An teanga í an Ghaeilge atá in oiriúint don 21ú Aois?

Léigh mé rud éigean cúpla lá ó shin ar Facebook a chur ag smaoineamh mé faoi mheon aigne lucht na Gaeilge.  An é seo ár locht mór?

Panu Petteri Höglund Ag léamh “An Branar gan Cur” i gcónaí, agus an leabhar ag titim as a chéile. Is é an fhírinne shearbh nach bhfuil ciall ag Breandán Ó Doibhlin do chomhréir na teanga, agus gur roghnaigh sé an aimsir láithreach mar fhoirm inste le nach gcuirfeadh na léitheoirí sonrú ina dhroch-Ghaeilge. Dealraíonn sé gur scríbhneoir eile Galltachta a bhí ann nárbh fhiú leis Gaeilge na Gaeltachta a fhoghlaim, a thaighde ná a staidéar.

Anois ritheann sé liom gur seo an cineál rud a chuireann lag mhisneach ar scríobhnóirí.   An eolas atá agamsa ar Bhreandán O Doibhlín, is scoláire Ghaeilge den scoth é agus fear léanta.  É sin ráite níor léigh mé aon cheann dá leabhair, an leabhar thuas san áíreamh.   Tá altanna uaidh léite agam agus níor thuig mé go raibh locht ar a chuid Gaeilge.   B’fhéidir go raibh an iomarca suime agam sa mhéid a bhí le rá aige?

An rud a thugann ar Ghaeilgeoir Mór na Fionlainne an daor bhreith seo a thabhairt ar shaothar Uí Dhoibhlin, go mbaineann sé úsáid as an  aimsir láithreach chun an scéal a insint.  De réir Panú, an cúis atá le seo go bhfuil sé ag iarraidh a chuid droch Ghaeilge a cheilt.

An tuiscint atá agamsa ar an litríócht, gur cleas é an Aimsir Láithreach chun an leitheoir a shuíomh nios gaire don scéal, i lár an aicsin más maith leat.

Tá leabhar á léamh agam, leabhar Bhéarla, ‘Let the Great World Spin’, le Colm McCann ina mbaintear úsáid as an Aimsir Láithreach go h-eifeachtach chun scéal ceann amháin de na caraictéirí a ínsint.  An droch Bhéarla é seo?   Ní doigh liom é.  An dea scéalaíocht é?   Sin a cheapfainn.

Ar ndóigh tá claonadh ag lucht na Gaeilge bheith siocaithe san Aimsir Chaite agus sinn ag caoineadh na laethannta a bhí, na leabhair a scríobhadh fadó.  Dea leabhair gan amhras – ach leabhair a bhaineann le ré eile inár stair.

Seo ráiteas eile de chuid Panú:

Agus maidir leis an droch-Ghaeilge, is í Gaeilge na Gaeltachta, an teanga a bhí ag na scríbhneoirí móra cosúil le Máirtín Ó Cadhain agus Séamus Ó Grianna, an caighdeán atá agamsa.

An dana an mhaise domsa é bheith ag ceistiú Panú ar an bpointe seo?  Is é an rud atá á rá agam go gcreidim go bhfuil sé maith go leor bheith ag maíomh gurb iad O Cadhain agus Mac Grianna an chaighdeán – agus, dá bhrí sin, cén seans atá ag scríobhnóir atá ag scriobh sa ré seo nuair atá an bheirt sin, a bhí ag scríobh ina ré féin, agus a cáíneadh go géar, faoin bhfód agus ina mba beannaithe?

An chaint seo go léir faoin ‘chaighdeán’ agus an ‘athbhreithniú’ atá le déanamh air ag coiste éigean, ceapaim go gcaithfimíd smaoineamh ar an gceist seo faoin nGaeilge agus faoin bhéim iomarcach atá againn dar liom ar an bpeann dearg seachas ar an méid atá le rá nó scríofa.

Tá an locht orm féin.  Cuireann nithe áirithe isteach orm i gcónaí.  Ní féidir liom éisteacht le Caoimhe Ní Laighin ag léamh na nuachta i nGaeilge ar Raidió 1 gan pian – ceapaim go bhfuil an greim atá aici ar an dteanga cosúil le cailc lofa á scríobadh ar dhroch chlár dubh.

Thit mo chroí nuair a léigh mé ceann líne i gcéad eagrán Gaelscéal, san rannóg spóirt:  Labhraíonn Ronan Loughney i nGaeilge le Gaelscéal!   Cosúil le rud éigean a scríobhfadh páiste cheapas – páiste i ngnó na h-iriseoireachta (samhlaigh é:  Ronan Loughney speaks in English to [insert name of English language newspaper here].

Beannacht Dé lena anam, ach mhínigh Aodh O hIr ó Dhún Dealgan dom go raibh sé mícheart úsáid a bhaint as an Aimsir Ghnathlaithreach i gceannlíne nuachtáin mar gur Béarlachas amach is amach a bhí ann – chomh maith le droch eagarthóíreacht.

Tá daoine a easaontódh liom agus a dheirfeadh liom go bhfuil Caoimhe Ní Laighin agus fo-eagarthóir Gaelscéal [má tá a leithéid fostaithe ag an nuachtán gan iriseoirí] ag baint úsáide as Gaeilge na linne seo.   Ach de bharr go mbainim le ré eile – ré idir an ré sin agus ré m’athar a raibh Gaeilge ó chliabhán aige, Gaoluinn sean laochra Chúil Aodha ar nós Fruí is an Suibhneach Meann is a mhathair féin, Cáit Ní Shuibhne.

Ach sin mise le mo pheann dearg…..an bhfuil orainn, pobal na Gaeilge, teacht ar thuiscint nua faoin dteanga, nach rud beannaithe í a chaithfear a chosaint uatha san nach  bhfuil Gaeilge Uí Chadhain agus Mac Grianna agus m’athair agus an Suibhneach Meann is a leithéid?

An é an praghas a chaithfimíd ioc chun saibhreas na Gaeilge a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, cuid den saibhreas sin a bheith millte againn agus ag an nglúin sin araon fhaid is a gcuirtear an teanga in oiriúint don aois ina mairimíd?

Tá sé ag eirí déanach agus tá na ceisteanna seo ag eirí trom.  Fagfaidh mé agaibh iad go fóill.    An cheist atá faoi chaibdil ná: An bhfuil an Ghaeilge in oiriúint [fit for purpose] don 21ú aois?

13 de thuairimí ar “An teanga í an Ghaeilge atá in oiriúint don 21ú Aois?

  1. aonghus

    Freagra na ceiste: Tá.
    An sár scríbhneoir gach duine a scríobhann i nGaeilge? Ní hea.

    Ach an gá do gach duine in Éirinn a scríobhann as Béarla múnla Yeats, nó Joyce a leanacht? Nó cromadh ar an bhFraincis, mar a rinne Beckett?

    Tá comhréiteach le haimsiú idir spreagadh agus sciúradh agus duine ag plé le Gaeilge daoine eile. Fágaimis an peann dearg faoi na hoidí, agus déanaimis iarracht ár gcuid féin den Ghaeilge a fheabhsú. Deirtear nach ceart páiste a cheartú go díreach agus go lom, ach an rud a dúirt siad ar chaoi mícheart a athrá ar an dóigh ceart.

    Is amhlaidh, áfach, go bhfuil tuairimí láidre ag Gaeilgeoirí – gan tuairimí láidre bheadh an Gaeilge caite i dtraipisí againn fadó. Nós an Doibhlínneach, aithris ar an Nua Ghaeilge Clasaiceach agus tarraingt as saíocht na Fraince. Slat tomhais Phanu, na Griannaigh. Tá leabhair an Doibhlínigh léite le tairbhe agam. Ach is mithid do gach duine againn a chonair fhéin a aimsiú.

    Freagra
  2. Gearóid Ó Laoi

    Tá ach ar ndóigh, sé an rud is mó a chuireann as di go ndeineann daoine smaoineamh i mBéarla agus casann go Gaeilge. Sé seo an mháchail is mó ar Ghaeilge Chonnachta. Táimíd ag rith as fíon, seachas tá an fíon ag ídiú. Tá siad ag socrú síos, seachas tá dealramh éigint ag teacht orthu. Feall ciniciúil (siniciúil) ab ea é seachas feall suarach. Agus, chomh maith, caolú ar bhríonna focal. Is annamh a cloistear aimsir mar am anois, nó cuid mar pháirt. Níl le déanamh ach na nithe maithe a bheith á n-úsáid ag RNG chun go nochtófar aríst iad. Chomh maith, ba dheas dá ndéanfaí forbairt nó-aimseartha ar an dteanga mar a tharlaíonn sna teangacha beo. Feic, grow the economy, new build, going forward, I’m good seachas I’m well, agus nithe nó-aimseartha an Bhéarla go bhfuil cuma na míchirte orthu, cé go bhfuilid go daingean sa teanga anois!

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      A Ghearóid, chuir sé brón orm a léamh faoi Ghaeil áirithe a bheith ag “rith” as fíon. Is dócha gur rud scanallach amach is amach é agus ba chóir do Foras na Gaeilge dul i ngleic leis an fhadhb gan mhoill. Ach ar ndóigh, tá lucht na Gaeilge ag rith amach as an iliomad rudaí le blianta beaga anuas, ina measc, peitreal, airgead, foighne agus, ná habair é, idéanna fiúntacha chun an Ghaeilge a chur ar ais ar a sheanléim.

      An dóigh leat go bhfuil aon baint ag seo uilig le Rith 2010?

      Freagra
  3. An Tuamach

    Le scéal fada a dhéanamh breá gairid. Tá an boc seo ag caint —-a. Tá an leabhar seo go hiontach. Is ó ghaeltacht Thír Eoghain don scríbhneoir, gaeltacht nach bhfuil ann níos mó ach tá mo dhuine dána dolba le seo a rá na a scríobh.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    ní shílim gur cheart dúinn a bheith ag santú “Gaeilge líofa lofa” a bheith againn agus gur cheart dúinn féachail le hí a bheith againn chomh beacht agus is féidir ach san am chéanna má tá an teanga le bheith ina teanga bheo arís ag pobal substainteach de mhuintir na hÉireann agus níl beatha i ndán dí ina éagmais sin is cinnte go mbeidh lorg láidir an bhéarla le sonrú uirthí. Dá mba acadúlaithe agus lucht léinn amháin a bhí ag dul di is féidir go dtiocfadh í a chaomhnú mar atá sí sa Ghaeltacht ach ní sin mar atá. Má tá sí le maireachtáil mar theanga labhartha ar chor ar bith in Éirinn (nach í an Fhionlann í) is seoirt Creole a bhéas innti.Déarfaidh fear na Fionlainne nach fiú creole na Gaeilge a chaomhnú ach ní faoi féin a bhéas sé an cinneadh sin a dhéanamh ach faoi mhuintir na hÉireann ar dual dóibh an teanga a ghnóthú nó a chailleadh. Léigh mé áit éigean ar na mallaibh faoi stáidéar a rinneadh ar dhá cheantar éagsula Gaeltachta in Albain. Fuair na taighdeoirí amach gurbh é an ceantar a ba shaibhre agus ba ghlainne Gaidhilg an ceantar a ba thúisce a bhfuair an teanga bás ann agus mháir sí sa cheantar eile a lúb í féin le cuid de mhúnlaí an Bhéarla a thabhairt isteach sa ghnáthchaint. Bhí an teanga trualaithe cinnte ach bhí sí beo. Luaitear Máirtín Ó Cadhain go minic agus daoine ag plé feabhas na Gaeilge ach dúirt sé féin i litir a scríobh sé sa 60’í den chéad seo thart dá mba rud é go raibh an teanga le leathnú fríd an tír nach teanga a shinsir a bheadh inntí ach rud éigin bunaíthe ar an teanga sin ach í chomh beo céanna

    Freagra
  5. Seán Mór

    Más drochGhaeilge amach is amach atá ag an Doibhlineach, tá cuid mhór againn san abar ó thaobh na teanga de. Léigh mé Aistí Critice agus Cultúir leis, agus dar liom go raibh a cuid Gaeilge go breá láidir. Ba doiligh a shamhlú nach mbeadh cuid mhór leabhar agus scéalta de chuid mhuintir Uí Ghrianna léite ag Breandán Ó Doibhlin.

    Is féidir meas a bheith ag duine ar Ghaeilge na Gaeltachta agus ar litríocht na Gaeltachta gan tú féin a umhlú go talamh roimpi, ná gan scríbhneoirí iarGhaeltachta a mhaslú ach an oiread. Béarlóir mé féin, a d’fhoghlaim an Ghaeilge ní b’fhaide anonn i mo shaol, agus rachadh sé crua ar mo leithéidse éalú go huile is go hiomlán ó anáil an Bhéarla sin. Tá deis níos fearr ag mo chuid iníonacha sin a dhéanamh, mar nach bhfuil a gcuid Gaeilge siúd ag brath ar an Bhéarla an oiread is atá mo chuid Gaeilge féin.

    Is fearr liom, mar sin féin, an cuidiú cairdiúil ná an cáineadh confach. Bím i gcónaí sásta éisteacht a thabhairt do dhaoine a bhfuil dúchas na teanga acu, agus glacadh le moltaí an oiread agus is féidir. Thig le cuid mhór daoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge an saibhreas agus an dúchas a fheiceáil agus a thuigbheáil sna leabhair Ghaeltachta a bhfuil Panu ag labhairt fúthu, ach téann sé crua ar go leor againn sin a aistriú ó na leabhair úd go dtí go leor réimsí den saol a mbímid ag plé leo sa lá atá inniu ann.

    Aontaím le Gearóid thuas nuair a deir sé go bhféadfaí tús a chur le saibhriú na teanga arís tríd na nithe maithe a bheith á n-úsáid ar RnaG, agus d’fhéadfaí é seo a leathnú go TG4, Gaelscéal, Nuacht24, suímh idirlín srl chomh maith. Tá go leor rudaí maithe á n-úsáid acu cheana féin, ní bheadh ann ach cur leo…

    B’fhiú do dhuine inteacht suíomh idirlín a thoiseacht ina mbeifí in ann teacht ar dhea-chleachtais teanga, agus ina mbeifí in ann abairtí, nathanna cainte, dul na Gaeilge srl a chuardach. Tá neart samplaí i bhFoclóir Uí Dhónaill, agus Lorg an Bhéarla, Concordance of Idiomatic Expressions in the Writings of Séamus Ó Grianna, Tobar na Gaedhilge le Ciarán Ó Duibhín…. agus fiú liosta ‘Conas á rá…’ ag Gearóid é féin thuas. Dá mbeadh duine/eagras éigin in ann iad uilig a chur isteach in inneall cuardaigh Béarla-Gaeilge, mar atá ag focal.ie, bheadh sin ina chuidiú mór againn uilig.

    Freagra
  6. Concubhar O Liathain

    Caithfidh mé liathróid eile isteach sa chluiche anois ….. an ar leas na teanga í go bhfuil cuid de na scriobhnóirí Ghaeilge is fearr agus is líofa agus is cruinne {séala an Fhorais acu is uile] ag saothrú leo ag aistriú téacsanna doleite Bhéarla go Gaeilge [a bheidh chomh doléite agus neamhléite céanna]? Tá siad in áit a bheith ag scriobh úrscéil, iriseoireachta, filíochta, leabhair do pháistí agus aon saothar eile i gcló a bheadh an pobal ag éileamh, seachas ag cur stórais mhóra mhóra caipéisí ar fáil do na chancráin a bhionn ag lorg go mbeadh gach caipéis oifigiúil, nó a bhfurmhór acu ar aon nós, aistrithe go Gaeilge chun míreanna [ar mire] Acht na dTeangacha Oifigiúla agus STADAS oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach a shásamh?

    Freagra
  7. Seán Mór

    A Choncubhair, goitse isteach mar a dhéanfadh gasúr maith, agus tabhair leat do liathróid!

    🙂

    Freagra
  8. fRANK WALTER

    Níl rud ar bith cearr le Gaeilge Chaoimhe ach aithníonn ciaróg ciaróg eile nó aithníonn Conchubhair Caoimhe eile

    Freagra
  9. Lámh Láidir

    Is foghlaimeoir na Gaeilge mise, agus is faoiseamh mór dom é nuair a chloisim daoine mar Chaoimhe Ní Laighean ag léamh an nuacht…ar a laghad i féidir liom í a thuiscint. B’fhéidir nach bhfuil blás deas aici mar atá ag na léiritheoirí eile…..b’fhéidir nach cainteoirí ó dhúchas í?
    Maidir le Gaelscéal, tá sé maith go leor. B’fhéidir go dtiocfaidh feabhas air de réir a chéile.

    Freagra
  10. Máirtín Mag Uidhir

    Tá mé i ndiaidh alt a scríobh faoin ábhar seo (nó bainteach leis an ábhar cibé) do Nuacht 24, agus má tá fonn air Eoghan é a fhoilsiú, léifidh sibh é, ach caithfidh mé aontú ar an chéad dul síos gur fearr go mbeadh lucht na Gaeilge ní ba láiche faoi ‘chaighdeán’ Gaeilge dhaoine eile.

    Cuireann sé isteach ormsa bheith ag éisteacht le leithéidí Gerry A ag déanamh ciolar ciot den teanga, ach molaim é as á húsáid. Is iomaí uair mé féin sa Ghaeltacht agus daoine ag diultú Gaeilge a labhairt liomsa de bhrí gur chuir mo chuid Ghaeilge féin (Gaeilge fhoghlamtha Bhéal Feirste) isteach orthu siúd. Cuireann sé isteach orm bheith ag éisteacht le hAstrálaigh óga ag labhairt Béarla, agus cuireann sé isteach orm bheith ag éisteacht le Denglisch na Gearmáine chomh maith. Ní dheirimse faic leis na cainteoirí áfach, mar ní fúmsa atá caighdeán a ngrammadach nó a stóras focal.

    Is fearr i bhfad go bhfuil daoine ag labhairt Gaeilge. Is minic Albert Fry ina shuí le scata beag (agus iontach beag) fear i gCumann Chluain Ard le fada an lá ag cáineadh agus ag gearán faoi Ghaeilge an lae inniu, ach trasna an bhóthair, tá scaifte mór ag labhairt an Ghaeilge atá acu le chéile sa Chultúrlann.

    D’fhreastal mé ar Scoil Gheimhridh Sydney cúpla uair agus casadh cúpla duine cosúil le hAlbert orm aríst. Ar thug siad riamh aon spreagadh do na daoine a tháinig leis an Ghaeilge a fhoghlaim? Níor thug. D’fhag siad in ísle brí iad.

    Tugadh amach faoi mo chuidse Ghaeilge lochtaí ag an Scoil chomh maith, agus an rud ba shuntasaí faoi ná go bhfuil mise ag tógáil clainne le Gaeilge, agus na ‘cainteoirí dúchaise’ seo, níor labhaiur siad Gaeilge ar bith lena gclanna. Mhínigh siad nach raibh aon chiall leis an teanga a thabhairt do pháiste nach mbeadh in Éirinn, go mbeadh breac-Ghaeilge acu. Níl Gaeilge ar bith acu mar sin.

    Dúirt John Gráinne as Rann na Feirste le scaifte d’fhoghlaimeoirí ó Ollscoil na Ríona uair amháin, agus mé féin ina measc, nach raibh eagla ar bith air roimh bhás na Gaeilge, mar ní thiocfaidh a leithéid. Dúirt sé chmh maith áfach gur seans maith nach dtuigfeadh sé an Ghaeilge a bheas á labhairt amach anseo.

    An cheist faoi aistritheoirí ag aistriú saothair mhóra an Bhéarla in áit stuif a scríobh iad féin. Ní chuireann sé isteach nó amach orm. Ba mhór liom úrscéalta den scoth a léamh as Gaeilge. Is aistritheoir cumasach go leor mise, ach ní dóigh liom go dtiocfadh liom aon litríocht nó filíocht mhaith a scríobh.

    Freagra
  11. Séamas Ó Neachtain

    Rinne mé féin an rogha chun an aimear láithreach a úsáid i m’úrscéal Cogadh Dearg. Bhí Caesar i m’intinn (an aimsear fhoshuiteach a bhí aigesean, sílim). Níl mo chuid Gaeilge foirfe, dar ndóigh, ach níorbh é sin fáth mo roghasa. Ní maith liom an uile dhuine (an uile fhoghlaimeoir, le fírinne) ag rá i gcónaí nach bhfuil Gaeilge fhiúntach ann ach in Ó Cadhain agus Ó Grianna. Tá a gcuid Gaeilge an-deacair agus do-thuigthe go minic. Is féidir Gaeilge níos simplí agus caghdeánach a úsáid chun scéal maith a insint. Tá súil agam go ndearna mé féin sin. Ach ní bheidh daoine áirithe sásta lena leithéid riamh. Mór an trua.

    Freagra

Freagair Seán Mór Cealaigh an freagra