Cuir deireadh le h-eigeanntacht na Gaeilge – Ó hÉallaithe

alt conspóideach – agus spéisiúil – ag Donnchadh  O hÉallaithe i mBeo na míosa seo ag moladh go gcuirfí deireadh le h-eigeanntas na Gaeilge don Ard Teist.

Dar leis an gníomhaí teanga, ba cheart:

(i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic

agus

(ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.

Aontaím leis an gcéad mholadh – ba cheart go mbeadh ardú ar na bpoinntí do Ghaeilge, do Bhéarla agus do Mhatamaitic nó is eilimintí bunusacha iad san oideachas.    Ní aontaím le scruduithe agus poinntí  a bheith ag bun agus barr an chórais oideachais mar atá – ach ós rud é go bhfuil siad ann, ba cheart tús áíte a thabhairt do na h-abhair is riachtanaí.

An deacracht atá agam le dearcadh Dhonnchadh, an dara mholadh.  Is scéal cinnte nach mbeidh aon earcú á dhéanamh sa stat chóras ach a mhalairt as seo go ceann tamall de bhlianta.   Mar sin níl morán fiúntas i moladh a deir gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ag 50% de na stat seirbhísigh nua.  B’fhéidir gur cheart go mbeadh cosaint breise ag stat seirbhísigh atá ag obair agus atá Gaeilge acu thar a gcomhleacaithe nach bhfuil Gaeilge acu?

Ag an am chéanna, ní mór bheith réalaíoch faoi dhearcadh an Stait i leith na Gaeilge – in ainneoin atá ráite faoin Dréacht Straitéis 20 Bliana, agus tá agallamh spéisiúíl ag Breandán Delap leis an Aire nua, Pat Carey, ar an ábhar i mBeo freisin [Conas ná raibh a leithéid ag Gaelscéal, an nuachtán nua stat mhaoinithe?  Nach bhféadfadh siad fiche noimead a fháíl leis an Aire nuair a sheol sé an nuachtán, rud a dhéanfadh iriseoir ar bith ar fiú a chuid tuarastail é nó í?]  In ainneoin an méid atá ráite, níl an Rialtas dáíríre faoin Straitéis seo a chur i bhfeidhm.  Níl ann ach cluiche fadalach atá faid agus síneadh á chur leis ionas go mbeimíd go léir ro thuirseach ag a dheireadh nach dtabharfaimíd faoi ndeara go bhfuil an Straitéis ag bailiú deannaidh ar sheilf na Roinne mar atá gach plean, straitéis nó tuarascáíl a chuaigh roimhe.

Dá mbeadh aon bhrí leis an Straitéis seo, bheadh míreanna ar nós an moladh a deineadh i dtuarascáil Fiontar [GRMA a Sheain as an leid!’] go mbeadh leasú déanta ar na rialacha maidir leis an liosta saor go h-aer chun ceangal a chur ar chraoltóírí leaganacha Ghaeilge den trachtaireacht a dheintear ar ocáídí móra spóirt ar chraolacháin beo ar an dteilifís.   Ach is cosúil gur fhagadh é sin ar lár ón Dréacht Straitéis a d’fhoilsigh an Aire Uí Chuív.  Ar ndóigh, ní shasódh moladh chomh praicticiúil an éirim aigne dhlithiúil atá ag gar mhac an t-é a chum an Bunreacht!

Tá rudaí raite in alt Uí hÉallaithe agus é ag caint ar an stair a bhain leis an streachailt sna seascadaí idir diograiseoirí teanga agus an Language Freedom Movement agus b’fhéidir nach n-aontódh daoine leo.

Náirigh na díograiseoirí teanga iad féin i dTeach an Ard-Mhéara, i mBleá Cliath ar an 21 Meán Fómhair 1966, nuair a deineadh iarracht cruinniú poiblí a bhí eagraithe ag an L.F.M a bhriseadh suas agus nuair a diúltaíodhcead cainte a thabhairt don drámadóir John B. Keane ón ardán.

Bhraith na díograiseoirí Gaeilge gur ghnóthaigh siad an cath i dTeach an Ard-Mhéara an oíche úd ach chaill siad an cogadh.  Seacht mbliana níos deireannaí cuireadh Fianna Fáil as oifig. Ní raibh an comhrialtas idir Fine Gael agus Lucht Oibre i bhfad i gcumhacht nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhíodh ann go gcaithfí pas a fháil sa nGaeilge, nó ní thabharfaí duit an Ardteistiméireacht. Socraíodh ag an am céanna go gcaithfeadh gach scoláire meánscoile an Ghaeilge a dhéanamh mar ábharagus sin mar atá ó shin.

B’fhearr liom féin díriú ar an gceist seo faoi mar atá sé reatha inniu.  Ní doigh liom gur fiú bheith ag troid na sean troideanna arís.  An bhfuil bealach eile ann chun an Ghaeilge a bheathú i measc scoláírí an lae inniu le cinntiú nach mbeidh siad dall agus bodhar agus balbh ar an dteanga seachas í bheith eigeanntach don Ard Teist?  An bhfuil ciall le moltaí Uí Éallaithe, le ceachtar ceann acu?

Dar liom, go bhfuil.   Is duine mé a chreideann gur córas scruduithe atá againn sa tír seo seachas córas oideachais agus ní aontaim leis an Ard Teist faoi mar atá sí – agus is cinnte nach méadaíonn na blianta a chaitheann daltaí ag staidéar na Gaeilge don Ard Teist a ngrá don teanga.    Mar sin an bhfuil malairt slí ann?

Donnchadh Ó hÉallaithe

2 thuairim ar “Cuir deireadh le h-eigeanntacht na Gaeilge – Ó hÉallaithe

  1. colm

    Alt maith a Choncubhair.
    Ach tá dul amú ort nuair a deireann tú nach bhfuil earcaíocht ar bun sa státchóras.
    Bíonn earcaíocht ar bun an t-am ar fad sa chóras sin.
    An rud atá ann ná gur lú an earcaíocht atá ar siúl faoi láthair – ach mar sin féin, má tá muid chun seirbhísí stáit a fháil as Gaeilge, ní mór rud mar seo seo a chur i bhfeidhm chun go mbeidh na daoine ann chun iad a chur ar fáil.

    Ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge de, is é an bealach is éifeachtaí chun Gaeilgeoirí nua a chur ar an bhfód tríd na Gaelscoileanna.
    Tá cosc ar aitheantas do Ghaelscoileanna nua faoi láthair.
    Caithfidh muid ciste a bhunú ina d’fhéadfadh tusa agus mise agus gach éinne is mian leis an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn €10 in aghaidh na míosa a íoc isteach isteach ann chun íoc as costas scoileanna nua. Nuair a bheidh na scoileanna ar an saol, tacóidh na polaiteoirí áitiúla leo, ach faoi mar atá cúrsaí, teastaíonn airgead uathu chun íoc as a mbunú.
    Déanaimis é, ná ligimis d’éinne stop a chur le fás an chórais Gaelscolaíochta.

    Freagra
  2. seamus mac seain

    maith thú a Choilm, binn, goirid agus ag baint le hábhar. Nach bhfuil ciste mar sin ann cheana féin ó dheas? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ó thuaidh ann a bhfuil an cúram sin orthu agus ciste carthanachta acu a bhfuil “TACA” air a bhfuil mé féin ag díol £25 sa mhí isteach ann dírithe ar scoileanna nua a bhunú. Déanaimis féin é agus leanfaidh na Polaiteoirí sinn. Nach sin ár gcleachtadh go dtí seo le Ráidíó Na Gaeltachta ,tg4 srl

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s