Aiseirí Raidío Ga Ga Gaelach

Breis is bliain ó shin, bhí trachtaireacht ar an suíomh seo faoi easpa oiread is clár amháin i nGaeilge ar sceidil sé staisiún nua digiteacha a sheol RTÉ taca an ama sin.   Ba bheag an sásamh a fuarthas ar an dtrachtaireacht sin.   Luadh sa trachtaireacht sin go raibh poiblíocht á thabhairt ag RTÉ don clár nua a bhí dírithe ar an bpobal aerach, The Cosmo, amhail is gur clár Ghaeilge a bhí ann de bharr go raibh Gaeilgeoir óg, Scott de Buitléar, á chur i láthair.     Craoltar ‘The Cosmo’ ar RTE Pulse sílim.

Aréir tháinig freagra ó Scott de Buitléar ar an dtrachtaireacht.   Tá áthas orm gur sheol sé freagra chuig an blag seo fiú is go bhfuil an freagra mall.

Seo a deir Scott:

Ní fhaca mé do thrácht anseo go dtí anois. B’fhéidir – agus 13 mí i ndiaidh imeacht – go bhfuil sé ródhéanach chun freagra a thabhairt dod’ cheist ach déanfaidh mé é in ao’chor;

Ó thaobh úsáid na Gaeilge ar bhlag (agus ar chlár) The Cosmo, ní fiú mionphobal a úsáid agus mionphobal i gceist. Nílim ag freastal ar Ghaeilgeoirí aeracha; rinne clár darb ainm An Clár Bán-Dearg ar Raidió na Life cúpla bliain ó shin ach ba chur amú ama é. Toisc go bhfuilim ag freastal ar phobal uile-Éireannach LADT, caithim Béarla a úsáid, rud nach gcuireann isteach orm.

Maidir leis an nGaeilge a bheith ar raidió digiteach, tá Raidió na Gaeltachta ar fáil air cheana féin, ach bhí ráflaí ann a rá go mbeadh stáisiún Gaeilge eile le teacht ar an bhfód le raidió digiteach. Is trua nár tharla sé seo, ach tuigim cén fáth nár tharla; tá lucht éisteachta RnaG lonnaithe sa Ghaeltacht, ceantair nach bhfaigheann DAB go fóill. Ar dtús, bhí fáil ar DAB in Éirinn i gcathracha Bhleá Cliath, Corcaigh agus Luimnigh, agus tá Raidió na Life ag an bpríomhchathair cheana féin. ‘Sé mo thuairim pearsanta féin, áfach, nach bhfuil stáisiúin raidió sa bhreis de dhíth ag pobal na Gaeilge. Tá Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá agus RnaG/AnochtFM acu. Ciallaíonn sé seo – i mo thuairim – go bhfuil cás na stáisiún Gaeilge i bhfad níos fearr ná mar atá ag pobal na Breatnaise nó na Catalóinise.

alt scríofa agam i Gaelscéal na seachtaine seo caite ag déanamh anailíse ar na meáin Ghaeilge; b’fhéidir gur cheart do phobal na Gaeilge a cheistiú céard is gá a bheith acu, in ionad an mhéid atá á iarraidh acu.

Cúpla rud faoi seo:   Tuigim pointe Scott nuair a deir sé nach fiú bheith ag iarraidh freastal ar dhá mhion phobal – an pobal Ghaeilge agus an pobal aerach – amháin.  Ar ndóígh, ba cheart do an phointe sin a dhéanamh le RTÉ a bhí ag tabhairt poiblíocht do The Cosmo amhail is gur clár Ghaeilge a bhí ann – is maith is cuimhin liom gurb é sin an port a bhí le clos ar agallamh a deineadh ar chlár Ronáin.

tá lucht éisteachta RnaG lonnaithe sa Ghaeltacht, ceantair nach bhfaigheann DAB go fóill

Níl seo iomlán fíor.   Cinnte deintear bainisitiú ar Raidió na Gaeltachta amhail is gur staisiún áitiúil é do na mór Ghaeltachtaí – Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill – ach bionn an chuid eile againn, sinne sna mion Ghaeltachtaí (Múscraí, An Rinn etc), agus Gaeil na cathrach ag cúl éisteacht leo le RnaG i rith an ama.    Ba dheis é seoladh na staisiúin digiteacha nua freastal a dhéanamh ar na pobail seo.

Maidir le na raflaí ar chuala Scott, níl a fhios agam.  Ba thrua ná raibh bunús leo.   Fiú dá mbunófaí staisiún Ghaeilge náisiúnta le béim ar an óige, mar shampla, agus ná raibh ann ach staisiún digiteach, d’fhéadfaí éisteacht leis ar an idirlíon.

‘Sé mo thuairim pearsanta féin, áfach, nach bhfuil stáisiúin raidió sa bhreis de dhíth ag pobal na Gaeilge. Tá Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá agus RnaG/AnochtFM acu. Ciallaíonn sé seo – i mo thuairim – go bhfuil cás na stáisiún Gaeilge i bhfad níos fearr ná mar atá ag pobal na Breatnaise nó na Catalóinise.

D’fhas Raidió Fáilte, Raidío na Life agus Raidió Rí Rá (atá ar an idirlíon amháin) agus Raidió na Gaeltachta / Anocht FM (ní h-ionann dhá staisiún páirt aimseartha agus staisiún lán aimseartha, an ionann?)   de bharr ná raibh riar á dhéanamh ag RTÉ ar na pobail Ghaeilge i mBaile Atha Cliath agus Béal Feirste,   Maidir le cás phobail na Breatnaise agus na Catalóinise, is maith an rud nach bhfuilimíd, Gaeil, ag cónaí sna tíortha sin.  Comparáid seafóideach atá ann.  Tá dualgas ar an gcraoltóir náisiúnta riar a dhéanamh ar phobal na Gaeilge de réir dlí – agus de réir na Bunreachta – agus níl an dualgas sin á chomhlíonadh acu ach sa bheagán, dar liom.

Tá an oiread suime ag lucht na Gaeilge in ábhair ar nós cúrsaí reatha, cúrsaí ealaín, cúrsaí spóirt is eile – ach shamhlófá ná raibh suim againn ach i nuacht na Gaeltachta, fógraí báis (nach bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis!) agus ceol traidisiúnta ó dhubh go dubh.

3 thuairim ar “Aiseirí Raidío Ga Ga Gaelach

  1. colm

    “Ciallaíonn sé seo – i mo thuairim – go bhfuil cás na stáisiún Gaeilge i bhfad níos fearr ná mar atá ag pobal na Breatnaise nó na Catalóinise.

    Maidir le cás phobail na Breatnaise agus na Catalóinise, is maith an rud nach bhfuilimíd, Gaeil, ag cónaí sna tíortha sin.
    Comparáid seafóideach atá ann.”

    Comparáid sheafóideach atá ann cinnte, ó thaobh na Catalóine de ar a laghad.
    Tá státchóras ar fad ag feidhmiú trí mheán na Catalóinise ann, agus raidiónna Catalóineacha, poiblí agus príobháideacha, ag feidhmiú trí mheán na teanga sin fud fad na tíre.
    Raidiónna áitiúla agus baile i ngach áit, as Catalóinis, freisin.
    Raidiónna pobail in go leor áiteanna freisin.
    D’oibrigh mé féin go deonach i gceann acu ar feadh roinnt blianta, agus is i gCatalóinis a d’fheidhmigh sí.
    Ó thaobh na Catalóine de, is léir nach bhfuil fios a ghnótha ag an bhfear seo.

    Freagra
  2. Scott De Buitléir

    A Chonchubhair,

    Is mian liom cúpla rud a shoiléiriú;

    “Luadh sa trachtaireacht sin go raibh poiblíocht á thabhairt ag RTÉ don clár nua a bhí dírithe ar an bpobal aerach, The Cosmo, amhail is gur clár Ghaeilge a bhí ann de bharr go raibh Gaeilgeoir óg, Scott de Buitléar [sic], á chur i láthair.”

    Ar dtús báire, níorbh é pointe m’agallaimh ar chlár Rónáin go mbeadh The Cosmo ina chlár Gaeilge AR CHOR AR BITH. Dúirt mé ar an gclár go ndéanfainn iarracht cúpla focal Gaeilge a úsáid i rith an chláir, ach toisc go mbeadh The Cosmo ag freastal ar an bpobal aerach, b’é Béarla príomhtheanga an chláir. Iarradh orm dul ar chlár Rónáin toisc go bhfuilim i mo Ghaeilgeoir, ach ní hionann sin is a rá go raibh The Cosmo le bheith ina chlár Gaeilge riamh.

    Maidir leis an méid a scríobh ‘colm’ ar an iontráil blaige seo faoi na meáin Chatalóinise, is léir dom a fheiceáil go rabhas mícheart futhu. B’é béim mo chuid staidéir ná na meáin Ghaeilge agus Bhreatnaise, agus ba cheart dom leanúint leis seo nuair a bhí freagra á scríobh agam chút, mar is léir nach raibh an t-eolas ceart agam faoi cás na Catalóinise.

    Bhí Raidió na Gaeltachta á phlé agam le roinnt daoine le déanaí, agus is é mo thuairim pearsanta gur mhaith liom deireadh a fheiceáil leis. Má fhreastalaíonn RnaG ar phobail na Gaeltachta, níor cheart dó a bheith á chraoladh ar leibhéal náisiúnta. Bheadh sé chomh seafóideach dá mbeadh NEARfm (stáisiún áitiúil Bhleá Cliath Thuaidh) ar fáil fud fad na tíre ar chóras FM.

    Le fás na Gaelscoileanna agus méadú líon na Gaeilgeoirí Uirbeacha, ba mhian liomsa a leithéid de BBC Radio Cymru – stáisiún Breatnaise gan bhéim ar an tuath ná an chathair – a fheiceáil anseo in Éirinn. I bhfocail eile, sílim gur cheart Raidió na Gaeilge a bheith bunaithe in ionad RTÉ Raidió na Gaeltachta Mairbhe (ar éigean), ionas go mbeadh stáisiún náisiúnta Gaeilge in ann a fhreastal ar gach uile shaghas Gaeilgeora. An t-aon chomhartha dóchais atá ar fáil in RnaG ná AnochtFM, ach is beag an dóchas é sin.

    Is Mise,

    Scott De Buitléir

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Fiú mura tusa a luaigh an Ghaeilge leis an clár, The Cosmo, b’é sin an tuiscint a fuaireas ón bpoiblíocht. Is mór an náire nach bhfuil oiread is clár Gaeilge ar sceideal na staisiún digiteacha ar fad atá ag RTÉ agus cailleadh deis ansan ‘Raidió na Gaeilge’ a la BBC Radio Cymru a bhunú. Ní doigh liom gur gá fáil reidh le Raidio na Gaeltachta chuige seo – b’fhéidir, áfach, go bhféadfaí níos lú airgid a dhíol le prima donnas RTÉ – Ryan Tubridy, Pat Kenny, Joe Duffy agus a gcáirde….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s