Gaelscéal ‘ag aimsiú an bhuille’

Agus an triú eagrán feicthe agam, is féidir liom a rá go bhfuil Gaelscéal tar éis feabhsú arís eile agus gur féidir go bhfuil an nuachtán ag aimsiú a bhuille.   Is mór an méid atá bainte amach ag foireann an nuachtáin taobh istigh de thrí sheachtain agus má bhí aon chabhair sa leirmheastóireacht a rinne mise ar a gcuid iarrachtaí go dtí seo, táim sásta.

Ní h-é nach bhfuil laigí – agus laigí suntasacha b’fhéidir – ar an nuachtán ach tá an feabhas atá ag teacht ar an nuachtán le moladh de bhrí go bhfuil an foilseachán ina iomláine níos treise ná na laigí.

Tá an príomh leathnach níos laidre an tseachtain ná mar a bhí an chéad dhá eagrán – scéal maith faoi Shell a bheith ag déanamh urraíochta ar an gComortas Peile chun tosaigh maraon le scéal mór náisiúnta – Fuarchogadh na gCeardchumann (tá stíl agus gontacht Lá Nua ag baint leis an gceannlíne sin leis an bhfo cheannlíne faoi ag tabhairt mínithe níos iomláine ar an scéal).       Cúpla scéal maith ar an taobh freisin – eirí amach sa Chirghis agus Conradh Nua Dí-Armála Nuicléigh idir an Rúis agus SAM.

Tá tuairisciú chuimsitheach déanta ar Chomhdháil na gCumann Múinteoireachta éagsúla taobh istigh – is mór an trua nach bhfuil seo luaite ar an bpríómh leathnach ar shlí éigean nó táim cinnte go mheallfadh sin go leor múinteoirí chun an nuachtán a thabhairt faoi ndeara agus a cheannach.   B’iad múinteoirí ba mhó a léigh Lá Nua/Lá – ach creidim go fóill ná bhfuaireamar ach an sciar is lú den mhargadh.    Dá mbeadh gach múinteoir a mhúineann Gaeilge nó a mhúineann trí mheán na Gaeilge ag ceannach nuachtán Ghaeilge, ní baol do.

Agus tá gan amhras suim thar na beartaibh i dtoghchán Uachtaránachta an Chonartha, agus tá sé luaite ar an bpríomh leathnach sna ‘blaisíní’.   Is maith liom go bhfuil diospóireacht ann idir na h-iarrthóírí – agus tá cuma ar an gceann seo nach bhfuil sé ag eirí sáite sa bhitseáil a thit amach sa choimhlint a bhí idir an bheirt iarrthóir sa dhiospóíreacht ar an nGlór Anoir ar RnaG.

Tá colún spéisiúil ag Bernie Ní Fhlatharta agus í ag trácht ar eifeachtaí na dífhostaíochta, ní h-amháin orthu san atá gan post, fiú gur chaith siad na blianta ag saothrú ar son chéimeanna agus iar chéimeanna san ollscoil is eile, ach orthu san a thacaigh leo le linn a seal sa chóras oideachais, ie na tuismitheoirí.   An éiric a bheidh le h-íoc acu as a gcuid fialtachta, go n-imeoidh a bpáistí i bhfad uatha ag lorg oibre.

Tá go leor scríte freisin ag Páidí O Lionaird agus é ag trácht ar Thoghchán na Breataine, atá ag teannadh linn, agus léargas á thabhairt aige ar dheacrachtaí is éachtaí Obama, slanaitheoir an dhomhain thiar, dar leis.

Rud amháin a dhéarfaidh mé.   Tá cúpla agallamh sa nuachtán – bhí agallamh le hAire Oideachais na se contae istigh ar leathnach 27 agus ní raibh de cheannlíne air ach ‘Caitríona Ruane faoi agallamh ar an Ghaelscolaíocht ó thuaidh’.    Ní cur síos ar an scéal atá i gceist le ceannlíne – sé sin cúpla focal ag rá leat céard atá ann.   Is uirlis an ceannlíne chun an scéal a dhíol leat.  Aimsíonn tú pointe suimiúil nó nuachtúil sa scéal agus cuireann tú sin i mbeagán focail.   Cuid de chéard na h-iriseoireachta é seo – baineann cinnlínte ar nós ‘Caitriona Ruane faoi agallamh ar an Ghaelscolaíocht ó thuaidh’ le ‘solathar ábhair’.    Tá an botún céanna le sonrú sa cheannlíne ar agallamh le Seán Seosamh O Dochartaigh, bainisteoir fhoireann pheile Dhún na nGall, sna leathnaigh spóirt.  Ní h-é nach bhfuil sé cruinn ach is cur amú deise é chun an scéal a dhíol leis an leitheoir.   Séard atá i gceist agam le ‘scéal a dhíol’ ná áíteamh ar an leitheoir gur fiú do a chuid ama a chaitheamh ag léamh an ailt.

Tá’s agam go bhfuil siad ann a chreideann go bhfuil mé ró chruaigh ar Gaelscéal de bhrí go bhfuil ‘sour grapes’ orm de bhrí nár eirigh leis an iarratas a bhí mé féin luaite leis nó mar gheall ar an achrann a bhionn ar bun agam faoi Fhoras an Gaeilge.    Níl sé fíor.   Níl ann ach go gcreidim gur cheart go mbeadh an nuachtán is fearr is féidir ar fáil ag lucht leite na Gaeilge agus sílim gur dhein mé mo dhícheall le linn mo shaol mar iriseoir is mar eagarthóir é sin a chruthú.  Fiú má theip orm féin an sprioc sin a bhaint amach, nó níl Lá Nua fós linn, ba mhaith liom go mbainfeadh dream éigean an sprioc sin amach.

An mairfidh Gaelscéal go dtí an chéad ghlúine eile?  Tá sé ró luath a rá.  Is féidir leatsa a chinntiú nach dteipfidh air de bharr d’easpa tacaíochta tre an nuachtán a cheannach agus a léamh – mar a dheinimse – ach déanaim rud beag sa bhreis, ar mo shlí féin, tre na trachtaireachtaí seo agus na diospóireachtaí a eascraíonn uatha a fhoilsiú ar iGaeilge.

Deir manna Gaelscéal ‘ag cothú pobal na Gaeilge’ agus cé nach n-aontaím le sin mar manna ar nuachtán, glacaim leis mar mhanna im shaol.   B’fhéidir go bhfuil na múnlaí nuachtáin a bhí ann le mo linnse briste agus gur nuachtán atá ag cumadh múnla nua é Gaelscéal,  tá sé ró luath le sin a rá ach an oiread.   Ach ós rud é go bhfuil Gaelscéal ann, is fearr ann ná as é.   Ba cheart do phobal na Gaeilge a chinntiú go gcothóimíd an nuachtán ionas go gcothóidh sé sinn.

13 de thuairimí ar “Gaelscéal ‘ag aimsiú an bhuille’

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Anseo amháin a bheidh mo chuid ramhaillí le léamh a Eoin Chóír. Níl anseo ach mo bharúil – agus tá sé neamhspleach ar thairiscint ar bith.

    Freagra
  2. Sean Mór

    Shíl mé féin go raibh Gaelscéal i bhfad níos fearr an tseachtain seo chomh maith, a Choncubhair. Tá ábhar nuachtán maith ann anois… d’aontóinn féin le cuid de na pointí atá déanta agat anseo fosta, agus bhuail ceann nó dhó acu mé agus mé ag léamh.

    Bhí an leagan amach i bhfad níos fearr an iarraidh seo; bhí an nuacht náisiúnta ina nuacht náisiúnta, an nuacht idirnáisiúnta ina nuacht idirnáisiúnta, agus an nuacht Ghaeilge sna sála air sin srl. Is féidir gach rud a fheabhsú, cinnte, ach tá mé féin dóchasach anois go bhfuil páipéar maith ag toiseacht amach ar an saol, agus b’fhéidir nach bhfuil scaifte rómhór ar an tSrath Bán a bheadh in ann páipéar nuachta Gaeilge a léamh, ach tá mé sásta mo dhícheall a dhéanamh an fiche cloigeann nó mar sin a spreagadh le é a dhéanamh gach seachtain, trí súil a choinneáil ar na siopaí, téacsanna a chur nuair a bhíonn sé istigh srl le cur i gcuimhne dóibh.

    Rud amháin eile a bhuail mé inné agus mé ag léamh ná go bhfuil blaiseadh iomlán náisiúnta le sonrú in Gaelscéal, seachas blaiseadh aon-státach.

    Tá tú ag cur le hiontaofacht ‘an bhlag seo’ fosta, nuair a thig leat d’intinn a athrú agus moladh a thabhairt nuair atá sé tuillte…

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    A chairde
    ní ar dhea scríbhneoireacht amháin a mhaireann nuachtán ar bith is pacáiste é a bhfuil go leor réimse éagsúla ag baint leis, scríbhneoireacht,margaíocht, díolaíocht agus fógraíocht. Tá Gaelscéal go maith ó thaobh na scríbhneoireachta de, dar liom, agus bhí ó thús. Tá an mhargaíocht go measartha sa mhéid agus go bhfuil sé ar fáil in go leor áiteanna má’s fíor. Tá a fhios agam nach bhfuil anseo ach an tríú heagrán agus tá éachtaí déanta ag an eagarthóir agus na hiriseoirí ach tá an páipéar iontach lag ó thaobh díolaíocht agus fógraíochta de(mar a bhí na páipéir Ghaeilge uilig a chuaigh roimhe agus a mba chionn tsocair lena mbás sa deireadh dar liom) agus is iad sin sú na beatha ag nuachtán ar bith. Tá “bainisteoir tionscadáil” ag an nuachtán, cibé ciall atá le sin, ach caithfidh sé a chloigeann a ardú ón “tionscadáil” anois agus luí isteach ar dhíol an pháipéir do phobal níos leithne agus fógraí a fháil. Tá déanta amach agam nach bhfuil ach leathanach go leith de fhógraí ann agus ainneoin go bhfuil gearradh siar ar fhógraíocht go ginearálta, tá mé cinnte go bhfuil ar a laghad ceithre nó cúig leathanach ar fáil ó lucht na Gaeilge iad féin ach tabhairt faoi. Níor mhiste dar liom fógraí a chur ann ar luach laghdaithe ( nó saor in aisce féin) ar feadh tamaill le cuma a chur an an phaipéar go bhfuil sé reidh le fógraí a ghlacadh. Tá Chruthaithe ag an eagarthóir agus ag na scríbhneoirí go dtig leo tairge maith a chur ar fáil is faoin bhainisteoir atá sé anois beatha a thabhairt don tionscadáil

    Freagra
  4. Sean Mór

    Aontaím le do phointe faoi chúrsaí margaíochta agus fógraíochta, a Shéamuis. Ó thaobh na margaíochta de, is é fírinne an scéil ná má tá an nuachtán le bheith rathúil san am atá romhainn caithfidh muidne, mar dhaoine a mhaíonn gur Gaeil muid, dul leathchuid den bhealach agus cuidiú leo an diabhal rud a dhíol in achan cheantar áitiúil, in achan scoil ina bhfuil múinteoirí Gaeilge, srl. Cinnte, tá gá leis an mhargaíocht spleodrach náisiúnta ó Gaelscéal iad féin… ach teipfidh ar an rud ina ainneoin sin mura bhfuil an chosmhuintir Ghaelach ar a chúl… tá an tine lasta, is fúinne atá sé an breosla a sholáthar lena coinneáil ag dul….

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    a sheáin a chara tá do dhiogras le moladh ach is faoi chomhlacht Gaelscéal agus an Curadh Conachtach atá sé an gnó a stiúradh go héifeachtach. Tá mise agus tusa i ndiaidh airgead substainteach a dheonú orthu as ár gcánacha (agus ní a mhaíomh orthu atá mé) agus caithfidh na daoine atá beo ar an pháipéar an díolachán (nach ionann agus margaíocht) agus fógraí a lorg. Níl sin éascaí ach sin a fath a n íoctar daoine lena dhéanamh. Sílim go bhfuil scoth oibre déanta ag an lucht eagarthóireachta ach caithfear anois taobh an ghnó a fhorbairt agus tá sin i bhfad nios deacra ná paipéar dea scríofa a chur amach. sé an pointe atá mé ag déanamh (agus is mí bhuntaiste é ar bhealach) go dtiocfadh le Gaelscéal a theacht amach mar atá ar an deontas atá aige as seo go gceann trí bliana gan cur leis an díolachan nó fógraí a lorg ach le páipéar nios fearr a dhéanamh de caithfidh siad an dá rud a dhéanamh. An fath a bhfuil mé ag caitheamh ama ar seo nó sílim gur theip ar LÁ NUA cionnus nach taobh an ghnó i gceart agus ní de bharr nach raibh an páipéar go maith

    Freagra
  6. Mise Áine

    @ ‘is é fírinne an scéil ná má tá an nuachtán le bheith rathúil san am atá romhainn caithfidh muidne, mar dhaoine a mhaíonn gur Gaeil muid, dul leathchuid den bhealach agus cuidiú leo an diabhal rud a dhíol’

    Aontaím leat, a Sheáin! Is ar scáth a chéile…

    @ ‘ach caithfear anois taobh an ghnó a fhorbairt’

    Tuigim leat, a Shéamais, ach níl anseo ó Ghaelscéal ach an triú eagrán, agus tá jab den scoth déanta acu go dtí seo, feictear dom féin. Tugtar deis dóibh! Idir an dá linn, tacaíocht an phobail a chuideoidh leo.

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    a Áine a chara
    Tuigim chomh maith leat féin an obair fhiúntach atá déanta ag lucht Gaelscéal le trí sheachtain anuas ach tá mé ag leagan béime ar thaobh an ghnó sa mhéid a’s go sílim go bhfuil daoine ann a cheannódh an páipéar ach bhealach éigin a aimsiú leis an pháipéar a cur ina lámha. Ní shílim go bhfuil go leor díograiseóirí ann cosúil leat féin agus le Seán mór a rachadh amach leis an pháipéar a chuartú ach ní hionann sin agus a rá nach gceannódh siad é ach é a fháil chucu. Is fadhb í sin a bhí ag gach páipéar a bhí ann le mo linn ach theip ar gach ceann acu an fhadhb a réiteach. Inniu Amárach,Anois,Foinse, LÁ agus Lá nua, níor éirigh le dream ar bith acu go leor léitheoirí a bhaint amach le go mbeadh siad ionmharthánach. go hiondual tá fógraíocht ag brath ar líon na léitheoirí atá ag páipéar agus sin an dúshlán. Ar an droch uair ní thabhfaidh scríbhneoireacht mhaith léitheoirí nua chuig páipéar agus is dóigh liom gur mó airde a bhí ag na páipéir eile,nach bhfuil ann níos mó, ar an scríbhneoireacht ná ar an díolachán agus dar liom gur sin an áit ar theip orthu. Cad chuige a síleann muid mar sin go mbeadh Gaelscéal ar mhalairt de dhóigh leis na páipéir eile? Tá súil agam go mbeidh ach gan dream éigin taobh istigh den pháipéar(an bainisteoir tionscadaíl?) nach bhfuil ar fhocas acu ach an díolachan agus an fhógraíocht ní réiteofar an fhadhb. dala an scéil is fadhb í a bhaineann le gluaiseacht na Gaeilge ina iomláine taobh amuigh de Gaelscéal. Dá dtiocfadh le Gaelscéal an fhadhb sin a réiteach chuirfeadh siad réabhlóid ar bun.

    Freagra
  8. Lámh Láidir

    Táimse ag baint an-shochar as Gaelscéal anois mar nuachtán….mar fhoghlaimeoir, tá an Ghaeilge an-chaighdeánach agus is fuarasta í a léamh

    Freagra
  9. Seán Mór

    Ní shílim go bhfuil aon easaontú anseo, tá muid ar an aon phort amháin, ach b’fhéidir ag seinm codanna éagsúla den phort céanna i gcoinne a chéile! Aontaím go mór leat a Shéamuis, ar cheist na fógraíochta. Tá géarghá le feachtas fógraíochta ag muintir Gaelscéal agus is iadsan a chaithfidh sin a dhéanamh. Maidir le margaíocht agus poiblíocht (le léitheoirí a mhealladh), creidim go mbeidh an scéal níos casta. Ar an tSrath Bán, mar shampla, déarfainn go bhfuil 25 teaghlach, ar a mhéid, ina bhféadfaí an nuachtán seo a dhíol. Le freastal ceart a dhéanamh orthu, bheadh ort é a chur isteach in thart fá 8 siopa, 3 nó 4 cóip anseo is ansiúd. Is cuma cé chomh taitneamhach agus a bheas aon fheachtas poiblíochta náisiúnta, ar an teilifís, ar an Ráidió, sna nuachtáin áitiúla Béarla, srl srl, rachaidh sé crua ar aon fhoireann bheag nuachtáin aithne a chur ar na teaghlaigh seo, socruithe cuí a dhéanamh le gach siopa, agus ansin iad a spreagadh lena cheannach agus a léamh gach seachtain. Níl mórán de dhíograis ag teastáil le go mbeadh duine áitiúil, mo dhálta féin, sásta labhairt leis na teaghlaigh seo agus socruithe a dhéanamh leis na siopaí agus leis an lucht dáiliúcháin agus muintir Gaelscéal. Is cinnte nach leor sin, nó nach n-oibreodh sin, i roinnt ceantracha eile. Ach sílimse go mbeadh sé níos éifeachtaí i gceantar ar nós an tSratha Báin. Fiú go fóill tá roinnt siopaí a chuir muid ar an liosta agus nár tháinig an páipéar chucu, agus tá roinnt daoine a dúirt go gceannóidís an diabhal rud, ach nár cheannaigh go fóill é!

    Freagra
  10. séamus Mac Seáin

    is maith liom an cur agus cúiteamh seo sa mhéid agus go bhfuil sé ag baint le habhar praicticiúl. Nuair a labhairim ar fhógraíocht a Sheáin ní feachtas fógraíochta don pháipéar féin (nach bhfuil ann ach cur amú airgid den chuid is mó é dar liom)) atá i gcéist agam ach fógraí ar an pháipéar féin. ó’n cleachtadh atá agam féin ar an scéal bailíonn fógraí fógraí agus murar féidir daoine a fháil le díol astu ag an tús is ceart iad a chur isteach beagnach saor in aisce (nó saor in aisce féin má’s gá). De réir a chéile tcifidh daoine gur gléas fógraíochta é an páipéar agus tiocfaidh na fógraí. Caithfear an páipéar a fháil a fhad le daoine agus ní leor é a bheith sna siopaí cé gur gá é a bheith sna siopaí( agus tá de réir mar a thuigim.) Sin an áit a bhfuil an obair le déanamh is obair chrua mhaslach í an díolaíocht ach is féidir é a dhéanamh ach an té ceart a aimsiú. Sílim go raibh suas le 1000 léitheoir sa lá ag LÁ NUA tráth da mhair agus go rabh 400 acu sin fríd ordaithe seasta. Tá na liostaí sin áit éigin agus ba cheart iad a iarraidh. Tá suas le 30,0000 páistí ar na Gaelscoileanna agus is cinnte gur abhar léitheoirí iad 5% shílfeá. Níl anseo ach caint dar ndóigh agus glacfaidh sé obair le sin a bhaint amach agus is deacra i bhfad é ag dream gur mór linn an scríbhneoireacht mhaith agus an saol sóchúil intleachtúil ná aon rud eile. Is mó mangairí maithe atá de dhith orainn (bíodh siad súgach nó nach mbíodh) i saol na Gaeigle ná intleachtóirí agus lucht fealsúnachta.

    Freagra
  11. Séamas Ó Neachtain

    Is an-deacair léitheoirí a fháil agus níos deacra fós fógraí a dhíol. Ach tá a lán acmhainne ag Gaelscéal nach bhfuil againne (An Gael), agus ní mór dóibh áis a bhaint astu.

    Freagra
  12. Eoghan

    maith thú a mhac…tá do dhearcadh faoi Ghaelscéal ag eirigh nios fearr gach seachtain…cupla seachtain eile a mhac agus beidh tú i do chara fíor do Ghaelscéal..!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s