Dráma ar chúl stáitse ag an Taibhdhearc

Níl aon dráma ar an ardán ag ‘Amharclann Náisiúnta na Gaeilge’ – An Taibhdhearc – faoi láthair agus ós rud é nach mbeidh aon mhaoiniú á fháil ag an amharclann ón Roinn Ghnóthaí Pobail, Gaeltachta agus Comhionannais i  mbliana, gach seans nach mbeidh aon léiriú ar ardán na Taibhdheirce i 2010 ar fad.

Dála an scéil, thugas cuairt ar shuíomh na Roinne níos luaithe inniu.  Is cosúil nach bhfuil an scéal cloiste ag an Roinn go bhfuil ainm nua ar an Roinn – nach an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ar an Roinn níos mó ach an Roinn Ghnóthaí Pobail, Gaeltachta agus Comhionannais.

Cad é mar gheall ar chomhlachtaí Ghaeilge sa Ghaillimh go gcaitheann siad ‘X Náisiúnta na Gaeilge’ a chur orthu féin?   Foinse isea ‘nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ agus An Taibhdhearc an Amharclann Náisiúnta.

Fagfaimíd Foinse mar atá go fóill – cé go bhfuil seans agat votáil ar shon foireann iriseoireachta Foinse 1996-2009 do bhuaic gradam cumarsáide an Oireachtais anseo.  Fhaid is atá tú ann, b’fhéidir go ndéanfá votáil sna catargóirí eile fosta.

An rud a bhaineann leis An Taibhdhearc go bhfuil na dóirse dúnta ann ó bhí 2007 nuair a chuaigh an amharclann tre thine.  Tá daoine a deir go raibh meoin Bhoird na Taibhdheirce dúnta i bhfad roimhe sin.  Tá tuairiscí éagsúla ann faoin méid airgid a fuair an Taibhdhearc mar chúiteamh ar an dámaiste a deineadh – deirtear liomsa gur €180,000 a fuarthas ón gcomhlacht arachais.  Tá sé á thuairisciú ar Raidió na Gaeltachta gurb é an fhigiúir atá á thabhairt amach ag an dTaibhdhearc gur €120,000 atá i gceist.  Más fíor sin, ciallaíonn sé go bhfuil €60,000 imithe ar iarraidh nó, ar a laghad, as radharc.

Ach tá go leor a fhéadfaí a dhéanamh le €120,000 nó €180,000.   Cur le sin airgead a gheall an Roinn anuraidh ar an gcoinnioll go mbeadh airgead ag teacht ón gComhairle Cathrach agus bheadh cnapshuim deas ann chun obair dheisiúchán a dhéanamh.  Sna pictiúir a taispeanadh ar TG4 aréir, ní raibh aon fhianaise gur deineadh morán dochair don amharclann féin ach tuigtear go bhfuil dochar áirithe déanta don chóras leictreachais.

Níl aon airgead ag an gComhairle Cathrach chun tabhairt faoi bhailiú brúscair agus cúramaí eile dá leithéid agus mar sin de is beag seans atá ann go dtiocfaidh siad chun tosaigh le h-airgead do phlean uaillmhianach na Taibhdheirce suas le €900,000 a infhéistiú san fhoirgneamh.     Tá seo ráite ag an gComhairle faoi thrí leis an dTaibhdhearc.

An féidir go bhfuil an Taibhdhearc – nó ar a laghad an bórd stiúrtha – den tuairim gur féidir leanúint ar aghaidh amhail is nach bhfuil géarchéim sa gheilleagar agus go dtiocfaidh airgead ina dtreo mar, mar a dúirt Roisín Ní Dhuignáin, Cathaoirleach na hAmharclainne, ar Nuacht TG4, ‘is muidne an Taibhdhearc, is muidne Amharclann Náisiúnta na Gaeilge’.

I gcead do Roisín agus a comhleacaithe, níl tada náisiúnta faoin Taibhdhearc faoi láthair.  Dream beag ó chathair na Gaillimhe atá ar an mbórd agus ní fhacthas dráma ón Taibhdhearc anseo i Múscraí nó in aon ngiorracht dúinn le cuimhne na gcat.    Deirtear liom go raibh dráma brea, leagan Ghaeilge de The Cripple of Inis Meáin, ar an ardán ann anuraidh, léiriú de chuid Beairtle M. O Flatharta – ach níor chuaigh sé ar chamchuairt sa taobh seo tíre.

Ní féidir le h-aon dream Amharclann Náisiúnta na Gaeilge a thabhairt orthu féin gan meas mar is ceart a léiriú don méid atá ráite sa mhaíomh sin – má tá An Taibhdhearc náisiúnta, ba cheart go mbeadh a rian le tabhairt faoi ndeara timpeall na tíre ar fad, thuaidh agus theas.  Níl sin amhlaidh.   Ba cheart go mbeadh daoine ar an mbórd atá ionadaíoch ar phobal Ghaeilge na tíre.  Nil sin amhlaidh.    Ar an dul chéanna, níor cheart go mbeadh Amharclann na Mainistreach ag tabhairt an Amharclann Náisiúnta uirthí féin gan í bheith ionadaíoch ar phobal na Gaeilge nó ag déanamh riar ar an gcuid suntasach den phobal ar mhaith leo, anois is arís, dráma Ghaeilge a fheiceáíl ar ardán na hAmharclainne ar Shraid na Mainistreach!

Anuas ar sin, tá ceist eile ann.  Céard faoin airgead a raibh luaite i mbuiséad na Roinne leis an Taibhdhearc don bhliain seo ach nach bhfuil ar fáíl anois don amharclann de bhrí nach bhfuil an Roinn sásta leis an bplean ghnó atá curtha chun tosaigh ag an dTaibhdhearc.  Isteach is amach le €450,000 a bhí ar fáil don Taibhdhearc anuraidh – méid súntasach airgid.

Nár cheart an t-airgead sin anois a roinnt ar leithéidí an Chomhlachas Náisiúnta Dramaíochta – comhlacht atá náisiúnta gan aon agó nó ceist – agus compántais dramaíochta ar nós Salamandar, Aisling Ghéar ,  Fibín agus eile, compántais atá ag déanamh a seacht ndícheall dramaíocht na Gaeilge a bheathú trath na h-eigeandála eacnamaíochta, an trath is géire go bhfuil gá leis an dramaíocht céanna, dar liom?

Beag an baol go mbeidh an Roinn ag iarraidh an t-airgead atá coigilte leis an diultú don Taibhdhearc a threorú i dtreo dramaíocht na Gaeilge, cheapfainn, ach b’fhéidir gur bhfiú an cheist a chur mar sin féin.

Is léir go bhfuil gníomh nó dhó fagtha sa dhráma seo go fóíll.  Is mór an trua gur ar chúl an ardáin seachas i lár stáitse atá an dramaíocht seo ag titim amach.  Ag an am chéanna, déanfadsa iarracht an spotsholas a dhíriú i dtreo an aicsin….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s