Bunaigh ‘Páirtí Ghaeilge’ – Eoghan Ó Néill

Is iomai uair a bhí an plé agam le hEoghan Ó Néill faoin ghá a bhí ann páirti pholatúil bunaithe timpeall ar cheist na Gaeilge a chur san iomaíocht i dtoghcháin thuaidh agus theas.  Dar liom ní fhéadfaí na páírtithe a bhí ann – agus a mhaígh go raibh siad ar son na teanga – a thrust ar an gceist seo agus dá mbeadh páirtí ann agus an cheist seo ina chéad thosaíocht acu, bheadh seans níos fearr polasaithe ciallmhara ar leas na teanga a chur chun cinn.

Ag an am sin, agus sinn ag plé na ceiste i mbialannaí ar nós ‘Goodfellas’ i mBéal Feirste, níor aontaigh Eoghan liom ar an mbonn nach n-eireodh lena leithéid de pháirtí mar go raibh iarracht á dhéanamh ceisteanna níos trom chúisí ná ceist na Gaeilge a réiteach.

Anois níl na ceisteanna sin réitithe go h-iomlán – ach tá réiteach éigean ann.   Ní féidir ceist na Gaeilge a fhágáil ar leataobh a thuilleadh.  Cinnte tá ceisteanna tromchúiseacha eile ann anois – an lagtrá eacnamaíochta mar shampla – ach mura dtugann cainteoirí Ghaeilge ar suim leo an teanga a chur chun tosaigh, déanfaidh pairtithe eile an obair sin agus cá bhfios cén toradh a bheidh air.   Ní thaitníonn sé liomsa an mí-úsáid, dar liom, a bhaineann Sinn Féin as an nGaeilge ach sin mo shean phort.  Dá mbeadh páirtí eile ann, a bheadh ag cur in éadan na n-imirceach mídhleathach agus ag cur cás na teanga chun tosaigh ‘mar dhea’, d’fhagfadh sé droch chlú ar an nGaeilge.

An oiread go bhfuil gá le ‘Páírtí na nGael’ nó an ‘Páírtí Gaelach’  chun cás na Gaeilge a chur ós comhair an phobail go ciallmhar agus le spiorad is le téagar, tá gá lena leithéid de pháírtí chun a chinntiú nach nglacann aon pháirtí eile seilbh ar an gceist seo i slí a d’fhagfadh an teanga faoi smál.

Fiú mura n-eiríonn leis an bPáírtí dul chun cinn a dhéanamh go ceann tamaill, tá sé riachtanach go gcuirfear ós comhair an phobail na fíor tosaíochtaí atá ag pobal na Gaeilge.   Ní doigh liomsa, mar shampla, go bhfuil aistriú cáipéisí nach léitear i mBéarla go Gaeilge i measc na dtosaíochtaí sin – creidim gurb iad san tosaíochtaí iad san ar mhaith leo go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí ar an imeall.

Tá alt Eoghain le léamh ina iomláine i nGaelscéal – agus ní thagann an cheannlíne leis an bpríomh theachtaireacht atá ann ar chorr ar bith.  Cé h-é a aithneodh Declan O’Loan taobh amuigh de sciar bheag den phobal náisiúnach ó thuaidh?    I gcead don tUasal O’Loan a deirim sin.   Ag an am chéanna, b’fhiú Gaelscéal a cheannach ar son altanna Eoghain agus corr rud fánach eile.

Tá Gaelscéal na seachtaine seo lag agus an cuma air gur foilseachán na bpreas ráiteasaí atá ann seachas nuachtán.   Ní thuigim céard é an brí atá leis an bpríomh scéal – ar achoimre é de litir ó Helen Ó Murchú atá foilsithe taobh istigh – a fhoilsiú mar shraith phríomh phointí ón litir gan freagra de short éigean a fháil ón bhForas ar na ceisteanna atá curtha sa litir a chur Helen.   Ceisteanna ciallmhara iad na ceisteanna sin – agus b’fhéidir go bhfuil príomh scéal ann i nuachtán Ghaeilge – ach ba cheart laimhseáil leis mar phríomh scéal nuachtáin seachas mar fhorogra atá an nuachtán ag cur chun tosaigh mar fhorogra dá chuid féin, cheapfá.

Agus an Corn Domhanda ag tosnú is deireadh seachtaine mhór de chluichí CLG, tá an spórt thar a bheith lag an tseachtain seo.  Is cuimhin liom ceithre bhliain ó shin nuair a fhoilsigh Lá Nua forlíonadh speisialta ar Chorn an Domhain 2006 le postaer dhá leathnach a bheadh ina áis ag daoine ar mhaith leo an chomórtas a leanúint ó thús go deireadh agus scór líne gach cluiche a bhreacadh síos ar an bpostaer.     In áit sin, tá alt ag Páídí O Lionaird agus dá fheabhas é mar alt, níl ann ach léargas ar dornán cluichí seachas ar an gcomórtas ina iomláine.

Tá tuairisciú Gaelscéal ar chúrsaí CLG ana lag agus léirítear seo arís an tseachtain seo.   Cúpla focal faoi gach cluiche ach níl an tuairisciú ann a bhíodh ag sean Foinse nó fiú Lá Nua (nó admhaím go raibh Lá Nua níos laige ná sean Foinse i gcúrsaí spóirt).   Bhíodh colúnaithe aitheanta ar nós Dara  Ó Cinnéide agus Mártan Ó Ciardha ag sean Foinse agus bhain míse i gcónaí taithneamh as léargas Deirdre Ní Ghrianna ar chúrsaí spoirt i Lá Nua.   Níl cúpla focal John Allen inchurtha le seo.

Anuas ar sin is bocht ar fad an tuairisiciú idir tuairiscí agus griangrafanna ar Chomórtas Peile na Gaeltachta.   Scéal suarach cúpla alt ar an leathnach cúil agus dhá ghriangraf istigh ar leathnach 31 is leath thuairisc ar chluiche na soisear.   Is lag an toradh é sin ar an Aoine tar éis don Chomórtas criochnú ar an Luan roimh ré.

Aon tuairim amháin ar “Bunaigh ‘Páirtí Ghaeilge’ – Eoghan Ó Néill

  1. colm

    Níl a fhios agam an bhfuil an t-am tagtha chun Páirtí Gaelach a bhunú. Ní dóigh liom go mbeadh tacaqíocht a dhóthain ag páirtí mar sin faoi láthair.

    Os achoinne sin, creidim go bhféadfaí iarrthóirí a chur chun tosaigh don chéad ollthoghchán eile ar cheist áirithe, agus i sí an cheist sin an Ghaelscolaíocht.
    Creidim gur féidir tacaíocht mhaith a fháil don Ghaelscolaíocht, tá Gaelscoil i ngach toghcheantar, cheapfainn, agus daoine ag iarraidh scoileanna a bhunú, ach nach bhfuil an tacaíocht ón Roinn Oideachais ann chuige. Agus anois an t-am chun tabhairt faoi, nuair atá an saol polaitiúil corraithe go leor, an múnla briste ar bhealach, agus lucht vótála sásta smaoineamh ar roghanna eile seachas na cinn traidisiúnta.

    Dá n-éireodh le tionscnamh den chineál seo, b’fhéidir go bhfásfadh páirtí as le himeacht ama, ach ní mór an réamhobair a chur isteach i dtosach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s