Maorláthas ar Mire na gCoimisinéirí Ioncaim

Ar maidin inniu a seoladh Tuarascáil Oifigiúil an Choimisinéara Teanga don bhliain seo chaite.   Tá sé le léamh anseo.    Tá a fhios ag daoine nach mise an ‘leantóir’ is dílsí ag An Choimisinéir Teanga agus go bhfuil mé ag cur ceisteanna le tamall faoi fhiúntas na h-oifige – seachas fiúntas an fhir – atá isteach is amach le €1m á chaitheamh aige in aghaidh na bliana.

Seod luachmhar é seo – cé nach dtabharfainn €1m – faoin gcleachtas a bhíodh ag na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le preas ráitis a éisiúint i nGaeilge.  De réir na scéime teanga a bhí aontaithe idir iad agus an Choimisinéir agus dearbhaithe ag an Aire, bhí ar na Coimisinéirí Ioncaim 20% dá gcuid preas raitis a éisiúint i nGaeilge.

Ní fhaca mise riamh preas raiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim le linn dom bheith ag Lá Nua – glacaim leis nár thuig siad go raibh aon suim ag leitheoirí an nuachtáin i nithe chomh suarach le cáin is a leithéid.

Bíodh sin mar atá, b’é an cleachtas a bhí ag na Coimisinéirí na preas raitis a éisiúint i mBéarla ar dtúis, de réir mar a bhí gá leo, nuair a bhí  agus ansan NAOI MÍ ina dhiaidh sin nó mar sin, rithfeadh sé leo go gcaithfidís na leaganacha Ghaeilge a éisiúint agus roghnóidís 20% den líon iomlán a foilsíodh roimhe sin agus chuirfí iad go h-aistritheoir le h-aistriú agus ansan d’éiseofaí iad go ciúin ar an suíomh idirlín.

Anois ni cur amú airgid go dtí é.   Agus seo á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim.   Le bheith cothrom leis an gCoimisinéir, dúirt  sé an méid seo go lom, bhuel chomh lom is a dheirfeadh aon stat sheirbhíseach aon focal cháínteach i leith na gCoimisinéirí Ioncaim.

Cad is fiú preas ráiteas naoi mhí i ndiaidh an scéil a bheith te bruite?  Cad is fiú 20% de phreas raitis a éisiúint i nGaeilge agus 80% a fhágáil gan aistriú?   An cur amú airgid an rud a fad?  Sin iad na ceisteanna a chuirimse agus mé ag léamh an scéil seo. Sin é an cur chuige cheimnitheach atá á úsáíd,nach ea?  An fiú an tairbhe an trioblóid?  An bhfuil aon iriseoir Ghaeilge a d’fhan ar an leagan Ghaeilge de phreas raiteas sara rinne sé scéaal bunaithe ar an eolas a bhí ar fáil na míonna roimh ré i mBéarla?

Molaim An Choimisinéir Teanga as an méid thuas agus tuilleadh a thabhairt chun solais ach is mór m’eagla go léiríonn an scéal seo gur Cultúr an Mhaorláithis ar Mire atá á bheathú anseo seachas aon fhíor chosaint do chearta teanga lucht na Gaeilge….

Ritheann sé liom go mbeadh an cleachtas seo stoptha fadó dá mba rud é go raibh an eolas seo faighte ag an tUassl O Cuirreáin agus é ag obair mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta (sea iriseoir, seachas ‘solathróir abhair’)  agus an scéal seo tugtha chun solais aige ar Adhmhaidin!

Mar a tharlaíonn sé, thug mé cuairt ar shuíomh na gCoimisinéirí Ioncaim inniu agus maith go leor bhí leaganacha Ghaeilge den dhá phreas ráiteas is déanaí a éisíodh ar an bpríomh leathnach Ghaeilge.  Ach nuair a chuaigh tú sa tóir ar bhreis nuachta – tugadh tú chuig na preasráitis i mBéarla arís.   Léargas eile ar an ndearcadh cúramach atá ag an mhaorláthas ar an tabhacht atá leis an Ghaeilge agus iad i mbun a gcuid dualgaisí.  Tá an tsoiniceas i mbarr a réim.

Aon tuairim amháin ar “Maorláthas ar Mire na gCoimisinéirí Ioncaim

  1. deirdre

    I mo thuairimse, is é an Coimisinéir teanga an t-aon rud fiúntach a rinne an Cuíveach ó thaobh na Gaeilge de agus é ina Aire Gaeltachta, agus an rud is fiúntaí faoin Acht Teanga, acht nach fiú mórán níos mó na páipéar leithris don chuid is mó.
    Ina dhiaidh sin is uile, tá laincisí móra air agus é i mbun oibre, mar tá an méid sin rudaí nach féidir leis déanamh – agus le seisear d’fhoireann aige, ní féidir mórán fiosraithe a dhéanamh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s