Athrú teanga – agus poirt – don Eoraifís

Deirtear linn gach bliain go bhfuil foireann saineolaithe i mbun na h-amhráin a shroicheann an ghearrliosta le h-aghaidh iontráil na hÉireann don Eoraifís a chur ós comhair an phobail – ach gach bliain ní bhionn na h-amhráin thar moladh beirte, gach ceann cosúíl leis an cheann eile agus gan aon rud difriúil mar gheall orthu.  Go h-áirithe ní bhionn rud ar bith Éireannach faoi na h-amhráin.

Ar ndóigh bionn na h-amhráin i mBéarla.

I mbliana bhí dóchas RTÉ agus na hÉireann in amhrán dar teideal ‘It’s For You”.   Chan Niamh Kavanagh go maith – ach i bhfírinne ní raibh rud ar bith faoin amhrán a sheas amach ón slua agus níor mheall sé na vótaí dá bhrí sin.     Chriochnaigh sé sa triú áit ón mbun sa chomórtas.  Ní bhfuair sé ach 25 pointe san iomlán agus bhuaigh cailiin óg ón nGearmáin le h-amhrán réasúnta simplí, cheapfá.

Mo bharúil go bhfuil sé in am tabhairt ar RTÉ an phort agus an teanga a athrú.  An bhféadfadh amhrán i nGaeilge toradh níos measa a fháil ná mar a fuair an amhrán a chan Niamh Kavanagh?   Ní chreidim é.

Thabharfadh sé deis cultúr ársa na tíre seo faoi éide nua a chur ar ardán domhanda ós comhair, meastar, 120m duine.   Nach rud fónta a bheadh ansin – agus chuirfeadh sé ina luí ar an bpobal sa tír seo go bhfuil amhránaíocht i nGaeilge nach amhránaíocht ar an sean nós é, go bhfuil grúpaí óga, leithéidí Mo Hat Mo Gheansaí nó Bréag, ag obair leo i nGaeilge agus ag cur amhráin den scoth ar fáil.

B’íontach an radharc é a fheiscint, aréir, agus na Gearmánaigh óga ag rínce ar shráideanna Hamburg, 40,000 acu más fíor, agus i gcathracha eile timpeall na hEorpa.   Chuir sé díomá orm go raibh an Ghaeilge fagtha ar lár ón gceiliúradh sin ar ár gcomhoidhreacht Eorpach, ag cur san áireamh go raibh an Ghaeilge – agus go bhfuil sí – lárnach i stair chultúrtha na hEorpa.  Nach í an Ghaeilge an teanga a bhí ag na manaigh a d’fhag an tír seo chun an Chriostaíocht a thabhairt faoi bhlath ar an Mór Roinn.

B’fhearr i bhfad don Eoraip agus don Ghaeilge dá gcaithfí an oiread dua ar thabhairt ar ár gcraoltóir náisiúnta an phort agus an teanga a athrú i leith an chosc de facto atá ag an staisiún ar amhráin Ghaeilge bheith ag déanamh ionadaíocht ar son na tíre sa chomórtas Eoraifíse.

An cuimhin le h-éinne an uair dheireannach go raibh amhrán Ghaeilge sa bhabhta náisiúnta den chomórtas?  Cén amhrán a bhí ann agus cé chan é?  Is cuimhin liom féin an amhrán, An Bon Bon Carr,  a raibh sa Chomórtas Náisiúna i 2009.   Ba mhór an spóirt é…..

Is mór an spórt iad an dream seo ‘Mo Hat Mo Geansaí’ – a bhionn go minic le clos ar chlár Ronáin Mhic Aoidh Bhuí.  Taithníonn siad go mór liom – agus táím cinnte gurbh fhiú iad a thriail ar ardán ar nós ardán na hEoraifíse – cuimhnigh ná raibh an amhránaí a bhuaigh ach 19….

An gcloisfear a leithéid arís?

9 dtuairim ar “Athrú teanga – agus poirt – don Eoraifís

  1. Seosamh Ó Beirgin

    A Choncubhair an bhfuil aon cuimhne agat ar “Ceol an Ghrá” ráite ag Sandy Jones ag comórtas na Euraifíse 1972 i nDún Éadain na hAlban? Bhuaigh Vicky Leandros an comórtas an bhlian sin do Luscamburg le “Come what may”.

    Nílim cinnte go díreach cá háit ina chriochnaigh Éire ach bhí an amhrán go maith cé gur b’fhéidir nach raibh Sandy Jones an t-ámhránaí is fearr ar domhan. Tá sé ar youtube anseo http://www.youtube.com/watch?v=4M46Xf2Eik4. Bain sult as.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Go raibh maith agat as sin a Sheosamh – nílim cinnte an dtaitníonn sé liom ach bhí sé go maith dá am.

    Féach thuas ar an gceann is déanaí a fuair mé – an Bon Bon Carr.

    Ar ndoígh ní féidir dearmad a dhéanamh d’amháin íontacha Seán Monaghan – Amhrán an Dreoilín etc.

    Agus tá an dream seo ann freisin…..

    Freagra
  3. crosbhealaí

    Tá na tíortha eile, don chuid is mó, ag iompú ar an mBéarla le roinnt blianta anuas, ar mhaithe le breis vótaí a ghnóthú. I ndáiríre, níl sa chomórtas Eoraifíse a thuilleadh ach cineál Seó Tallainne (Europe’s Got Talent, éinne?)ina dtugann na ball-tíortha leiriú beag ar an gcumas teacht le pop-chultúr Angla-Mheirceánach domhanda na linne. Tá rian an X-Factor air anois- ach níl sé chomh maith le sin, fiú.

    Bíonn an votáil mar an chuid is suimiúla den seó- ach thig lin réamhaithris a dhéanamh ar an bpróiseas seo go minic, comharsanaigh ag votáil dá céile srl….nár éirigh Terry Wogan as tráchtaireacht a dhéanamh air toisc sin?

    Fiú nuair a bhíonn teanga eile seachas an Béarla le cloisteáil, is í an fhoirmle chéanna a bhíonn le cloisteáil. Agus cén mhaitheas atá ann breathnú ar tháirgíocht den dara ghrád mar seo, nuair is féidir táirgíocht Angla-Mheirceánach den chéad ghrád a bhlaiseadh trí do rogha ceoil a íoslódáil nó dul chuig ceolchoirm as do rogha féin?

    Ná bí ag ceapadh go mbeidh seans sa bhreis ag an Ghaeilge sa chomhthéacs seo (cé nach bhféadfadh sé aon dochar a dhéanamh, is dócha). An fhírinne searbh ná, tá an Ré Órga Eoraifíse thart- tá a rás rite…..más maith, is mithid. Ní cheart d’Éire bheith ró-bhuartha- bhuamar go minic nuair a bhí substaint éigin sa chomórtas. Suaimhneas síoraí don chomórtas Eoraífíse.

    Freagra
  4. Si

    Caic, sin an rud atá ráite agaibh. D’fhéach 120miliún daoine ar an gcomórtas. Bhí breis is 39 tíortha i láthair ag an seó, agus deir sibh nach bhfuil aon substaint ag baint leis? Sibhse i bhur bproducers le fada yeah? An t-aon fháth nach bhfuil amhrán le cloisteáil as Gaeilge ná nach bhfuil amhrán maith ar bith cloiste ag RTÉ as gaeilge le fadó. Tá seans ag gach uile dhuine amhrán a sheoladh isteach chun páirt a ghlacadh sa Eurofhís agus ansin, déanann an tír go léir an cinneadh ar an Late Late Seó. Féach ar Dervish mar shampla, absolute bruscair, agus ghlac siad leis an stíl nuaaoiseach le Gaeilge.

    Agus amhrán réasúnta simplí maidir leis an gcailín ón nGearmáin? Ná bí ag magadh, stíl an-nuaaoiseach a bhí i gceist, cosúil le Lily Allen/Amy Winehouse, agus is cinnte gur chaith siad an0chuid ama air.

    An fíorchultúr seachas an bréagchultúr? Ná chur ag gáire mé, níl clú ar bith agaibh cad atá i gceist.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Tagaim leat ar chúpla pointe a Sí – is é sin go raibh amhrán maith ag an nGearmáín (stíl nua aoiseach, amhránaí óg dathúil). Is mór an lucht féachana atá ag an seó seo – 120m. An raibh trath ann go mbíodh breis is 200m ag faire air? Más amhlaidh go raibh, is titim mhór é laghdú 80m.

    Bhí amhrán na hÉireann leadránach – agus b’é sin an amhrán a roghnaigh moltóirí a roghnaigh RTÉ chun dul sa chraobh (agus ar ndóigh bhí na h-amhráin a bhí ina choinnibh chomh leadránach céanna).

    Cé h-iad na moltóirí seo? An bhfuil siad i dtiúin le ceol an lae inniu? An dtuigeann siad cad é an sort ceoil a thaitníonn leis an aos óg – an dream is mó, de reir tuairiscí, a bhionn ag vótáil. (Gach seans ná raibh na daoine seo ag votáil sna babhtaí leath cheannais mar go raibh siad ag dul ar scoil an lá dar gcionn).

    Ní doigh liom go bhfuil éagóir á dhéanamh agam ar éinne má dheirim go raibh an rogha a rinne RTÉ le blianta fada anois tubaisteach – ní h-amháin nár eirigh leis sa chomórtas (cuimhním go h-áírithe ar na h-amhráín a bhí ann le linn ré ‘You’re A Star’) ach na daoine a chan iad, níor airíodh aon rud uatha ó shin.

    Más amhlaidh nár áirigh RTÉ aon amhrán maith Ghaeilge le ‘fada’ mar a deir sí, b’fhéidir gur cheart dóíbh iarracht níos fearr a dhéanamh chun amhránaithe agus cumadóirí aitheanta- leithéidí Liam Ó Maonlaí nó Peadar Ó Riada, John Spillane nó, abair, Louis de Paor – a choimisiúnú chun an obair seo a dhéanamh. Is léir go mbionn siad ag iarraidh a gcáirde féin -lucht Westlife is Boyzone is Shay Healy is eile a bhrú chun tosaigh.

    Sílim go léiríonn Mo Hat Mo Gheansaí go bhfuil lucht na Gaeilge ábalta don ‘stíl nua aoiseach’ an oiread is go bhfuil aon dream eile….. Sin mo bharúil ach, ar ndóígh, is dócha nachbhfuil cliú agam céard atá i gceist….

    Freagra
  6. Si

    I ndáiríre. Mo hat mo gheansaí? an gceapann sibh go bhfuil ceol den chéad scoth i gceist? I ndáiríre?? Ná bígí ag magadh guys.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s