A bhuiochas de Nuacht 24, tá mé ar an eolas faoi bhlag nua Robert McMillen, eagarthóir Ghaeilge an Irish News. Is ceart ceiliúradh a dhéanamh gach uair a shaolaítear blag nua – arsa an blagadóir – agus cé nach blag iomlán Ghaeilge é seo, tá go leor ábhar i nGaeilge ar nithe éagsúla le spreagadh a thabhairt don ghnath leitheoir Gaeilge.
Ar an suíomh faoi láthair tá agallamh le Sunny Jacobs, bean a tháinig slán ó Rae an Bháis i bPriosún Meirceánach, agus agallamh freisin l hEdna O’Brien. Is fiú cuairt a thabhairt air. Guím gach rath ar Robert lena bhlag nua – tugaim faoi ndeara freisin gur deas an cuma atá ar an suíomh agus go bhfuil sin deartha ag mac Robert, Robbie óg, fear óg fuinniúil agus iltallanach atá ag dearadh suíomhanna agus ag ceoltóireacht leis….
Crothnaím do bharúlacht ca bhfuil tú a chonchubhair
Cinsireacht!
Cuma mhaith air, bím ag amharc ar bhur saghas blaganna gach lá Conchubhair agus Robert.