Táimse im chodladh….

Amhrán dhuchasach ó Mhúscraí agus é á chanadh go h-ealaíonta ag Iarla O’ Lionaird, sean chara liom agus Múscraíoch eile.

Táimse Im Chodladh is ainm do agus b’fhéidir gur cur síos é sin ar mo chuid oibre ar an mblag seo le deich lá anuas.   Tá daoine ag gearán – go h-áírithe iad san a bhionn ag gearán faoin méid a bhíonn le rá agam anseo.  Anois go bhfuilim im thost ar an mblag ar feadh seal, tá siad buartha nach mbeidh aon rud acu le bheith ag gearán ina thaobh.       Nó rud éigean mar sin!

Ar aon nós, beidh mé ar ais.   Is binn béal ina thost…ar feadh seal.

Dála an scéil, tuigim ó Iarla go bhfuil albam nua á chur le cheile aige agus go mbeidh dán a chum m’athair ar an albam céanna.   Is mór agam agus ag mo mhuintir go mbeidh ardán domhanda ag filíocht m’athair – mar sin an rud a fhaigheann albam nua ó Iarla, duine de dhornán ceoltóirí ón tír seo le clú idirnáisiúnta nár thug cúl dá dteanga choiche.

6 thuairim ar “Táimse im chodladh….

  1. Tristan Rosenstock

    A Chonchubhair, a chara,
    Thar barr ar fad! Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht le hIarla. Táim ag súil lena leagan de dhán t’athar a chlos. Bhíomar ag caint le déanaí mar gheall ar imeachtaí éagsúla i Múscraí agus táim an-bhuíoch. Ceist eile agam ort, an bhfuil éinne i Múscraí a bhfuil asal aige agus a úsáideann é mar ainmhí oibre? Táim clár teilfíse á dhéanamh agam mar gheall ar ról an asail in Éirinn agus táim d’iarraidh teacht ar asal oibre (iompú feamainne mar shampla). Dá mbeadh éinne ar aithne agat i Múscraí bheinn an-bhuíoch go deo dá mbeifeá in ann mé a chur i dtegmháil leis.

    Freagra
    1. asal4

      Thog me beirt asal ag siul trasna na Sleibhte Eachtai, Samhradh amhain. Bhi siad ag iompair an bagaiste duinn. Nuair a bhi na paisti tuiseach, b’fheidir leo sui orthu!

      saghas oibre e! ta an-ghra agam do na h-asail.

      asal4.wordpress.com

      mairin

      Freagra
  2. Drano

    “..Anois go bhfuilim im thost ar an mblag ar feadh seal, tá siad buartha nach mbeidh aon rud acu le bheith ag gearán ina thaobh..”
    Ní féidir leat a bhuachan!

    Freagra
  3. Ping: ar son na drúise

  4. Ping: “Táimse im chodladh…” « ar son na drúise

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s