Ré úr don Chonradh, ré úr don teanga?

Chláraigh mé im bhall de Chonradh na Gaeilge an tseachtain seo.   Is mise Ball Aonair #105, de réir na h-admhála r-phoist a seoladh chugam sa r-phost tar éis dom mo €20 a íoc le mo chárta ‘laser’.

Chláraigh mé im bhall de bhrí go bhfuil brí nua sa Chonradh – níl sé chomh marbh le hArt, de réir na ceiste atá ar shuíomh Nuacht 24.  Bhuel, níl sin díreach cruinn.   Deir an ráiteas go gcreideann bunús phobal na hÉireann go bhfuil an Chonradh chomh marbh le hArt.    D’fhéadfadh gach Gaeilgeoir sa tír a bheith ar mhalairt tuairim – ach bheadh an raiteas fós fíor mar is é an tuiscint atá ag bunús an phobail abhar raitis Ghearóid Uí Chairealláin, iar Uachtarán an Chonartha, agus ní cur síos ar staid reatha an Chonartha.

Ceann de na cúiseanna leis an mí thuiscint sin ar obair an Chonartha go mbíodh agus go mbionn na trodanna mí chearta á throid ag an eagras agus na feachtais míchearta á chur chun tosaigh acu.   Níl aon locht orthu – bhí mé chomh mí cheart leo mé féin trath agus mé ag glacadh páirte i mhór shiúl i mBaile Atha Cliath ar son stadas oifigiúil oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus ag áiteamh go mbeadh Acht Teanga ann ó dheas.

Cé go raibh tabhacht leis an mhórshiúl úd – i mí Aibreán 2004 – agus leis an bhfeachtas chun reachtaíocht ann a thabharfadh cosaint don Ghaeilge ó dheas, b’é an misneach a thug sé do phobal na Gaeilge an toradh ba thabhachtaí agus ba mhó tairbhe.   Ag siúl dom ó Chearnóg Pharnell, síos Sráid Uí Chonaill agus chomh fada leis an Dáil, gualainn ar ghualainn le go leor Gaeil eile, suas le 5,000 de réir mar is cuimhin liom, thóg sé mo chroí.

Anois nuair a fheicim an toradh a bhí ar na feachtais sin, ní fheicim ach an maorláthas ag fáil greim daingean ar an dteanga.   Ní h-amháin go bhfuil an nuachtán laethúil a bhí mé ag obair leis imithe ach tá níos mó acmhainní á chaitheamh le caipéisí neamh leite i mBéarla a aistriú go Gaeilge le go mbeadh siad chomh neamh léite céanna sa chéad teanga oifigiúil ná mar atá á chaitheamh ar litríocht i nGaeilge.   An bua sin?

Deintear seo a chosaint de bhrí go bhfuil sé ag solathar postanna d’aos na n-aistritheoirí – ach nach mbeadh an t-aos sin díreach chomh fostaithe agus ag solathar rud éigean fónta agus inléite dúinn mar leitheoirí dá mbeidís ag obair ar leabhair, ghreannáin (a la Rí Rá) agus go leor eile, nithe a mheallfadh daoine i dtreo léamh agus scriobh na Gaeilge.

An cloch is mó ar  mo phaidrín, taca an ama seo, go mbeadh bealach éigean ann le cinntiú go mbeadh craoladh beo beathach ar an dteilifís ar chluichí móra CLG an tSamhraidh agus trachtaireacht i nGaeilge orthu seachas go bhfagfaí lucht eisteachta na Gaeilge ag brath ar an bhfuaim a bheith múchta ar an dteilifís agus iad ag éisteacht le trachtaireacht ar na gcluichí móra ar RTÉ RnaG.  Fiú mura raibh an trachtaireacht sin ag leimpt ó chúige ó chúige agus gan é ag teacht leis an bpictiúir ar an dteilfiís de bhrí nach ionann an chlár ar RnaG agus an chlár ar an dteilifís, bheadh seo maslach.   Seo an bliain 2010 –  nior cheart go mbeadh orainn brath ar sheirbhís 1973!

Ní h-amháin gur cheart na cluichí craoibhe sa Pheil agus san Iomáint a bheith ar fáil le trachtaireacht beo i nGaeilge – ach nár cheart cluichí Chorn an Domhain agus Sraith na Seaimpíní is Cluiche Ceannais Heineken sa Rugbaí a bheith ar fáil i nGaeilge chomh maith céanna.

Seo an cineál cúise, dar liom, a mheallfadh lucht an Bhéarla ar bhórd.  Cuireann sé an Ghaeilge ar fáil doibh ar shlí nach bhfuil sí faoi láthair.  Go foill tá sí ceangailte leis an mhaorláthas – an mhaorláthas ar mire – agus is cinnte go gcothaíonn sé sin droch íomhá don teanga i measc an phobail mhóir.

Tá siad san ann a chreideann gur cheart do Chearta na nGael tús áite a bheith acu, roimh ‘íomhá na teanga i measc phobail an Bhéarla’ [eagarthóir Gaelscéal, Ciaran Dunbar, ag scríobh do ex cathedra ina thréadlitir chuig leitheoirí an nuachtáin eagrán #1] ach sin meoin seana chaite nach dtugann sinn ach go bun an ‘cul de sac’, áit atá an Ghaeilge sáinnithe ar feadh ró fhada.

Tá obair tabhachtach le déanamh ag an gConradh san am atá romhainn agus is é sin an droichead a thogáil idir an mhór phobal agus pobal na Gaeilge le cinntiú go dtuigeann gach duine, gach duine nach biogóidí frith Ghaeilge é nó í, an leas is feidir baint as an nGaeilge, ár dteanga.

B’fhéidir go n-athródh sin an port a bhí le clos ar na h-aerthonnta le cúpla lá anuas faoi daltaí scoile a fuair diolúine ón nGaeilge san Ard Teist le cuidiú leo de bharr go raibh ‘deacrachtaí foghlamtha’ acu – ach ansan chuaigh tuairim is 50% de na páistí céanna agus rinne siad staidéar ar theanga eigean ó mhór roinn na hEorpa in áit na Gaeilge.   Ní h-é seo fadhb na bpáistí an oiread is gur fadhb na teanga í.   Ar ndóigh rinne siad seo le beannú agus i gcomhcheilge lena dtuismitheoirí agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

An fear is fearr a thabharfaidh faoin droichead seo idir phobal na Gaeilge agus an phobal mhór a fhorbairt, sin an t-é is fearr a bheadh ina Uachtarán ar an gConradh don trí bhliain atá romhainn.   I gcúinne amháin tá file agus iriseoir, duine uasal, fear atá meas mór agam air, Pádraig Mac Fhearghusa, trodaí ar son na teanga, agus sa chúinne eile tá ógfhear cumasach fiontrach atá grá mór aige do phobal na Gaeilge agus atá cróga agus fuinniúil agus fonn air tabhairt faoi áit larnach i bpobal na hÉireann a bhaint amach don Chonradh. Is é sin Seán O hAdhmaill.

An oiread is mé féin, níl Gaeilge na bhfilí ag Seán – ach tá fuinneamh aige agus tá fuadar faoi, an iomarca fuadair chun a chuid ama a chaitheamh ag ceartú is ag profléamh a bpreas raitis atá ag teacht chugam go tiubh agus te faoi láthair.   Tá daoine ann a dhéarfadh nach bhfuil an Ghaeilge atá ag Seán maith a dhothain le go mbeadh sé á chur féin tosaigh d’Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge.

Ach narbh é Máirtín O Cadhain féin a dúirt dá dtiocfadh an Ghaeilge slán do na glúinte inár ndiaidh, ní h-í an  Ghaeilge a bhíodh á labhairt agus á scríobh aige a bheadh ann ach Gaeilge a bheadh deacair a aithint mar theanga saibhir agus ársa ár sinsir.

Dá dtoghfaí O hAdhmaill in áit Mac Fhearghusa an iarraidh seo, leireodh sé go raibh an Chonradh sásta aghaidh a thabhairt ar an ré sin  le dóchas agus le dúthracht seachas bheith sáinnithe i sean ré na bpeann dearg.

Is cinnte, mar sin, go bhfuil an Chonradh ag crosbhothar an deireadh seachtaine seo agus iad sinn ag díriú ár n-aghaidheanna ar Luimneach agus an Ard Fheis ann.  Ní bheidh mé ann – tá cúramaí orm sa bhaile ó thaobh oibre, cur chun cinn na Gaeilge agus sa bhaile féin – ach tá súil agam strac fhéachaint a thabhairt ar imeachtaí na deireadh seachtaine ar an balla Twitter agus ar ustream.    Nach fada óna leitheid sin de theicneolaíocht a bunaíodh an Chonradh agus léiríonn sé, b’fhéidir, go bhfuil an rogha déanta theana féin agus an Chonradh píosa den slí ar an mbóthar i dtreo an todhchaí.     [É sin go léir á dhéanamh faoi Uachtarántacht Mhic Fhearghusa, rud a léiríonn nach ceist dubh agus bán í an cheist seo ar chorr ar bith.]

Aon tuairim amháin ar “Ré úr don Chonradh, ré úr don teanga?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s