An bhfuil an spéir ag titim ar lucht rugbaí?

Ag machnamh seal liom féinig, in Uibh Laoghaire sea bhímse….

Chaith mé cúpla lá ansan im thost, nach mór, agus b’fhaoiseamh a bhí ann dom agus don chuid agaibh a bhionn ag léamh na míreanna mire seo ó am go cheile.   Sós a bhí ann do lucht na bpeann dearg chomh maith – an dream úd a bhíonn ag faire amach don fáda fánach nó don mhí litriú…..

De réir pobal bhreith a rinne an Irish Times, go tapaidh is cosúil, tá 55% den phobal ar shon go bhfanfadh rudaí mar atá ó thaobh an liosta saor go haer agus nach gcuirfí cluichí rugbaí na Sé Náisiún nó Corn Heineken ar an liosta sin mar atá á mholadh ag an Aire Cumarsáide, Eamon Ryan.

Caithfidh mé a rá gur bhain an clampar sna meáin a lean racht feirge an IRFU ar an gceist seo siar asam – cé gur cheart go mbeinn ag súil lena leithéid nó tá siad – agus na mór eagrais spóirt eile – aireach faoin airgead mhór a thagann ina dtreo ó chraoltóirí cosúil le Sky Sports.

Dá mbeifeá ag éisteacht le Philip Browne agus a thacadóirí sna meáin, cheapfá go mbeadh an spéir chun titim dá mbeadh cead ag an gnath leantóir rugbaí féachaint ar na cluichí móra i gCorn Heieneken agus i gCraobh na Sé Náisiún, na cluichí móra ina mbeadh foireann ón dtír seo páirteach ann ach go h-áirithe.

Is é fírinne an scéil go bhfuil lucht féachana na gcluichí móra seo tar éis titim go mór – titim 80% – ón am gur tosnaíodh á gcraoladh ar chórais ar nós Sky agus Setanta.     Ach is cuma le lucht an IRFU faoin dtitim sin mar go bhfuil an eagras spóirt ag fáil sparán tiubh ó Sky Sports is Setanta.

Tá moladh déanta agamsa ar an gceist seo;  go mbunófaí catargóir nua cearta craoltóireachta ar an oileán seo chun aitheantas a thabhairt don fhiric, olc nó maith, gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil.   Luíonn sé le ciall mar sin go mbeadh cead ag na h-eagrais spóirt cearta craoltóireachta a dhíol sa dhá theanga – agus gur ar an mbealach ‘saor go h-aer’ amháin a chraolfaí na cluichí móra spóirt.   Sheol mé alt chuig an Sunday Independent, an nuachtán is mó a léitear sa tír in ainneoin go mbionn daoine áirithe deistineach ina leith (bhíos féin mar sin trath), agus beidh le feiceáil cé acu an úsáidfidh siad é nó nach ndéanfaidh.   Mura n-úsáideann, táim cinnte gur féidir é a fhoilsiú anseo agus ar meáin eile.

2 thuairim ar “An bhfuil an spéir ag titim ar lucht rugbaí?

  1. seamus mac seain

    na smaoinigh nár áirigh muid uainn thú. Ar dtús nár aifrí Dia orm é as trachtaireachta a dhéanamh ar chúrsaí spóirt ach taobh amuigh denar gcearta dlisteanacha a bheith againn mar Ghaeil (agus tá sin ceart) an bhfuil bealach praicticúil ann leis an trachtaireacht a bheith déanta ach socrú a dhéanamh le setanta srl. Tá na Gaeil in ainm a’s a bheith an eolach ar chúrsaí teicneolaíochta (má’s fíor na gradaim uilig a bhfaigheann siad) mura b’ionann iad agus mise. An féidir mionchraoladh a bheith déanta ag an chluiche agus craolta do líon an bheag daoine fiú ma’s éigin an trachtaireachta dhéanamh muid féin? an féidir ríomhaire a úsáíd agus a aistriú go teilfís mhór? ba ghnáthach linn sin a dhéanamh sa Chultúrlann i mBéal Feirste san am a chuaigh thart agus bí sé réasúnta maith agus thug sé daoine le chéile. Tuigim gur rud eile é a bheith agat in do theach féin ach tá faighte amach againn siar gur fearride dúinn rud a thoiseacht muid féin is cuma cad é chomh tuatach agus atá sé agus go minic leanfaidh na h-údaráis sinn. RNG,TG4,gaelscoileanna srl mar shampla. An bhfuil mé amaideach amach agus amach?

    Freagra
  2. ruairí ramhar

    Fair plé don Rianach ach ‘bhfuil seans ar bith go ndiolfá feinig cearta do bhlag do mheán mor ar nós Gaelscéal, Foinse nó Saol le go mbeadh fáil níos forleithne ar?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s