Ná h-ábair é, dein é!

Ní bheadh Cultúrlann ar bith i mBéal Feirste dá bhfanfaí ar dheontóir le h-airgead mór....

Is minic go mbaineann mo shean chomrádaí, Máirtín  O Muilleoir, as an ráiteas ‘Make No Little Plans’ agus é ag tagairt don phlean uaillmhiannach is déanaí uaidh  chun rud éigean ollmhór a dhéanamh.

Agus, i gcónaí, rinne sé beart de réir briathar.   Bhíos féin páirteach san iarracht nuachtán laethúil Ghaeilge a athbheochan – agus d’eirigh linn ar feadh seal.   Níorbh ionann ár bpleannanna – nuachtán neamhspleach dúshlánach téigeartha – agus plean Fhoras na Gaeilge agus, go h-áirithe, baill Shinn Féin ar bhórd na h-institiúide tras teorainn san.  [Nach ait an scéal é gur rabhadh in éadan Éirinn Aontaithe é an institiúid tras teorainn seo, thar aon fhoras tras teorainn eile agus go bhfuil páirt chomh lárnach ag SF ann!]

Ar aon nós, nuair a chuala mé roinnt laethannta ó shin go raibh seoladh Tionscadal 16 beartaithe – ón mbean  uasal atá i mbun Beyond The Pale PR, Éadaoin Ní Mhunghaile – don lá inniu, Luan Cáxca, d’ardaigh mo dhóchas beagáinín.   Plean uaillmhianach é seo.

Ach, tá ‘ach’ anseo.  Ní doigh liom gur cheart nó gur féidir fánacht ar dheontóir éigean a theacht chun tosaigh le €10m chun an togra seo a mhaoiniú.  Nuair a bunaíodh Cultúrlann McAdam  Ó Fiaich ag tús na 90aí, ní raibh aon €10m ann.   Agus dá bhfanfadh bunaitheoirí na Cultúrlainne ar dheontóir le €10m teacht chun tosaigh, gach seans nach mbeadh Cultúrlann ann go fóíll.

Is é an bealach le tosnú ar an togra seo ná é a thosnú.  Aimsigh spás éigean i lár na cathrach agus dein caifé Ghaeilge de, mar a deineadh sa Chultúrlann.  Bíodh sin ina thús.  De réir a chéile a thógfar an chaisleán.

Is cuimhin liom na blianta ó shin, trath go raibh Caifé 3D ag Gael Linn i mBaile Átha Cliath, ná bhfuair sé an tacaiocht a bhí de dhith ó Ghaeil na h-Ard Cathrach chun go dtiocfadh sé slán.   Bhíos ann go minic mé féin agus is mó uair a chuaigh mé isteach ann agus gur thug mé cluas le h-éisteacht do Ghaeil mhóra BhÁC ag spalpadh leo i mBéarla!

Tá an rud sin ann i measc aicme áirithe Ghaeilgeoirí, go dtaithníonn sé leo ar chúis éigean bheith ag labhairt i mBéarla agus iad ag cur an chuma orthu féin go bhfuil siad níos Gaelaí ná an chuid eile againn.

Dá dtosnófaí laithreach le caifé chun tús a chur leis an gcultúrlann seo, bheadh sé chomh maith le €1m sa bhanc.   Ansan amharclann – bíodh drámaí á Ghaeilge ar an ardán i ngach amharclann sa chathair agus na sluaite á chur ó dhoras ó na dramaí Ghaeilge agus ní fada go leireofar an ghá atá leis an Ionad Náisiúnta seo.  Leanfaidh gach rud eile ina dhiaidh sin.

Agus mé á scríobh seo tá an chlár deireannach Nuacht á chraoladh ar an Raidió agus an laithreoir, Caoimhe Ní Laighin, ag tuairisciú faoin ‘dtuairimíocht a bheith ag dul i dtreise go mbeidh Príomh Aire na Breataine, Gordon Brown’  ag fógairt amárach go mbeidh ‘olltoghcháin[sic]’ sa Bhreatain agus i dTuaisceart na hÉireann ag tús mhí Bealtaine.

Ar chúis nach dtuigim, níl Nuacht RTÉ ag tuairisciú tada faoin bplean uaillmhiannach seo ar an fheasachán ag 9.53in.

Ní gá fánacht go dtí 2016 le go mbeidh an Ionad Náisiúnta seo ann.  Níl aon ionad nó foirgneamh ina chultúrlann beo go dtí go dtosnaíonn cainteoirí Ghaeilge ag teacht le cheile in áit amháin ag labhairt i nGaeilge.

Tá mo thacaíocht iomlán ag an dtionscnamh seo.  Ach tá súil agam nach gá fánacht go dtí 2016 le cultúrlann – a la Béal Feirste – a aimsiú i bpríomhchathair na tíre….

6 thuairim ar “Ná h-ábair é, dein é!

  1. instsignpost

    Is dócha go bhfuil an-chuid den ceart agat, A Choncubhair. Níl fhios agam fhéin, agus is as bruach bhaile de chuid na hÁrd Chatrach mé, an ceart “Ionad Náisiúnta Gaeilge” a bheith ann. Dár ndóigh is ceart áit éigin lárnach le poball na Gaeilge i mBaile Átha Cliath bailliú le cheile go sóisialta, amharclann, cáifé agus eile ach ná bíodh sé “náisiúnta.”

    Bhí mé ag éisteach le fógra faoin coirm cheoil éigin a bheith sa Ceoláras “Náisiúnta” le déanaí agus rith sé liom, anse i gcroí lár Ghaeltacht Chonamara, gur bheag seans – ná fonn b’fhéidir – a bheadh ag mo chomharasain, ná agam féin, freastal ar na ceolcoirmeacha sin. Náisiúnta?

    Rud éile a rith liom ná píosa a scríobhadh i 1914 ag Gael uasal Séamus Ó hAodha in nuachtán Árt Uí Ghríofa, “Sinn Féin.” Scríobh sé: “If the Gaelic League made it its business to enable the Gael to live in the Gaeltacht and prosper there, and dropped all its other work, the language would be saved. If the League continues to do everything else but this, the language will be lost.”

    Tá comortas ann anois d’uachtarántacht an Chonartha. An raibh Séamus Ó hAodha ar strae i 1914? An bhfuil muide ar strae in 2010?

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    ” is é an bealach le tosnú ar an tógra seo ná é a thosnú” a deir tú. an simplí agus an cheart ach ar an droch uair is dream daoine sinn go maith linn tabhairt faoi rudaí uailmhianacha. Ní leor ionad Gaeilge a bheith i mBÁC do mhuintir na cathrach ach go gcaithfidh sé a bheith “Náisiúnta”. Tá an ceart ag “instsighnpost”( a leithéid de ainm!!) ach tá muid mar dhream tugtha don mór is fiú. Tá tús curtha leis an tógra seo agus is rud fiúntach é gur fiú tacú leis ach is é an bealach is fearr le cruthú do dhaoine go bhfuil sé riachtanach ná áit a fháil i lár na cathrach agus cuid de na rudaí atá luaite ag Concubhair a chur sa tsiúl ann. Luaitear go minic Cultúrlann Mac Adam/ Ó Fiaich i mBéál Feirste agus daoine ag caint ar an ceist seo ach bíodh a fhios againn nach bhfuil i gCultúrlann MacAdam/Ó Fiaich ach sean Eaglais atá breis agus céad bliain de aois agus nach bhfuil ach ar chíos ag lucht a reachtála agus ba ar £25,000 de dheontas ó dhream poiblí athnuachána Cathrach a tosaíodh í ach cúpla duine dul i mbanna ar an airgead. Tá sé chomh simplí sin ach daoine misiúla a bheith agat. anois cé cuirfidh ruball ar an chat?

    Abhar eile ar fad, tá an rud a dúirt Séamus ó hAodha i 1914 (de reir instsignpost) ana chosúil le rud a dúirt nan foclóirí mór Niall Ó Domhnaill caoga bliain ó shin nuair a dúirt sé ” go raibh mianta uilig mhuintir na hÉireann ar feadh cúpla céád bliain intuigthe in aon fhocal amháin “POBLACHT” agus nach n-éireochadh leis an athbheochán go raibh mianta uilig mhuintir na hÉireann intuighte in aon fhocal amháin “GAELTACHT”. cé déarfadh go raibh sé contráilte?

    Freagra
  3. instsignpost

    Brón orm faoi m’ainm a Shéamuis, tagann sé ó shuíomh mo chuid ghnó nach féidir a athrú ach tré logáil amach nuair a chuirim nóta tráchta ar cinn línte éagsúla. 😉

    Níor chuala mé an rud a deir Niall Ó Domhnaill cheana. Ar ndóigh tá an ceart aige. Tá an Conradh ann “chun an Ghaeilge a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís!”

    Freagra
  4. Maidhc Maol

    Tá súil le Dia agam ná fuil an ceart agam anso, ach ní maith liom an blas atá ar an tionscnamh so.

    Níl ann ach bailiú airgid, agus sin rud ná fuil mórán de ag a lán againn fé láthair! Tá ana-chuid daoine anois ná fuil a bpócaí lán, ach go mbeadh rudaí eile le tairiscint acu. Dá gcuirfí tús beag le rud éigin (mar atá molta anso), b’fhéidir le daoine cabhrú leis ar bhonn deonach, ag obair san áit, ag péinteáil ballaí, ag cur imeachtaí ar bun ann, agus mar sin de. Ach fé mar atá tionscnamh so an lár-ionaid náisiúnta, muna bhfuil airgead le bronnadh agat, níl aon ról duit.

    Fir ghnó, lucht na n-eagraisí Gaeilge agus mar sin de atá páirteach i bhFondúireacht na Gaeilge. An bhfuil aon rud ann dos na gnáth-dhaoine?

    Freagra
  5. dochonradh

    “Fir ghnó, lucht na n-eagraisí Gaeilge agus mar sin de atá páirteach i bhFondúireacht na Gaeilge. An bhfuil aon rud ann dos na gnáth-dhaoine?”
    Conradh na Gaeilge!

    Freagra
  6. Máirtín Ó Muilleoir

    Ní ainmneoidh mé an t-arm ar fhaitíos go bhfuighfinn i dtrioblóid le do léitheoirí, ach is cuimhin liom mana airm a chluinstin: “Má tá níos mó ná 80 faoin chéad den eolas agat sula ngníomhaíonn tú, tá tú ró-mhall”. Is dóigh liom go bhfuil an galar sin ar phlean ar bith nach dtiocfaidh i mbláth go dtí 2016 nuair is féidir tús (lag) a chur le rud eigin an lá atá inniu ann. Bhí mé sa Chultúrlann arís inniu ar Bhóthar na bhFál agus is míorúilt. Áthas orm a rá go raibh Cathaoirleacht Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann Howard Hastings agus príomhfheidhmeannach Tourism Ireland Niall Gibbons ann sular thug siad faoi turas siúlóide le haisteoirí thart ar Iarthar Bhéal Feirste. Is maith a bheith ullmhaithe gan amhras, go háirithe €10m ullmhaithe ach is maith liom fosta an ceann a chula mé fá Mhéara Chicago Richard Daley: “is fearr leis leithscéal a ghabháil (i ndiaidh an cháis glacaim leis) ná cead a iarraidh.” Bail ó Dhia ar an obair.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s