7 Lá agus ‘Fóram Iriseoireachta na Gaeilge’

7 Lá

Ghlacas páirt i 7 Lá aréir in éineacht le Cathal Mac Coille ó Morning Ireland (colúnaí le sean Foinse) agus bhí an Dr. Ian Malcolm agus sagart ó Ard Dheoise Atha Cliath, an tAth Pat McDonagh, linn freisin ón phríomh chathair.   Mo chomh Mhúscraíoch, Páidí O Lionaird, a bhí sa chathaoir – tá ‘mafia Mhúscraí’ i ngach aon áit!

Caithfidh mé a rá go raibh an dul amú orm faoi Chathal Mhic Coille.  Cheapas i gcónaí go raibh a cholún i Foinse leadránach – ar ndóigh bhí an iomarca spáis aige (dhá leathnach) agus b’fhéidir níos lú spáis chun an méid céanna a rá.   Aréir bhí sé chomh caradach agus chomh cneasta liom agus, le linn an chláir, chomh h-eolgaiseach ar na h-abhair a bhí á phlé againn, go raibh orm mo dhearcadh ina leith a athrú go h-iomlán.

Chuir a dhearcadh ghairmiúil ina luí orm ar shlí ná raibh mé ag súil  leis go bhfuil gá le h-iriseoirí na Gaeilge, an méid atá fagtha, teacht le cheile ar shlí éigean i dtreo is nach n-éagfaidh an traidisiún agus, go deimhin, go neartóidh sé de réir a cheile ón staid ana lag ag a bhfuil sé.

Chuige sin tá fonn orm tús a chur le beartas nua, Fóram Iriseoireachta na Gaeilge an teideal oibre.   Séard a bheidh i gceist le seo ná suíomh idirlín a bheidh dírithe orthu san ar suim leo iriseoireacht i nGaeilge le plé a dhéanamh ar an gcéard nó gairm sin.  Beidh fáílte ar leith roimh iriseoirí, eagarthóirí, fo-eagarthóírí is dearthóirí  le nuachtáin Ghaeilge, mar a bhí, ar nós Lá agus Foinse agus Anois is Inniu is Amarach is Nuacht 24 (ós rud é go bhfuil an nuachtán sin ag teacht go deireadh a chló rith an tseachtain seo).  Beidh fáílte croíúil freisin roimh solathróírí abhair agus saor iriseoirí ó na foilseacháín nua, Foinse (nua) agus Gaelscéal agus ó na h-irisí, Comhar, Feasta, Beo, nós* agus Goitse is Saol is An Sagart agus eile.   Fearfar fáílte freisin roimh iriseoirí ó mheáin na teilifíse agus an raidió chomh maith – cé go gcaithfidh mé a admháil nach bhfuil an taithí agam ar na meáin seo is atá agam ar mheán chlóite na Gaeilge.

Beidh deis ar an suíomh seo féachaint ar an obair atá á dhéanamh faoi láthair , léirmheas cruinn cothrom a thabhairt ar ghnéithe chéirdiúla na h-oibre sin, agus beidh ardán ann freisin do dhaoine bheith ag plé cad é an slí is fearr chun todhchaí na ceirde a chinntiú.    Beidh fáilte roimh altanna ar chúrsaí reatha is eile ó lucht na páírte.

Níl anseo ach an síol go fóill.   Níl a fhios agam conas mar a fhasfaidh sé agus cad é an cuma a bheidh air.  An tuiscint atá agam, ó mo thaithí anseo, má bhím ag plé go h-oscailte agus le faobhar mo dhearcadh i leith irisí is foilseeacháin Ghaeilge, agus mé ag smaoineamh ar bhonn céirde ar an ábhar, go dtosnaíonn daoine nach dtuigeann go bhfuil an cur chuige sin san fhuil agam mar gur sin mar a faisceadh is mar a h-oileadh mé, m’ionsaí ar bhonn pearsanta.  Ceapann siad gur ag cosaint a gcáirde a bhionn siad agus, i bhfirinne, séard a bhionn siad ag déanamh ná ag cur ó mhaith aon phlé a bhionn ar bun faoi nithe a fhéadfadh feabhas a chur ar chúrsaí do gach éinne.   Ní h-é go mbionn gach tuairim agam cruinn nó ceart – ach ba mhaith liom an tuairim a phlé seachas go mbeadh orm bheith mo chosaint féin ó íonsaithe gránna nach mbaineann le h-ábhar go minic.

Cuirfear tús leis an bhfóram seo agus é oscailte do gach éinne.    Deinfear athbhreithniú ar an oscailteacht sin tar éis mí nó dhó, le féachaint an oireann sé.    B’fhéidir nach mbeidh suim ag éinne ann – cá bhfios – ach ní miste liom é a thriail agus féachaint cad a tharlaíonn…..

13 de thuairimí ar “7 Lá agus ‘Fóram Iriseoireachta na Gaeilge’

  1. aonghus

    An smaoineamh.

    Cuireann sé buairt orm go bhfuil taithí iriseoireachta ceilte cuid maith ar Gaelscéal.

    Sílim áfach go mbeadh ráth níos fearr ar fóram dúnta, le ballraíocht de réir cuireadh amháin.

    Léiríonn taithí na litríochta, de réir mo thuiscint, go bhfuil sé níos fusa léirmheas ionraic, ar féidir foghlaim as, a dhéanamh más go príobháideach a déantar sin.

    Is iomaí grúpa a theip de bharr achrann phearsanta ag dul sa tslí ar an cíoradh gairmiúl. B’fhiú duit an alt seo le Clay Shirky a léamh. Tá an baol níos mó ar bhealach i saol na Gaeilge, tosc é bheith chomh beag sin.

    Freagra
    1. seamus mac seain

      an smaoineamh go deo a Aonghuis ” fóram dúnta agus ballraíocht ar chuireadh amháin” saor mhasúnaigh na Gaeilge an ea? A choncubhair “snobs ” na Gaeilge abú!!

      Freagra
      1. aonghus

        Ní hea. Nílim ar son scothaicmeachas. Ach nuair atá obair duine á iniúchadh ag duine eile, is fearr dóibh beirt é dhéanamh go ciúin. Ar léigh tú an alt úd, a Shéamuis? Tá deacrachtaí le grúpaí ar líne, agus is fearr dul i ngleic leo roimh ré. Ní oibríonn oscailt iomlán, gan bunreacht agus riailacha. Agus nuair is cur chun cinn na gairme atá i gceist, tá gá le cúram.

  2. hughie

    Maith an fear. An-smaoineamh go deo. An mbeidh sé cosúil le Slugger o toole? An gciallaíonn sé sin go mbeidh deireahd leis an mblag seo?

    Freagra
  3. seamus mac seain

    dala an scéal a Choncubhair an cliseadh cuimhne nó rud éigin níos doimhne ná sin go bhfuil dhá cheann dena tréimhseachain is faide saoil, an tUltach agus an Timire liostáilte agat mar “also rans” sa liosta thuas?

    Freagra
  4. seamus mac seain

    a Aonghuis a chara is í an deacracht is mó atá leis an díospóireacht ar líne ná go bhfuil sé lan de dhaoine nach bhfuil sé de uchtach acu a rá cé h-iad féin. Tá tusa lán fhoscáilte faoi na rudaí a scríobhann tú faoi do ainm féin agus ta meas agam ort da bharr ach 75% dena daoine a thrachtann ar líne bíonn siad gan aithne. Ní shílim a Aonghuis i gcead duit go bhfuil níos mó rúndachta de dhíth orainn ach níos lú. Is radachas agus oscáilteacht dar liom atá ag teastáil le scríbhneoireacht na Gaeilge a láidriú agus dhéanamh suimiúl agus níos lú den rangú de réir aicme agus gairme. Scaoilimis amach an bobáilín!

    Freagra
    1. aonghus

      Is dócha go bhfuil gá leis an dá rud – plé oscailte ar rudaí atá coiteann, ach léirmheastóireacht discréideach ar obair daoine aonair.

      Freagra
  5. Iarla

    Molaim an smaoineamh sin go mór. Is fada ó chaill mé misneach as an iriseoireacht/tráchtaireacht i nGaeilge. Ní aontaím leat go raibh Cathal Mac Coille leadránach ar Foinse. Ba mar gheall ar siúd agus duine nó beirt eile a cheannaigh mé an páipéar sin ar feadh na mblianta nuair nach gcuirfinn de stró orm féin aon pháipéar nó iris eile a cheannach. Cuireann Gaelscael agus Foinse an Indo an-díomá orm mar nach bhfuil aon ábhar fiúntach le léamh iontu. Ba bhreá liom fóram oscailte ionraic, ach an bhfuil a leithéid ar ár gcumas mar Ghaeil nó mar Éireannaigh?

    Freagra
    1. aonghus

      Ní chuireann Foinse san Indo díoma orm – toisc nach dóigh liom gur orm agus ar mo leithéidí atá sé dírithe. Tá a áit aige, agus is maith ann é ag bogadh amach teorannacha na léitheoireachta Gaeilge.

      Sílim go bhfuil mianach i nGaelscéal, ach go bhfuil sé luath fós. Cuid den deacracht ná go bhfuil an foireann ag foghlaim a gceird, gan – is cosúil – teacht acu mórán ar taithí na treimhsiúcháin a chuaigh rompu.

      Deacracht eile ná ilghnéitheacht pobail na Gaeilge – ní féidir an réimse spéiseanna chludaíonn nuachtáin an Bhéarla, ó Screws of the World go dtí an Irish Times, a chludach laistigh de 32 leathanach, uair sa tseachtain.

      Mar shampla, cur amú spáis, dar liomsa, leathaniagh spóirt aon nuachtáin!

      Ach go dtí seo bhí alt nó thrí ar Gaelscéal ar bhain mé súp astu gach seachtain.

      Freagra
  6. seamus mac seain

    bímis ar ár bhfhaichill. tá Ciarán (gan aithne) ag súgradh lena bhundún arís

    Freagra
  7. bhuilieodeagha

    An bhfuil coimpléacs de chineál éigin agat a Chon? Labhair Cathaal Mac Giolla Choille go deas leat ergo is iriseoir maith é ach ba dhroch iriseoir é sular chuir tú aithne air. Cop on big boy

    Freagra
  8. Seán Mór

    Tá barúil agam nach n-éireoidh go rómhaith leis an togra seo ar chúpla cúis;

    1. na daoine atá ag soláthar ábhar / ag iriseoireacht, beidh siad róghnoitheach á dhéanamh sin le páirt a ghlacadh sa phlé.

    2. Bíonn leisce ar chuid mhór daoine plé poiblí a dhéanamh ar chaighdeán a gcuid oibre féin

    3. Ní fada go mbeidh níos mó fóram/cláracha plé ar an idirlíon ná mar atá léitheoirí Gaeilge ar an idirlíon. Ba mhaith liom féin suímh ar nós Nuacht 24, iGaeilge srl á úsáid fá choinne plé mar seo

    San am céanna, is maith an smaoineamh é más féidir lucht na hiriseoireachta Gaeilge a mhealladh le plé a dhéanamh, freagraí a thabhairt, dul i ngleic le do chuid tuairimí srl. Coinneoidh mé súil air!!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s