Bunreacht nua, poblacht nua

Táim ag faire ar chlár speisiúil ar RTÉ faoi láthair, Aftershock-where to now, clár ina bhfuil trachtairí a bhion le clos agus le feiscint ar chláracha RTÉ go minic ag tabhairt a dtuairimí faoin bhealach chun tosaigh i ndiaidh leá an gheilleagair agus teitheadh an Tiogair.

Leithéidí Dan O’Brien,Justine McCarthy agus Matt Cooper.    Is minic mé ag éisteacht leo ar an raidió agus mé ar buile leis na h-ardsagairt féin tofa seo ag seanmóireacht ar na h-aerthonnta náisiúnta.

Gan amhras, bím féin ag seanmóireacht mé féin, fiú nach ar na h-aerthonnta náisiúnta a bhím, ach anseo ar iGaeilge.

Bheadh sé éasca eirí greamaithe ar an bpointe sin agus ní bhogfaimís chun tosaigh.  Bhain mé taitneamh as an méid a bhí le rá ag Justine McCarthy faoi bhunreacht nua a bheith ann nach mbeadh chomh fada agus chomh cásta is atá an ceann a ghlac ár sinsir leis i 1937.   Ceann gairid a fhéadfá a rá gur cárta aitheantais a bheadh ann.

Dar le Dan O’Brien, a bhionn ag scríobh don Economist, ba cheart go mbeadh córas nua polatúil ann mar nach bhfuil an Oireachtas nó an Rialtas chomh maith is chomh h-eifeachtach is a fhéadfaidis a bheith.  Cén fath, mar shampla, go gcaithfidh Aire Rialtais bheith ina TD?  I dtíortha eile, ar nós an Fhrainnc agus SAM, ceaptar na daoine is fearr (ní gá gur polaiteoirí iad) a oireann do na h-aireachtaí éagsúla.  Táím cinnte gur luaigh mé an argóínt seo mé féin – cén fath go mbeadh duine nach bhfuil aon eolas ar leith acu ar chúrsaí airgeadais ina Aire Airgeadais?  Níl aon locht agam ar Bhrian Lenihan mar dhuinenó mar TD – ach is dlíodóir é gan aon eolas ar leith ar chúrsaí airgid.

Dar le Matt Cooper, caithfidh ‘Nama an Phobail’ a bheith ann.   Ba cheart scéim a bheith ann le go mbeadh an ghlúin atá tithe ceannaithe acu thar a luach agus atá fiacha anois orthu atá níos mó i bhfad ná luach na dteach ábalta socrú a dhéanamh lena mbanc a chinnteodh go mbeidis ábálta a gcosa a thabhairt leo.   Táimíd, deir Cooper linn, ag brath ar na daoine seo chun sinn a thabhairt slán ón bpoll inar fhag an chliseadh eacnamúil sinn.

Dúirt Richard Curran nach leor an chaint go léir faoin ‘gheilleagar ghlic’ – nach gcruthófar na céadta míle postanna atá luaite i dtuarascálacha éagsúila an Rialtais díreach mar go bhfuil sé scríte i dtuarascáíl.

Seo clár fiúntach ar RTÉ agus ba cheart an chraoltóir a mholadh as sin.  Tá eigeandáil ann agus caithfear teacht ar shlí chun teacht slán ón eigeandáil.  Caithfimíd é a phlé agus plean a bheith again agus ansan feidhmiú de réir an phlean.

Tá sé á phlé anois ar The Frontline….beidh mé ag caint libh ar ball.

2 thuairim ar “Bunreacht nua, poblacht nua

  1. seamus mac seain

    “cé ‘n fáth go mbeadh duine nach bhfuil aon eolas ar leith acu ar chúrsaí airgeadais ina Aire airgeadais” is é an locht atá ar an choincheap sin a Choncubhair ná gurbh iad na daoine a raibh tréan eolais acu ar chúrsaí airgeadais a d’fhág an prachas reatha le huacht againn. Ní eolas ach ciall atá ag teastáil ó Aire rialtais ar bith is cuma cé’n Roinn ina bhfuil sé

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Deineann na daoine le tréan eolais ar chúrsaí airgeadais an rud a dheineann siad ar an margadh, ag díol agus ag ceannach is araile. An laige atá sa chóras go bhfuil an t-é atá luaite leis mar chúram macht éigean a choimead ar sin, an tAire, ina noibhíseach i gcúrsaí airgeadais. Dlíodóir é. Agus is é an céad freagra aige nach ligfidh don dlí do seo nó siúd a dhéanamh. Caithfimid daoine atá chomh cliste céanna sa ghnó a fháil chun breith ar na bhfealltóirí seo. Set a thief to catch a thief, nach é sin a deirtear!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s