Leá an Luain II

Is cuimhin liom ceannlíne i Lá Nua arú anuraidh, le linn do Dhónall Mac Giolla Chóill bheith ina eagarthóir, a rinne cur síos beacht agus fileata ar chliseadh an lá úd ar na margaí airgeadais.   Leá an Luain.

Ní fhéadfainn bheith chomh bródúil as dá mba rud é gur mé féin a chum an cheannlíne.   Píosa ealaíonta iriseoireachta a bhí ann a d’inis an scéal ar fad i dtrí fhocal.   Ní thabharfá ‘solathar ábhair’ ar sin – ach ansan tá daoine ann nach dtuigeann go bhfuil rud amháin éagsúil ón rud eile.

Agus cinnirí an Aontais Eorpaigh ag teacht le cheile anocht le teacht ar réiteach ar an bpaindeim atá ag lagú an Euro sa Ghreig – agus atá ag bagairt leathadh go dtí an Spainn, an Phoirtingéil agus an tír seo, tá an cosúulacht ar an scéal go mbeidh lea ann an Luan seo a fhagfaidh an lea a bhí ceannlíne ag tagairt do, lea a thit amach i stoc mhalartán na tíre seo, in áit na leathphingine.

Cheapas le Conradh Liospóín go raibh an bealach réitihe le go mbeadh gach bagairt den tsort seo curtha faoi chois.  Is léir nach bhfuil – má thugaimíd na cosa linn an uair seo, bímis reidh le h-aghaidh Conradh nua a chinnteoidh go mbeidh níos mó cumhacht arís ag an mBruiséal.

Tá deacrachtaí dá chuid féin ag an bpúnt sterling – ach anois tá go leor ag rá gur deas an rud é dá mbeadh an púnt Gaelach ar ais in Éirinn agus, go deimhin, tá cogar mogar ann go bhfuil na Gearmánaigh ag iarraidh an Euro a fhágáíl agus an Deutschmark a thabhairt ar ais.

De bharr an Phairlimint ‘crochta’ sa Bhreatain – thaitin an litir seo [British Election Results 8/5] go mór liom dála an scéil – d’fhéadfadh tuilleadh fadhbanna a bheith ag an mBreatain an Luan seo – agus ar ndoigh tá poll mór i statchiste na Breataine a bheidh mar phríomh chúram an Rialtais nua, cibé dream iad.   Bímís ag guí nach mbeidh díneasáir an DUP páírteach ann….

Tá an eigeandáíl seo cosúil le Tsunami nua de réir gach ínsint atá léite agamsa.   Ar éigean go dtabharfar faoi ndeara an plimp a chualathas nuair a chuaigh Lehman Bros go tóin phoil i Meán Fómhair 2008 i gcomparáíd leis.

Is cosúil go bhfuil na h-aisínteachtaí a chineann cé acu chomh iontaofa is atá daoine, bainc is tíortha atá i bhfiacha ag rialú an domhain anois.  Má deir Fitch nó Standard and Poor nó Moodys go bhfuil do phort seinnte, bhuel tá sé seinnte.  Gan amhras b’iad seo na comhlachtaí céanna a thug AAA do na ‘mortgaistí nach raibh chomh maith sin’ (sub prime mortgages) roimhe seo – agus anois is iad atá ag spreagadh an eigeandáil i leith an Euro agus, anuas ar sin, an púnt sterling.

Bhain mé taithneamh as an méid a bhí le rá ag na Gréigigh agus iad ag léirsiú taobh amuigh dá bPairlimint – cáínim go géar an dóghadh agus an slad a tharla ar shleasaibh an léirsithe – nuair a scairt siad:  ‘We’re not Ireland, we won’t be sacrificed for the rich.

Ach is cosúil gurb é sin an rud atá ag titim amach – go bhfuil oibrithe agus bochtáin an domhain chun a bheith ag íoc fiacha na saibhir a d’fhag sinn san iomar aimiléiseach seo ar feadh na nglúinte.

Ag aifreann i gCúil Aodha inniu, bhuail mé le gaol Mhichíl Uí Riordáin, Reabhóidí agus Cumannach, atá anois ar shlí na fírinne.   Ní fheadar cad a cheapfadh sé seo den bhealach atá an córas caipitileach ag titim as a cheile de bharr craos lucht an rachmais agus easpa cnamhdroma an chuid eile againn.

8 dtuairim ar “Leá an Luain II

  1. shinnylites

    Haighhaigh, níl mé ag iarraidh a bheith glic ar chor ar bith! Bhí an litriú ceannan céanna (aisinteachtaí)le feiceáil ins go leor áiteachaí thar éis dom cuardach ar Google a dhéanamh agus gan an míniú le fáil nó ag gabháil leo.. Go raibh maith agaibh beirt don mhíniúchán mar sin 🙂

    Freagra
    1. shinnylites

      arrrgh .. is féidir leat an ceann seo a scrios a Choncubhair- post dúbailte. Brón orm!

      Freagra
  2. shinnylites

    Haighhaigh, ní shin a i gceist agam ar chor ar bith! (i. bheith glic. Níor thuig mé an focal, sin an méid).
    Bhí an litriú ceannan céanna (aisinteachtaí)le feiceáil ins go leor áiteachaí thar éis dom cuardach ar Google a dhéanamh agus gan an míniú le fáil nó ag gabháil leo.. Go raibh maith agaibh beirt don mhíniúchán mar sin 🙂

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s