Mac Fhearghusa tofa ina Uachtarán arís

Tuairim is uair a chloig ó shin, deineadh Pádraig Mac Fhearghusa  a ath-thoghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge tar éis ceann de na feachtais is bríomhaire agus is conspóidí i stair na dtoghchán don phost áirithe sin.

De réir na dtuairiscí atá ag teacht ó Luimneach, thug sé oráid spreagúil agus ba é sin an difir idir é féin agus an Fheirsteach óg, Seán O hAdhmaill a thug dúshlán do sa toghchán.

Ar shlí is cuma cé atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge nó tá an eagras féin níos mó ná an tUachtarán.   Go deimhin má tá an méid a deir Gearóid O Cairealláin le creidiúint, b’fhéidir gur fearr don t-é ar mhaith leis an gConradh a athrú agus a ‘bhrú níos faide ar aghaidh’ gan a bheith ina Uachtarán mar go bhfuil cúramaí na h-eagraíochta ar an t-é sin agus go bhfuil saoirse níos mó ag an ghníomhaí aonair rudaí a athrú.

Is léir go bhfuil Seán O hAdhmaill ag díriú ar an mblian seo chugainn nuair a bheidh an Ard Fhéis i Nás na Rí i gContae Chill Dara.    Tá súil agam go mbeidh toghchán ann an uair sin freisin – nó cothaíonn an diospóireacht éagsúlacht tuairimíochta agus, chomh maith le sin, cothaíonn sé suim ó na meáin.

Luadh toradh an thoghcháin ar Nuacht RTÉ ar an Raidió ag 3.30in – agus luadh é roimh toradh Grand National na hAlban.  Sin dul chun cinn, ar éigean, ón gcraoltóir náisiúnta.

Is féidir libh bheith ag faire ar an Ard Fhéis anseo agus é ‘beo’ ar ustream.

9 dtuairim ar “Mac Fhearghusa tofa ina Uachtarán arís

  1. Féilim Ó hAdhmaill

    Is léir nach bhfuil tú ag an Ard-Fheis, a chara. Sílim go raibh intinne na mball a bhí i láthair déanta suas i bhfad sular bhain siad an Ard-Fheis amach. Beidh bliain eile ann don aos óg. Agus le cuidiu Dé beidh fáiltiú mhór curtha rompu. Comhghairdeachas le Pádraig as a fheachtas féin. Comhghairdeachas le Seán agus na Gaeil óga as beocht a thabhairt don teanga agus don eagraíocht seo!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, a Fheidhlim. Bhí mo bhreith bunaithe ar thuairisc Sheáin. Ar aon nós, ní miste. Beidh lá eile ag an Ultach! Is fearrde an Ghaeilge agus an Chonradh an beocht nua atá faigthe ó iarrachtaí Sheáin agus na nGael óg. Nara laga Dia iad.

    Táimíd bógtha go dtí ár dtig nua i gCúil Aodha. Tá súil agam go dtiocfaidh tú féin agus Máiread ar chuairt uair éigean.

    Freagra
  3. Jake MacSiacais

    Níl aithne dá laghad agam ar Phádraig MacFhearghusa ach mo chomghairdeas ó chroí leis agus go ndéana sé leas na Gaeilge sa bhliain atá roimhe ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Mo seacht mbeannacht naoí nuaire fosta le Sean Ó hAdhmaill agus na Gaeil Óga uilig a bheas a lá leo luath nó mall. Cúis misní dúinn go leir iomaíocht agus beocht a fheiceáil san fheachtas don uachtaránacht seo, cibé tabhacht atá lei mar uachtaránacht. Cúis ceiliúrtha freisin dúinn go léir teannas cruthaitheach a fheiceáil in aon ghne do shaol na Gaeilge.

    Freagra
    1. Ciarán

      “Níl aithne dá laghad agam ar Phádraig MacFhearghusa”

      Sin an fhadhb is mó atá ag an Chonradh déarfainn nó tá Mac Fearghusa ina Uachtarán le dhá bhliain anuas cheana. Is comhartha maith é seo don athrú ó bhun go barr atá de dhíth ar an Chonradh má tá sé le bheith ábhartha sna céad bliain amach romhainn.

      Freagra
  4. fRANK WALTER

    Ach nach í fírinne an scéil ná gur mo tábhacht atá le toradh Grand National na hAlban ná uachtarántacht eagraíocht nach bhfuil tábhacht dá laghad aici

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    anois agus an comórtas thart mholfainn do Sheán (comhairle nach nglacfaidh sé tá mé cinnte) gan bacáint le hUachtaránacht CNG ar chor ar bith nó nach mbeidh de thoradh air ach briseadh croí agus cur amú ama. Chonaic mé sé Uachtarán déag le mo linn féin o 1959 i leith a bhain Uachtaránacht CNG amach, cuid acu nach raibh i gceist ach go rachadh a n-ainmneacha síos sna leabhair staire go raibh siad ina n-Uachtarán ar an Chonradh agus cuid eile a shíl go dtiocfadh leo an eagraíocht a leasú (dalta Sheáin) agus fórsa réabhlóideach a dhéanamh de athuair ach bhí dul amú orthu sin agus i ndiaidh dóibh a bheith ag iomrascáil leis an arachtach mhaorlathasach is CNG ann d’imigh siad gan a dhath acu ar a shon. Leis an fhírinne a dhéanamh ní raibh an Conradh réabhlóideach ó bhí 1916 ann agus is mithid é a chur san uaigh i gcuideachta na cuideachta. Ní thuigim féin mar shean diúlach a bhfuil cos amháin san uaigh aige cad chuige a mbeadh duine óg ar bith ag plé le coistí gnó,le buan coistí,cistí teaghlachais, meamraim agus rúnta. An té a bhfuil mianach ann, mar atá i seán, níl eagraíocht de dhith air le gníomh a dhéanamh ar shon na h-athbheochana. Má tá gníomh le déanamh ag Seán baillíodh sé roinnt daoine óga le chéile leis an ghníomh a dhéanamh agus gabhadh siad i mbun oibre(gan rún a rith fá dtaobh de)agus fágfadh siad na miontuairiscí ag na sean diúlaigh. Cuimhnigh a sheáin nach ligfidh an maorlathas duit na meancóga a dhéanamh a chaithfeas tú a dhéanamh má tá tú le héifeacht ar bith a dhéanamh. Ba cheart go dtuigfeá ó do bhaile dhúchais féin a Sheáin nach eagraíochtaí ach daoine (go h-aonarach go minic) a ba chúis le cibé dul chun tosaigh atá déanta ó thaobh na Gaeilge de. I dtaca le CNG de sa bhaile chéanna is ar éigean a bhí sé beo ann le 30 bliain. “Na habair é déan é” a Sheáin.

    Freagra
  6. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Sílim gur cheart ról a bheith ag Seán i gcur chun cinn “An Gaeltacht Fíorúil” ar líne.Bheadh ról láirneach an feachtas seo chun na daoine óga a spreagadh chun an Gaeilge a bhrú chun cinn.

    Freagra
  7. dochonradh

    Mar eolas, píosa faoin Ard-Fheis, m’óráid san áireamh ar fáil ar mo bhlag.

    An tUachtarán Ath-thofa, Coiste Gnó Láidir Tofa & Deis Ballraíocht Nua a Mhealladh chuig an Chonartha. http://bit.ly/aW9a9x

    A Shéamuis, sílim go fhreagraíonn m’óráid go leor de do theachtaireacht.

    A Sheáin M., tá baint leanúnach agam le Gaeltacht 2.0 mar a chuirtear uirthi, a chur chun cinn, maraon le go leor daoine eile ach go háirithe Ciarán Ó Meachair – http://www.lnag.org

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s