Iarracht níos fearr ó ‘Gaelscéal’

….sa dhara eagrán.  Agus de réir dealraimh tá ‘cuid mhór den cháineadh cothrom’ agus go mbeidh muintir ‘Gaelscéal’  “ag foghlaim as sin”.   Is é sin a dúirt an Eagarthóir, Ciarán Dunbar, ina dhara imlitir.

Ní dócha go raibh sé ag tagairt den léirmheas a rinne iGaeilge ar ‘Gaelscéal’ nó ní raibh oiread is tagairt amháin ar an mblag seo sa mhír ‘Ar na mBlaganna’  [Seo mír ina ghoideann nuachtáin clóite míreanna ó bhlaganna le spás a líonadh ….’más maith leat a thuilleamh [sic] a léamh, gabh chuig Gaelscéal.’   Níl tagairt ann do bhua iGaeilge ag Gradaim na mBlaganna ar an Satharn, cé go raibh mír ‘Ar na mBlaganna’ dírithe ar an mhór ocáid seo go h-iomlán i gcéad eagrán Gaelscéal.  Tá súil agam nach bhfuil cantal ar Ghaelscéal, mar a bheadh ar pháiste a fuair ide béil,  de bharr go raibh an cáineadh in iGaeilge níos géire ná mar a raibh siad ag súil.

Cé go bhfuil deireadh leis an athínsint follasach ar scéalta i nuachtáin ar nós an Irish Times, mar a luaigh mé an tseachtain seo chaite, tá go leor scéalta ann agus nach bhfuil a fhios agam cé acu an bhfuil siad sean nó nua.   An priomh scéal mar shampla, faoin aighneas idir ceardchumainn na múinteoirí, cén fath go bhfuil sé tabhachtach?   Glacann sé dhá nó trí paragraf go ndeirtear linn más amhlaidh nach n-aontaíonn ceardchumann amháin leis an moladh faoi phá na seirbhíse phoiblí a aontaíodh níos túisce an tseachtain seo, go dtitfidh an chomhaontú as a cheile.   An dtitfidh go deimhin?      Ceisteanna don eagarthóir iad seo.

Beidh feabhas ag teacht ar Ghaelscéal de réir a chéile, gealltar dúinn.  Gan amhras.   Níl einne ag súíl le miorúiltí – cé gur dheas an rud é caighdeán áírithe a bhaint amach.  Easpa taithí agus tuisceana ar an gcúram na deacrachtaí is mó atá ag cur as don bhfiontar faoi láthair.   Tiocfaidh taithí agus tuiscint – ach cén fath gur ghá do dhaoine fánacht.    Is cinnte go bhfuil an dearadh go maith – agus go bhfuil éagsúlacht scéalta agus altanna ann.  Ach níl rud ar bith ‘nua’ ann.

Ní chuirimse an locht ar an bpáiste ach ar na tuismitheoirí, Foras na Gaeilge sa chás seo.   B’iad an Fhoras a roghnaigh Gaelscéal gí go raibh roghanna eile acu, roghanna le níos mó taithí ar ghnó na h-iriseoireachta agus na meáin chlóite Ghaeilge.   Roghnaigh an Fhoras ‘Gaelscéal’ ar chúiseanna nach bhfuil iomlán soiléir go fóill agus tá an rogha seo faoi chaibidil i gcás dlí san Ard Chúirt a éisteofar i gceann coicíse.    Roghnaigh siad iarratas ná raibh eagarthóir luaite leis nó polasaí eagarthóíreachta ráite ós árd ag na tionscnóirí, seachas ‘ag cothú phobal na Gaeilge’.   Níl a fhios agam cad é an plé a bhí faoi ‘iriseoirí’ v ‘solathróirí abhair’  nuair a bhí Toradh na dTonn faoi agallamh ag an bhForas ach tá’s agam gur ceistíodh sinne faoi ‘pholasaí eagarthóireachta’, faoi cur chuige an eagarthóra, faoi caillíochtaí na n-iriseoirí a bheadh ar bórd is go leor eile le linn ár n-agallamh. Bhí dréacht choip den nuachtán, Nuacht 7, le cur ós comhair an bhoird agallaimh againn. An raibh dréacht choip ag Gaelscéal ós comhair an Fhorais?  Agus bhí Nuacht 7 slachtmhar agus snásta – fiú is ná raibh ach cúpla seachtain oibre caite leis – agus bheadh sé chomh dea dheartha is atá Gaelscéal gan aon cheist.    De bharr go raibh ceangal ag Nuacht 7 le comhlacht dáíleacháín an Irish Examiner, ní bheadh na fadhbanna dáíleacháín céanna againn nó an easpa margaíochta – bheadh fograí rialta i ngach ceann de na nuachtáín atá sa ghrúpa sin, timpeall ar scór ar fuaid na tíre, le cinntiú go mbeadh daoine ar an eolas faoin nuachtán.  Chomh fada agus go bhfeictear domsa, is beag eolas atá ag daoine ar ‘Gaelscéal’, taobh amuigh de sciar áirithe de phobal na Gaeilge.   Is cinnte nár thug mé feachtas margaíochta nó poiblíochta an nuachtáín faoi ndeara, taobh amuigh de lá an seolta agus cúpla físeán fánach ar an idirlíon.

Ní thuigim go fóíll conas mar a bhuaigh Toradh na dTonn an chonradh seo, bunaithe ar an méid a dúirt siad go poiblí i ndiaidh an chinnidh bheith déanta agus an méid a tharla le linn an phroisis roghnacháin.  An é go raibh a n-iarratas chomh láidir sin – nó an é go raibh laige ag baint le nár n-iarratas [an Gael scríobach seo bheith páírteach ann, mar shampla?]  nó iarratas leithéidí Cló Ceart [cén feall a rinne dream sean Foinse ar an bhForas?]

Beidh an chás atá á throid ag lucht Cló Ceart spéisiúil.

Tá tuairim éagsúil eile á nochtadh ag Seán Mór ar a bhlag faoi Gaelscéal.  Níl an léargas céanna aige is atá agam ach tá dealramh leis an méid atá le rá aige.  Mura n-éistfear liomsa, más ‘neamh dhuine’ mé anois i súile Gaelscéal ós rud é gur nocht mé mo thuairim, b’fhéidir go n-éistfear leis?

11 de thuairimí ar “Iarracht níos fearr ó ‘Gaelscéal’

  1. séamus Mac Seáin

    tá rud amháin cinnte a Choncubhair ní tú “blás na míosa” ag bunaíocht na Gaeilge nó ní hé amháin go bhfuil imeallú déanta ag Gaelscéal ar igaeilge má’s fíor duit ach tá na Poblachtóirí ‘do imeallú chomh maith.Tá alt ag Eoghain Mac Cormac ar Phoblacht na seachtaine seo ina a luann sé cúpla rud a hardaíodh go sonrach ar igaeilge mar gheall ar Gaelscéal ach is “blag amháin” a thug sé ar igaeilge seachas an tainm a lua. Is sean chleas é sin (agus páistiúl dar liom) ag iriseoirí a shéanann poiblíocht ar an rud nach dtáitníonn leo. B’fhéidir gur cheart duit “blag amháin” a bhaisteadh ar igaeilge feasta go díreach mar a thugann Gerry Adams ” “this blog” air féin ina bhlag “léargas”. Beidh cuimhne ag leitheoirí igaeilge ar Eoghain Mac Cormac mar an leas chathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge a d’fhógraigh go poiblí, am druidte Lá Nua, agus a chuir focal i gcluais Nelson Mac Causland ó thuaidh san am chéanna nach raibh pobal léitheoireachta ann do pháipéar Gaeilge. is féidir mar sin gur maith an rud nár luaigh sé igaeilge! Dala an sceil ní bheidh An Phoblacht ag teacht amach ach uair sa mhí feasta cé go ndeireann siad gur dul chun tosaigh é sin sin. Cad é faoi theacht amach uair sa bhliain ? nach dul chun tosaigh níos fearr arís a bheadh ansin?

    Freagra
  2. Ciarán

    Caithfidh mé a admháil gur chuir an píosa sin ó na blaganna isteach orm. De réir an tsampla a soláthraíodh, bhí fadhb ag cuid daoine teacht ar an nuachtán, ach mhol achan duine eile go hard na spéire é. Ní raibh focal criticiúil amháin le feiceáil.

    B’fhéidir go bhfuil mé ag dúil leis an iomarca má shílim go bhfuil siad dul iad féin a cháineadh (rud a chuireann éadóchas orm faoi leathanach na litreach amach anseo) ach mheas mé go raibh sé fós i bhfad ró-luath dóibh bheith á moladh féin mar a rinne siad leis an mhír úd.

    Freagra
  3. Eoghan

    Trevor, nach tú atá trom ar an nuachtán úr…ta an cuma air go bhfuil cuid mhór ‘sour grapes’ i gceist….agus ó thaobh cursai daileadh leis an Irish Examiner…ní thagann an Examiner fhad le Gaeltacht Dhún na nGall agus san chas sin ni bheadh Gaelsceal againn ach an oiread…

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Eoghan – caithfidh go bhfuil tú ar an mblag mí cheart. Ní mise ‘Trevor’!

    Maidir le do chaint ar ‘sour grapes’ – tá a fhios agam go bhféadfaí sin a chur im leith ach ag an am chéanna nílim ach ag iarraidh mo bharúil a chur in iúl. Creidim go bhfuil lochtanna ar Gaelscéal agus tá súil agam, ar mhaith leis an nuachtán, go gceartóidh siad na laigí sin agus go mbeidh nuachtán – seachas foilseachán ina bhfuil, mar chomhtharlúint, scéalta i nGaeilge (ní dhéarfaidh mé ‘nuacht’) – ag pobal na Gaeilge.

    Ní mise amháin a chaill dála an scéil nuair a roghnaíodh iarratas ‘Torann na dTonn” ach go leor grúpaí eile a chur isteach ar an gcomórtas céanna agus a bheidh ag iarraidh a fháíl amach cén fath ar roghnaíodh ‘Gaelscéal’ thar na h-iarratais eile ar fad.

    Maidir leis an Examiner, ní doigh liom gur ghá duit bheith buartha ach go mbeadh an nuachtán a bheadh á dháileadh againn ar fáíl i dTír Chonaill agus in áíteanna eile nach bhfuil Gaelscéal ar fáíl ann go fóíll ón gcéad lá. Is é an rud leis an Examiner ná go mbeadh leas thaithí an ghrupa le fáíl againn. Is cinnte gur fearr nuachtán náisiúnta ar nós an Examiner ar do chúl, seachas nuachtán áítiúíl ar nós an Connacht Tribune.

    Maidir leis an méid a dúirt Eoghan Mac Cormaic san alt sin, is féidir an méid seo a rá, Cheapfá go raibh sé ag maíomh gurb é seo an plean i rith an ama – go dtiocfadh Foinse amach leis an Indo gan airgead an Fhorais agus go mbeadh Gaelscéal san iomaíocht leis don ghannchuid fógraí stáit. Tá súíl agam nach gcreideann Eoghan a chuid bolscaireachta féin – cé go bhfuilim den bharúil gurb é bolscaireacht an teanga atá i réim i measc SF/Foras na Gaeilge anois.

    Ceapann Eoghan gur comhartha líon cáirde Facebook atá ag Gaelscéal ar dea fheachtas margaíochta. Mo léan lom. Ní gá gur ionann an méid cara Facebook agus an méid coip a dhíolann nuachtán, ach an oiread. Ach déarfaidh mé an méid seo, ní thabharfadh 984 cara facebook díolachán ró mhór duit fiú má bhi gach cara ag ceannach an nuachtáin. Más buan mo chuimhne b’é an maíomh a bhí ag Ferdie Mac an Fhailigh nuair a chin an Fhoras gan maoiniú Lá Nua a athnuachan nach leor 1,000 coip in aghaidh an lae chun an nuachtán a choimead sa tsíúl. Bhí díolachán Lá i gcónaí níós mó ná 1,500 agus ar an lá ab fhearr bhí 4,404 coip in aghaidh á dhíol. Cad a deir Ferdie Mac an Fháilí anois faoi níos lú ná 1,000 coip in aghaidh na seachtaine.

    Freagra
    1. Eoghan

      Buartha a mhac go dtug me Trevor ort…bhi me ar an fon ag an am le duine d’arbh ainm Trevor agus me ag scriobh.
      Ar a laghad tabhair cupla seachtain do Gaelsceal sula gcuireann tu chun bais iad.

      Freagra
  5. An Dubhaltach

    “Ní dócha go raibh sé ag tagairt den léirmheas a rinne iGaeilge ar ‘Gaelscéal’ nó ní raibh oiread is tagairt amháin ar an mblag seo sa mhír ‘Ar na mBlaganna’”

    B’fhéidir go bhfuil siabhrán mórgachta ag teacht ort a Chon!

    Níl agat anseo ach blag a mhac… agus ceapann tú gur chóir d’fhoireann Ghaelscéal a bheith ag sodar i ndiaidh do thuairimí?

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Ní slabhra órga atá á lorg agam – ach cheapas go mbeadh suim ag a léitheoirí cé a bhuaigh an chomórtas ar thagair an nuachtán do an seachtain roimis sa cholún céanna. Agus anuas ar sin, ós rud é go raibh siad ag trácht ar thuairimí faoi Ghaelscéal agus gur cheap leithéidí An Ghlór Anoir (RTE RnaG) agus fiú Páidí Ó Lionaird féin go raibh an ‘cáíneadh’ a bhí déanta agam úsáideach, cheapas b’fhéidir gurb fhiú mír é ina gcolún faoi na blaganna. Ach is dócha go raibh an oiread sin spáis tugtha acu dod thuairimí féin chun mo bharúlacha a chur san áireamh!

    Maidir le foireann Gaelscéal bheith ag sodar i ndiaidh mo thuairimí, bhuel bhí scéal amháin sa chéad eagrán bunaithe ar rud éigean a mholas – go n-iarrfaí ar Trevor Sargent é féin a chur chun tosaigh don Uachtarántacht agus, sa dara eagrán, bhí an cuma ar an eagarfhocal faoi Chonradh na Gaeilge gur ar an méid a bhí scríte faoin Chonradh ar iGaeilge a raibh sé bunaithe!

    Agus, dála an scéil, is é ‘a mhic’ seachas ‘a mhac’ an úsáid cheart den tuisceal gairmeach. Os rud é nach bhfuil aon ghaol agat liom, is féidir leat Concubhar a thabhairt orm 😉

    Cuma slachtmhar ar do bhlag féin na laethannta seo. Go n-eirí leat….

    Freagra
  7. An Dubhaltach

    a Choncubhair! a mhac! Rinne mé dearmad comhghairdeas a rá as an bhua. Maith thú, bhí sé tuillte go maith.

    “bhí scéal amháin sa chéad eagrán bunaithe ar rud éigean a mholas – go n-iarrfaí ar Trevor Sargent”

    Tá Trevor á mholadh don phost sin le fada an lá. Ní do mholadh féin atá ann!

    Cad a tharla don bhlagmhír seo thíos a chuir tú suas?

    “Gaelscéal – spriocam idirlín caillte
    from iGaeilge by igaeilge

    Gan é ach dhá eagrán d’aois, tá an chéad sprioc am shuntasach ligthe thairis ag Gaelscéal. De réir an Chonradh leis an bhForas tá ar an nuachtán leagan digiteach a chur ar fáil dhá lá tar éis an fhoilseachán chló.

    Ach níl aon rian den eagrán nua ar an suíomh go fóill agus seo an Mháirt, ceithre lá tar éis an fhoilseachán chló! An dtabharfaidh Foras na Gaeilge faoi ndeara? An bhfuil einne san Fhoras múscailte?”

    An bhfuil aon ghá leis an chineál cáinte seo dar leat?

    Freagra
  8. Concubhar O Liathain

    Mar a tharlaíonn sé is mise a bhunaigh an leathnach Facebook, ar a raibh an scéal sin bunaithe.

    Bhaineas anuas an mhír sin mar gheall ar an rud a deir tú. Níl gá leis. Ag an am chéanna, tá sé tugtha faoi ndeara agat agus mar sin tá an bobailín sin amuigh san aer.

    An t-aon rud amháin a dhéarfainn go raibh Foras na Gaeilge ana dhian ar Lá Nua nuair a chreid siad go rabhmar ag sárú an chonradh faoina bhfuaireamar an deontas. Níl a fhios agam an mbeidh siad dian mar an gcéanna ar Gaelscéal. Anuas ar sin, sa chúlra, tá cás cúirte ag titim amach…..

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s