Preas ráitis i nGaeilge á lorg ag Gaelscéal – caol seans

Tá iarratas ‘an réasúnta’ á dhéanamh in eagarfhocal Gaelscéal na seachtaine seo, go gcuirfeadh gach páírtí polatúil preas ráitis i nGaeilge chuig an nuachtán.

Dar leis an eagarfhocal, go bhfuil sé deacair do phaipéar a scríobhtar sa chéad teanga oifigiúil cothrom na féinne a thabhairt do gach páirtí nuair nach dtugann siad féin cothrom na féinne don Ghaeilge.

Agus, mar aguisín le sin, ‘tá sé deacair gan aitheantas ar leith a thabhairt don dá pháirtí a chuireann ábhar ar fáil as Gaeilge dúinn.

Ainmnítear an dhá pháirtí sin; is iad sin Sinn Féin agus Eirigí.  Go bhfios dom ní páirtí pholatúil é Eirigí ach ‘brú ghrúpa’.  B’fhéidir go bhfuilim ag déanamh éagóir ar an bpáirtí/eagras agus chuirfinn fáilte roimh ionchur ó dhuine níos eolgaisí ná mé.

Ar ndóigh ní chuirim aon iontaoibh i bpreas ráitis Ghaeilge Shinn Féin.  Is iomai preas raiteas a fuair mé ón bpáírtí agus ní i nGaeilge a bhí sé, ná baol air.   Thugamar cothrom na féinne do le na preas ráitis ó gach pháírtí eile i gceachtar den dhá theanga oifigiúíl.

Cé gur iarratas réasúnta ag nuachtán Ghaeilge preas ráitis a lorg i nGaeilge ó phairtithe pholatúla, is bagairt mí réasúnta é a rá i mbeagán focail go mbeidh sé deacair do pháirtithe nach gcuireann preas ráitis i nGaeilge bheith ag súil le cothrom na féinne ón nuachtán stat mhaoinithe seo.

Ráiteas mí stuama é sin san Eagarfhocal gan amhras ar bith.

Mar aguisín agam féin le sin, fuaireas r-phost cúpla lá ó shin ón Aire Gaeltachta nua, Pat Carey.  Ní uaidh go díreach a fuaireas an r-phost ach ó Fhianna Fáil atá ag iarraidh bheith ag caint lena lucht tacaíochta agus leis an dream sin atá tar éis clárú dá seirbhís rphoist ar shuíomh nua-dheartha an pháirtí.  (Suíomh é seo a rinne Blue State Digital, an comhlacht a bhí ar chúl feachtas idirlín Barack Obama don Uachtarántacht i 2008, dearadh air, go costasach is docha).

Is iomaí teachtaireacht a fuair mé ón bpairtí ó shin agus ainmneacha éagsúla luaite leo  – An Taoiseach féin, Mícheál Máirtín agus eile.  Chuir mé teachtaireacht ar ais chuig an Taoiseach ag rá gur mhaith liom leagan Ghaeilge mar go raibh a raiteas i mBéarla ar fad, gan fiú cúpla focal Gaeilge ann.   Ar ndóigh ní bhfuair mé freagra.

Go dtí cúpla lá ó shin.   Ba cheart cothrom na féinne a thabhairt don Aire Carey, tá teachtaireacht dhá theangach curtha aige chuig an liosta a chláraigh le suíomh FF.   I gcaitheamh na mblianta ar fad a raibh mé claraithe, nior tháinig aon teachtaireacht i mBéarla, i nGaeilge nó go dhá theangach ón ‘Aire Gaeltachta is Fearr Riamh’ – m ar ar bhaist Foinse (96-09) ar Éamon O Cuív trath.

A Chara,

Ba mhór an onóir domsa é nuair a cheap an Taoiseach Brian Cowen T.D. mé mar chuid dá fhoireann Rialtais i mí na Márta. Mar Aire Gnóthaí Pobail, Comhionnanais agus Gaeltachta, táimse ann chun freastal a dhéanamh oraibhse  agus chun dul i ngleic le na rudaí is mó go gcuireann sibhse spéis iontu go háitiúil agus ag leibhéal an phobail. Ar ndóigh, táim freagrach chomh maith as ár dteanga náisiúnta.

Ó cheapadh mar Aire mé táim ag obair ar na cúrsaí is mó a bhíonn ag dó na geirbe agaibhse. Mar shampla táim ag obair i dteannta mo chomhghleacaithe Rialtais chun leigheas a fháil ar scéal na Headshops.

Sin an fáth go bhfuilim ag tabhairt cuireadh daoibhse bhur gceisteanna a chur chugam faoi aon réimse a thagann faoi chúram mo Roinne. Cuirfidh mé na freagraí ar na ceisteanna seo ar line agus ar Youtube.

Seol chugam bhur gceisteanna anois:

http://www.fiannafail.ie/patcarey

Is féidir ceist a chur faoi ábhar ar bith a bhaineann le mo Roinnse – cúrsaí pobail nó comhionnanais, cúsaí tuaithe, an Stráitéis Náisiúnta Drugaí nó todhcaí na Gaeilge. Tá súil agam gurb í seo an chéad cheím again i gcomhrá a bheidh fiúntach.

Is féidir ceisteanna a sheoladh tríd Twitter leis an hashtag #askpatcarey, nó ar ár suíomh idirlín ag an nasc thíos:

http://www.fiannafail.ie/patcarey

Míle buíochas,

Pádraig Ó Ciardha, T.D.
An tAire Gnóthaí Pobail Comhionnanais agus Gaeltachta

Ní fheadar an é mar thoradh ar m’iarratas réasúnta a tháinig an freagra seo ón Aire.   Beireann foighid faoiseamh, deirtear…..

7 dtuairim ar “Preas ráitis i nGaeilge á lorg ag Gaelscéal – caol seans

  1. seamus mac seain

    ceart ar fad ag Gaelscéal ráitis a lorg i bpríomh theanga na tíre a Choncubhair a chara agus an ceart acu tús áite a thabhairt do ráitis a dhéantar sa teagna sin. Ní shílim gur dhúirt an páipéar nach ndéanfadh siad tagairt do ráitis nach raibh sa Ghaeilge (sa chóip a cheannaigh mise maidín inniu ar scor ar bith) ach gur deacair cothromh na féinne a thabhairt dó. Is fusa i gcónaí cothrom na féinne a thabhairt do rud scríofa sa bhun teanga. Tá Gaelscéal le moladh as an cheist a ardú go díreach mar a rinne tú féin a Chocubhair agus bhi toradh air de réir cosúlachta. idtaca le hÉirigí de. Is féidir nach bhfuil siad cláraithe go hoifigiúl mar pháirtí (níl a fhios agam) ach tá siad chomh chomh cóngarach do pháirtí agus a bhfaighfeá

    Freagra
  2. Concubhar

    B’fheidi g bhful an sprioc I gceart ach ta an modh mistuama. Ar iarr siad ar phreas oifigigh na bpairtithe eil na raitis a chur ar fail I nGaeilge roimh forogra an lae inniu?
    Ma ta cuma ar Gaelsceal gur nuachtan phoblachtach ata ann de bharr seo agus cuinsi eile, an nuachtan agus ni na pairtithe a bheidh thios leis.
    Ta blaiseadh den mhaorlathas ar mire ag baint leis an bhforogra seo.

    Freagra
  3. seamus mac seain

    ní fheicimse aon rud contráilte a Choncubhair ag Gaelscéal a fhógairt go bhfuair siad ráitis i nGaeilge ó SF agus ó Éirigí má’s í an fhírinne í agus nach bhfuil aon rud contráilte a fhógairt nach bhfuair siad iad ó na páirtithe eile fiú má chuirtear ina leith gur tacadóirí de chuid na bpoblachtóirí iad. Is í an fírinne eochair na ceiste anseo agus is é an dearcadh atá agamsa gur cheart do phaipéar nuachta an fhírinne a fhoilsiú i gcónaí agus biodh aige. Go dtí seo ní fhaca mé claonadh poblachtach i gcuid ar bith de Gaelscéal anneoin baint a bheith ag an bhainisteoir tionscadail le SF lá den saol (an bhfuil go fóill?). Is cinnte nach mbeadh an t-am ag na “solatháirí abhair” gach scéal a fhiosrú go mion mar atá molta agat agus gan ach triúr na ceathrar acu ann. Ceart a choíche a Choncubhair sílim go bhfuil siad ag déanamh go measartha maith leis an pháipéar ó thaobh nuacht de ach go bhfuil sean ghalar na bhfoilseachán Gaeilge orthu mar a bhí ar gach paipéar a chuaigh rompa se sin nach bhfuair siad fógraí go fóill gur fiú tracht orthu. Ní leor leathanach go leith de fhógraí ag paippéar ar bith agus laige mhór í sin ar an tógra go léir agus caithfidh duine éigin luí isteach ar an taobh sin ma tá an páipéar

    Freagra
  4. An Diúlach

    Deir tú, a Choncubhair, go bhfuair tú freagra cupla lá ó shin. Cén freagra – ón Taoiseach – faoi do ghearán faoin easpa leagain Ghaeilge? Murab amhlaidh go bhfuair tú freagra ón Taoiseach, is amhlaidh nach bhfuair tú freagra ar bith. Ní miste a bheith buíoch as beagán, corruair, ach ná bí buíoch as faic! Caidé eile a dhéanfadh an tAire Carey atá anois i mbun na Gaeltachta ach an teachtaireacht a chur ar an tsuíomh go dátheangach – an dóigh chéanna a bhfuil an dá ainm air anois ó bronnadh an Aireacht áirithe sin air. Tugaim fá deara go bhfuil an méid sin i gcoitinne agat le Gaelscéal – tá sibh beirt leamh go leor le géilleadh don amaidí cur i gcéill seo na n-ainmneacha ‘alias’ – Martin alias Máirtín etc. Ba mhaith dá gcuirfí beagán loighce i bhfeidhm ar riail na n-ainmneacha m.sh. d’fhéadfaí cloí i gcónaí leis an ainm a d’úsáid an duine ar an pháipeár ballóide. Tá an nós leamhómósach seo atá ag na meáin Ghaeilge ag tabhairt easonóra do na daoine sin ar fiú leo cloí le hainm amháín – ainm Gaeilge – agus ag déanmamh díluachála ar ainm (Gaeilge) daoine a chinneann gan ach a n-ainm féin a úsáid. (Seo an sórt ceisteanna a ba cheart a phlé ar fhóram iriseoireachta – ach tá an chuma air gur thit an ghaoth as seolta an fhóraim ar an bhlag seo! ‘Mór an trua.)

    Freagra
  5. seamus mac seain

    tá muintir an dá ainm ann A Choncubhair agus ansin tá an mhuintir gan ainm ann agus tá an “Gael-lín” lán dóibh. An bhfuilthear ag leanstain don sean tráidisiún a bhiodh ann ag tús na hathbheochana. ” beirt fear” “an suibhneach meán” an “gabha Gaelach” fiú amháin nó an amhlaidh nach mian leo fios a bheith ag daoine cé hiad iad.

    Freagra
  6. instsignpost

    Chuaig mé go díreach chuig an nasc atá luaite agat agus (ar ndóigh?) tá sé go léir as Béarla. Thosaigh mé á líonadh agus ní raibh sé i ndán mo shloinne a thógaint i gceart. (Bain trial as tú féin – ní féidir fada a fheiscint ar an “Ó” ann.
    Chuir mé ceist amháin simplí ann, “Gaeilge más é do thoil é?”

    Má chuireann go leor daoine rud mar sin air seans go mbeidh freagra againn ….ar ball…meas tú?

    Agus mé díreach á seoladah seo thug mé faoi dearadh go bhfuil nasc beag bídeach ag bun an leathanach ar dheis “Gaeilge”. Brú mé air agus fuair mé http://ga.fiannafail.ie/! Gaeilge? Féach air ach ná bí ag súil le mórán!

    Nuair a chuir mé mo “cheist” fuair mé cuiread thar n-ais teachtaireacht a chuir chuig mo cháirde mar seo:-

    “Hi,

    I just submitted a question to Pat Carey, Minister for Community, Equality & Gaeltacht Affairs.

    I encourage you to do the same so we can all be more informed about our government.

    http://www.fiannafail.ie/askpatcarey

    Oh! The excitement of it!

    Freagra

Freagra