Is cuma liom cé bhuaifidh Corn an Domhain chomh fada…..

Agus tús á chur le Corn an Domhain inniu, táim ag súil go mór leis an bhféasta atá le teacht idir seo agus 11ú Iúil nuair a imreofar an cluiche ceannais agus nuair a leagfar coróinn ar na curaithe.    Cé bhuaifidh – ní fheadar agus is cuma liom, chomh fada is nach Sasana atá ann.

Bhuel b’shin mar a bhínn ag smaoineamh trath den saol –  nuair a bhí mé níos óige….anois táim idir dhá chomhairle.  Is Sasanach [go smior] é mo dhriothar céile, Scott, ó Yorkshire, agus tá seisean ag súil go mór le bua dá fhoireann.   Cuireann sé íontas orm i gcónaí an dóchas a bhionn ag na Sasanaigh gach uair a thagann Corn an Domhain inár dtreo.  Creideann siad gur féidir leo é a bhuachan agus, go deimhin, ach amháin éagóir éigean a bheith imeartha orthu, creideann siad go mbeadh sé buaite acu ar gach ocáid.

Is cuimhin linn go léir an clampar a lean – agus a leanann go fóill an cúl seo

Ach b’é seo an cúl a bhuaigh an cluiche don Airgintín.

Ag an am chéanna, tá sé beartaithe agam gan scairteadh i gcoinne Sasana an uair seo.  Táim ag súil go mbuaifidh foireann ealaíonta an chomórtas.  Cá bhfios gur na Sasanaigh a bheas ann – nach bhfuil Wayne Rooney (ar Ghael é!) chomh maith le h-aon imreoir eile – Messie nó Kaka nó Ronaldo fiú.

Tá sraith fantasaí tosnaithe agam daoibhse ar suim leo an ghné seo den imirt – is féidir teacht air ar shuíomh an Irish Times. Bain úsáid as 213012 agus beidh leat.

Go raibh an bua ag an bhfoireann is fearr chomh fada…..

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s