladh chuig mail@metroherald.ie le d’ainm agus do bharrúil ar an ábhar freisin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an gceist seo agus ar bheartas oideachais Chonradh na Gaeilge ar-líne aghttp://www.cnag.ie/index.php?page=feachtais&campaign_id=2 (Gaeilge) nó ag http://www.cnag.ie/index.php?page=feachtais&campaign_id=2&lang=en (Béarla). Gheobhaidh tú beartas oideachais an Chonartha iniata leis an ríomhphost seo freisin.

2 thuairim ar “An Ghaeilge sa chéad líne chátha

  1. aonghus

    Táimse bréan bailithe den seafóid seo faoi Ghaeilge, Mata agus rl. Bun agus barr an scéil: níl córas oideachas maith againn. Táimid – mar tír – ag titim siar.

    Agus ní chabhróidh “Togra Mata” ná útamáil thart leis an nGaeilge é sin a leigheas.

    Mura bhfuil muid ag earcú, ag caomhnú, agus ag oiliúint oidí fuinniúla, spreagúla ní fhoghlaimeofar faic sna scoileanna.

    Léiríonn Gaelscoileanna – atá chun cinn ní hamháin sa Ghaeilge ach i ngach ábhar eile – an rud is féidir a dhéanamh ainneoin easpa acmhainní.

    Ach ní hin an chas-scéal is ansa le maorlathaigh sráid Maolbhríde ná easpaig tuata meáin D4.

    Sé mo thaithí féin gur mó seans Gaeilgeoir a bheith ilteangach ná Béarlóir Éireannach (ní áirím Sasanach ná Poncán).

    Freagra
  2. Seán Mór

    Tá m’iníon féin ag freastal ar mheánscoil i Leitir Ceanainn. Tá sí ar laetha saoire trí mhí san am i láthair. Sin an áit a bhfuil an fhadhb; ag caint ar am amú!!!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s